Aisteoirí Bulfin ag ceiliúradh 50 bliain a bhunaithe ach drámaíocht na Gaeilge ‘in áit na leathphingine’

Déanfar ceiliúradh amárach ar 50 bliain d’Aisteoirí Bulfin. Deir duine de bhunaitheoirí an chomplachta go bhfuil siad ag dul ‘ó neart go neart’ ach nach bhfuil ‘faic’ á dhéanamh ag an Stát do dhrámaíocht na Gaeilge

Aisteoirí Bulfin ag ceiliúradh 50 bliain a bhunaithe ach drámaíocht na Gaeilge ‘in áit na leathphingine’

Déanfaidh an complacht aisteoireachta iomráiteach Aisteoirí Bulfin leathchéad bliain a bhunaithe a cheiliúradh i mBaile Átha Cliath an deireadh seachtaine seo. Léireoidh aisteoirí an chomplachta radhairc as sé cinn de na drámaí is mó rath a chuir siad ar stáitse le 50 bliain anuas ar ardán an Axis i mBaile Munna oíche Dé Sathairn.

Bunaíodh Aisteoirí Bulfin i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1967. Bhí an Cláiríneach Mícheál Ó Gruagáin, a d’aistrigh go dtí an ardchathair nuair a bhí sé sna fichidí, ar dhuine de bhaill bhunaithe an chomplachta agus bíonn sé ag aisteoireacht i gcónaí.

Dúirt sé le Tuairisc.ie go bhfuil sé “an-sásta” leis an bhfás a tháinig ar Aisteoirí Bulfin le 50 bliain anuas ach gur “mór an trua” go bhfuil drámaíocht na Gaeilge fágtha in áit na leathphingine ag an Stát.

“Tháinig fás ar an gcomplacht ar gach aon slí, ach is mór an trua go bhfágtar faoi Aisteoirí Bulfin ualach na drámaíochta Gaeilge. Níl an Stát ag déanamh faic.

“Ba cheart go mbeadh airgead á chur ar fáil do dhrámaíocht na Gaeilge, rud a bhí i gceist i dtús aimsire ach nach bhfuil á dhéanamh anois ar chor ar bith. Tá neamhaird tugtha ar scríbhneoirí agus ar dhrámadóirí na Gaeilge,” a dúirt sé.

Dúirt Ó Gruagáin go mbraitheann sé “duairc” faoina bhfuil i ndán do dhrámaíocht na Gaeilge ach go bhfuil sé sásta go bhfuil Aisteoirí Bulfin ag dul ó neart go neart. Dúirt sé go bhfuil feabhas mór tagtha ar an drámaíocht ar an teilifís agus go bhfuil féidearthachtaí nua ann ar na meáin shóisialta an drámaíocht Ghaeilge a chur chun cinn.

“Tá an complacht láidir, buíochas le Dia, agus tá Aodh Ó Domhnaill agus Pádraig Ó Giollagáin agus a leithéidí tar éis go leor scripteanna a scríobh dúinn. Bheadh imní orm faoi na scríbhneoirí atá le teacht — níl mórán díobh ann faoi láthair,” a dúirt sé.

Dúirt sé go bhfuil roinnt drámadóirí le Gaeilge ann nach bhfuil ag scríobh i nGaeilge níos mó mar gheall ar an easpa tacaíochta atá ann do dhrámaíocht Ghaeilge san amharclann náisiúnta agus ag leibhéal an Stáit.

Ba iad Aisteoirí Bulfin an t-aon chomplacht amharclannaíochta i mBaile Átha Cliath ag bhí ag léiriú drámaí agus ceoldrámaí i nGaeilge ar feadh blianta fada. Tá roinnt complachtaí beaga eile i mBaile Átha Cliath anois a dhéanann amhlaidh.

Dúirt Ó Gruagáin le Tuairisc.ie gur “cuimhin leis go maith” an chéad lá a bunaíodh an complacht.

“Bhí cúpla duine againn díreach tagtha go Baile Átha Cliath ó Choláiste na hOllscoile, Gaillimh, agus bhí triúr nó ceathrar ag cur fúinn i Ráth Maonais. Chuamar isteach i gcraobh áitiúil de Chonradh na Gaeilge agus tháinig Seán Ó Briain isteach agus d’iarr orainn dráma a léiriú.

“D’iarr sé orainn arís agus arís eile agus ar deireadh chuireamar Chun na Farraige Síos ar an stáitse. Is dóigh liom gurbh é The Countess Caitlín an dara dráma a rinneamar, agus d’fhás Aisteoirí Bulfin as sin,” a dúirt sé.

Dúirt Ó Gruagáin gur “mhór an cúnamh” a bhí ann i gcónaí go raibh muintir na Gaeltachta páirteach sa chomplacht agus gur chuir saibhreas teanga na n-aisteoirí sin leis na léirithe uilig. Is iad Mícheál Ó Gruagáin agus Tadhg Ó Conchubhair an t-aon bheirt a bhí ann nuair a bunaíodh an complacht atá fós leo sa lá atá inniu ann.

Tá drámaí léirithe ag Aisteoirí Bulfin in amharclann an Damer i mBaile Átha Cliath agus ar fud na tíre le leathchéad bliain anuas, an Axis ina measc.

Cuirfear tús leis an gceiliúradh ag 7.30pm in amharclann an Axis agus leanfar leis an scléip i dteach tábhairne i mBaile Átha Cliath. Beidh ticéid ar fáil ag an doras ag an amharclann agus tá fáilte roimh an lucht féachana agus “cairde uile an chomplachta” sa teach tábhairne ina dhiaidh.

Fág freagra ar 'Aisteoirí Bulfin ag ceiliúradh 50 bliain a bhunaithe ach drámaíocht na Gaeilge ‘in áit na leathphingine’'

  • Seán Ó Ceallaigh

    Ó cuireadh deireadh le deontas An Fhorais don gComhlachas Náisiúnta Dramaíochta níl aon chabhair ar fáil do na complachtaí amaitéaracha ar fud na tíre. Caithfear sin a chur ina cheart!

  • Seán

    Nach raibh Ó Gruagáin ina Phríomhfheidhmeannach ar an bhForas céanna ?