Aistear suimiúil ag Ó Snodaigh ar bhóthar Buck ach meascán mearaí i Westworld

LÉIRMHEAS TEILIFÍSE: Beidh sé spéisiúil conas mar a éireoidh le Rossa Ó Snodaigh a cheann scríbe a bhaint amach ar ‘Bóthar Buck’ ar TG4 ach n’fheadar an mbeifear in ann dhá sheánra a chniotáil le chéile ar ‘Westworld’ HBO

Aistear suimiúil ag Ó Snodaigh ar bhóthar Buck ach meascán mearaí i Westworld

Feisire Parlaiminte, cearrbhach agus leábharaic ab ea Buck Whaley a chuir geall leis an Tiarna Laighean in 1788 go bhféadfadh sé an bheart a dhéanamh go Iarúsailéim agus ar ais laistigh de dhá bhliain. Sa tsraith Bóthar Buck (TG4, Déardaoin) tugann Rossa Ó Snodaigh ón ngrúpa Kíla faoi lorg Buck a leanúint. Tá an Bleá Cliathach chun iarracht  a dhéanamh an turas céanna a dhéanamh laistigh de thrí seachtaine.

I dtosach an chláir fuaireamar léargas ar chúlra Buck agus ina dhiaidh sin d’ardaigh Rossa a sheolta agus leabhar Buck faoina ascaill aige. An bád bán ar dtús, ansin an traein go Londain, Páras, Barceolona, Madrid agus Carraig Giobráltar mar cheann scríbe do chlár 1.

Láithreoir caithiseach é Rossa agus dhein sé saol agus aistear Buck a shníomh lena aistear féin. Ba é Giobráltar an chuid ba shuimiúla den turas. B’ait liom riamh an áit aduain seo agus chuir Rossa é féin suim ann cé go raibh air ‘guaim a choinneáil’ ar a mhianach Poblachtánach fad is a bhí Gobharnóir na Carraige ag cur de faoi cé chomh Briotanach is atá an ceantar. 

Cúig bliana tar éis Léigear Giobráltar a thug Buck cuairt ar an áit agus tugadh éachtaint dúinn ar stair na coimhlinte. Fuarthas ana-bhlas ar na toisí staire agus an scéilín faoi Bhuck. I bhfianaise na corraíola i dtuaisceart na hAfraice, beidh sé spéisiúil conas mar a éireoidh le Rossa a cheann scríbe a bhaint amach.

Aon uair go mbíonn an táirge is déanaí ó HBO ar na bacáin tosaítear ag rith le brothall. Ní haon iontas sin nó gur ón gceárta seo a tháinig cuid de na saothair is fearr a craoladh ar an scáileán beag riamh: The Sopranos, The Wire, Sex and the City agus anois an t-arrachtach é féin Game of Thrones.

Cé go bhféadfaí a mhaíomh go bhfuil Netflix ag baint na sála de ar na saolta seo, ’sé an saoiste i gcónaí é. Óir go mbeidh GOT ag teacht chun críche in 2018 tá neameabhair orthu is iad ag iarraidh teacht ar chomharba. Ní haon iontas mar sin go bhfuil cuma an airgid ar Westworld (Sky Atlantic, Dé Máírt) leis na piardaí móra Anthony Hopkins agus Ed Harris earcaithe ar chostas a mheastar a bheith $125,000 in aghaidh an chláir. Taobh leo tá leithéidí Evan Rachel Woold, James Marsden, Thandie Newton, Jeffrey Wright agus Rodrigo Santoro. Ní meitheal na réaltaí go dtí é.

Ina theannta sin, tá seánraí an iarthair fhiáin (lena thírdhreach chuidsúlach) fite fuaite leis an bhficsean eolaíochta (lena dhríodar cainte).

Coincheap na sraithe ná páirc shiamsaíochta den iarthar fiáin ina bhfuil róbait a bhfuil cuma an duine orthu, agus a cheapann gur daoine iad. Tagann daoine gustalacha le dul siar bóithrín na staire, daoine a lámhach agus craiceann a bhualadh le róbait. Is ait an mac an saol seo. ‘Holodeck’ Star Trek measctha le Total Recall agus le smut den Matrix caite isteach ann.

Meascán mearaí má bhí a leithéid riamh ann.

Cuireadh tús taitneamhach leis an tsraith cé nach bhfuil aon dul go bhféadfaí é a chur i gcomparáid le GOT nó na saothair thuas. É snasta, ach easnamhach.

Tá sé róshaothraithe, é rite amach ón gcairt ábhairín agus ní dóigh liom go mbeifear in ann an dá sheánra a chniotáil le chéile go sásúil.

Fág freagra ar 'Aistear suimiúil ag Ó Snodaigh ar bhóthar Buck ach meascán mearaí i Westworld'