Aiséirí ó mhairbh déanta ag 7 Lá, ach do cheithre oíche amháin

Beidh '7 Lá' á chraoladh uair sa mhí as seo go deireadh na bliana chun an bhearna ó thaobh cúrsaí reatha ar TG4 a líonadh nó go gcuirfear tús le clár nua sa bhliain úr

Aiséirí ó mhairbh déanta ag 7 Lá, ach do cheithre oíche amháin

Ta athbheochan le déanamh ar an gclár cúrsaí reatha 7 Lá ar TG4, ar tuairiscíodh deireadh a bheith curtha leis níos luaithe i mbliana, ach ní bheidh ann ach ceithre eagrán eile, a chraolfar, uair sa mhí, idir seo agus deireadh na bliana.

Bhí 7 Lá i measc na gclár ar tuairiscíodh go raibh deireadh le cur leo níos túisce i mbliana, mar chuid de straitéis úr ceannaire nua an stáisiúin, Alan Esslemont. Is cosúil anois, áfach, go bhfuil speach fós sa chlár atá á chur chun bóthair don cheithre dheireanacha, ag tosú i mBéal Feirste an tseachtain seo chugainn. Pléifidh an clár sin, a chuirfidh Páidí Ó Lionáird i láthair mar is gnáth, le ceist an Achta Gaeilge agus na gcainteanna polaitiúla ó thuaidh.

Tuigtear do Tuairisc.ie gur cinneadh an clár a thabhairt ar ais toisc nach mbeadh aon chlár cúrsaí reatha taobh amuigh den nuacht ag an stáisiún ar feadh sé mhí dá uireasa. is faoi 7 Lá a bheidh sé, mar sin, an bhearna ó thaobh cúrsaí reatha a líonadh nó go gcuirfear tús, an bhliain seo chugainn, le clár nua seachtainiúil leath uair a chloig. Is iad RTÉ a sholáthróidh an clár sin do TG4 mar chuid dá ndualgais reachtúla 365 uair a chloig de chláir a chur ar fáil don stáisiún Gaeilge. Craolfar an clár nua sin ó Bhaile na hAbhann.

Tháinig sé chun solais ag tús na bliana seo go raibh deireadh á chur leis na cláir chainte stiúideo ar fad ar TG4. I measc na gclár sin, bhí Comhrá le Máirtín Tom Sheáinín, an clár irise Róisín, Béaloideas Beo, Logainm agus Seó Spóirt.

Bhain conspóid leis an gcinneadh deireadh a chur leis na seóanna cainte, agus go háirithe faoin gcinneadh deireadh a chur le Seó Spóirt.

Fág freagra ar 'Aiséirí ó mhairbh déanta ag 7 Lá, ach do cheithre oíche amháin'

  • Éadóchasach

    Is léir do chách gur dhein Esslemont botún ollmhór nuair a dhein sé an cinneadh deireadh a chur leis na cláir cainte. (Ba iad na cláir cainte na cláir is fearr – na cláir is fearr ó thaobh na teangan de, go háirithe! – a bhí á gcraoladh ag TG4, agus táim cinnte go bhfuair TG4 luach a chuid airgid – .i. luach ár gcuid airgid féin – astu.) Níor theastaigh an cinneadh sin ó aoinne, agus níl aithne agam ar aoinne i measc lucht féachana TG4 a bhí sásta leis. Anuas air sin, is léir anois nach raibh smaoineamh ar bith ag Esslemont fé conas gurbh fhéidir leis bearnaí na gclár cainte sin a líonadh. Dá mbeadh ciall aige, bheadh sé sásta a admháil gur ollbhotún a bhí ina chinneadh agus é a tharraingt siar. Nó b’fhéidir go bhfuil sé i gceist aige bearnaí na gcláir cainte Gaolainne a líonadh le cláir cainte Béarla…

  • Concubhar Ó Liatháin

    Dealraíonn an chinneadh seo go bhfuil sé cosúil leis an gcinneadh ag Ryanair seirbhís eitilte a ghearradh siar de bharr nár chuir siad riachtanaisí laethannta saoire na bpíolótaí.
    Chreideas i gcónaí – agus creidim go fóill – go raibh go leor faoi 7 Lá a fhéadfaí a fheabhsú, níos mó cláracha gach seachtain, laithreoirí eagsúla in éineacht le PÓL, múnla níos cosúla le Cúrsaí. Ach ba bhotún é bearna chomh fada – sé mhí a fhagáil idir an clár deireannach de 7 Lá agus an chéad eagrán den chlár nua, pé rud é. Ba mhór an trua é, freisin, nár tugadh deis do chomhlacht neamhspleach cur isteach ar chlár chúrsaí reatha a sholathar seachas a bheith teoranta do RTÉ amháin