Aisteoirí Ghaoth Dobhair ag tabhairt faoi Chogadh na Saoirse i léiriú nua

‘Léirítear sa dráma seo cá ndeachthas i ndiaidh eachtraí 1916,” a deir an craoltóir Áine Ní Bhreisleáin atá ar dhuine de chliar Le Bánú an Lae le Tomás ’ac Giolla Bhrighde

Le Bánú an Lae

Cuirfidh Aisteoirí Ghaoth Dobhair dráma faoi Chogadh na Saoirse agus an mórchlaochlú polaitíochta agus sóisialta a thit amach sa tír le linn an chogaidh sin ar an stáitse an deireadh seachtaine seo.

Le Bánú an Lae is teideal don dráma ó pheann drámadóra as an áit, Tomás ’ac Giolla Bhrighde.

Tabharfar léargas sa dráma ar an tionchar a bhí ag Parnell, Éirí Amach na Cásca agus an Cogadh Mór ar Éirinn agus ar mhuintir na hÉireann.

Is tiarna talún Angla-Éireannach é Robert Munro a gcuirtear iachall air aghaidh a thabhairt ar réaltacht chruálach an Chogaidh nuair a thagann cuairteoir gan choinne gan fáilte thar a dhoras isteach.

Is é Eoghan Mac Giolla Brighde, mac an drámadóra, atá ina stiúrthóir ar an léiriú seo agus 11 aisteoir faoina stiúir aige. Ar dhuine de na haisteoirí sin tá Áine Ní Bhreisleáin, clár-reachtaire le RTÉ RnaG sna Doirí Beaga. Tá páirt bhean Munro á glacadh ag Ní Bhreisleáin agus labhair sí le Tuairisc.ie faoin dráma.

“Is faoi na tiarnaí talún, an IRA agus an gnáthphobal an dráma, agus é lonnaithe sa bhliain 1920 nuair a bhí an chogaíocht ar fud na tíre. Titeann imeachtaí an dráma amach thar oíche agus lá amháin, áit éigin i gContae Dhún na nGall. Tiarna talún é Munro, ach duine de lucht tacaíochta Parnell atá ann freisin, mar sin tá tarraingt spéisiúil idir an dá chultúr ag cur as dó.

“B’fhéidir go gceapfar gur rogha aisteach é an dráma seo i bhfianaise go bhfuil an tír uilig ag ceiliúradh Éirí Amach na Cásca agus is faoi Chogadh na Saoirse an ceann seo ach spreag an tÉirí Amach na daoine a ghlac páirt sa chogadh ina dhiaidh agus léirítear sa dráma seo cá ndeachthas i ndiaidh eachtraí 1916,” a dúirt Ní Bhreisleáin.

Scríobhadh Le Bánú an Lae sa bhliain 1964 agus níor léirigh aisteoirí Ghaoth Dobhair, atá thar a bheith gníomhach le blianta beaga anuas, é ó bhí 1974 ann. Cailleadh údar an dráma Tomás ’ac Giolla Bhrighde trí bliana déag ó shin.

Dúirt Ní Bhreisleáin gur fheil an dráma don chomplacht i mbliana mar gheall ar na téamaí a phléitear ann agus gur bealach é le hómós a thabhairt do dhuine de dhrámadóirí agus aisteoirí an cheantair.

“Táimid á chleachtadh anois le dhá mhí, tá seit breá tógtha agus is air sin atáimid ag cleachtadh anois. Tá cuid mhór oibre curtha isteach sa seit, agus macasamhail seomraí tí mhóir cruthaithe againn don stáitse. Tá go leor taithí ag na haisteoirí, cuid acu a bhíonn nó a bhí ag aisteoireacht ar Ros na Rún agus ar chláracha eile de chuid TG4, agus iad breá oilte ina gceird. Chabhraigh siad go mór leis na haisteoirí eile fosta.

“Tá an cleachtadh ar bun gach lá sa tseachtain le tamall anuas. Níl aon teas lárnach san áit a bhfuil muid faoi láthair, mar sin tá an cleachtadh uile á dhéanamh againn i gcótaí móra! Táimid ag dúil go mór lena chur ar stáitse anois,” a dúirt sí.

– Bheidh Le Bánú an Lae ar siúl i gClubtheach CLG Ghaoth Dobhair Dé Sathairn, an 30 Aibreán, agus Dé Domhnaigh, an 1 Bealtaine ag a 8 a chlog tráthnóna

Fág freagra ar 'Aisteoirí Ghaoth Dobhair ag tabhairt faoi Chogadh na Saoirse i léiriú nua'