Aiseirí iománaíochta na Gaillimhe tosaithe 40 bliain ó shin

Ba iad an fuinneamh, an díograis agus an díocas a facthas ar Pháirc Semple in aghaidh na gCat i gCluiche Leathcheannais na Sraithe ar an 4 Bealtaine 1975 a d’fhógair ré nua d’iomáint na Gaillimhe, a deir ár gcolúnaí

Kilkenny Galway 1975

Glactar leis go forleathan faoi seo gurbh é a mbua ar Luimneach i gCluiche Ceannais Iomána na hÉireann i 1980 a d’fhógair aiseirí iománaíochta na Gaillimhe, ach le fírinne, ba cúig bhliana roimhe sin a facthas an choimhlint ag thug an chéad léiriú ar a raibh le theacht agus bhí sé d’ádh ormsa a bheith ann. Cluiche in aghaidh Chill Chainnigh a bhí i gceist.

Beagán de chúlra an scéil i dtosach. Tar éis a gcliseadh in aghaidh Thiobraid Árann i gCluiche Ceannais 1958, chaith iománaithe na Gaillimhe aon séasúr déag tubaisteacha ag iomaíocht i gCraobh na Mumhan. Greadadh 7-11, 0-8 ó  Phort Láirge an baisteadh a fuaireadar sa gcomórtas sin. An bhliain dar gcionn, scaoileadar 9 gcúl isteach in aghaidh na nDéiseach.

Sna 11 séasúr sin, ghéill Gaillimh seacht gcúl is dhá scór i ndosaen cluiche agus níor bhuaigh siad ach an t-aon cheann amháin – in aghaidh an Chláir i 1961. Mórán an rath céanna a bhí orthu sa tSraithchomórtas – gan an cluiche ceannais feicthe acu ó 1951.

Agus slán fágtha ag iománaithe na Gaillimhe le Cúige Mumhan i 1970, d’éirigh leo buachan ar Aontroim faoi dhó i mbabhtaí ceathrú ceannais craoibhe, ach nuair a tháinig foirne de mhianach Chill Chainnigh agus Thiobraid Arann ina gcoinne ina dhiaidh sin, bhí a bport seinnte.

Shroich siad tóin poill i 1973 nuair a bhuail Londain iad 4-7 le 3-5 i mbabhta ceathrú ceannais ar Pháirc an Dhuagánaigh i mBéal Átha na Sluaighe.

An bhliain dar gcionn, bhí farasbarr 12 cúilín ag Cill Chainnigh orthu i gcluiche leathcheannais i mBiorra. Ainneoin nach raibh sé ach 26 bliain d’aois, bhí ocht séasúr iomána craoibhe déanta ag John Connolly do Ghaillimh agus gan cluiche i ngeansaí an chontae imeartha i bPáirc an Chrócaigh riamh aige.

Galway Kilkenny

Bhí go leor de na seanfhonndúirí a bhí ar an bhfoireann nuair a thosaigh John éirithe as faoi seo, ach i lár na duairce ar fad, bhí aon splaincín amháin dóchais – bhí tionscnamh ar ar tugadh An Coiste Iomána bunaithe ag grúpa a thuig gurbh í oiliúint na hóige an t-aon seans a bhí ag iománaíocht na Gaillimhe.

Faoin am a dtáinig Sraithchomórtas 1974/75, bhí an fhoireann sinsear bainte amach ag cuid de na hógánaigh sin agus iad anois ag saothrú an chúnaimh do Connolly, P.J. Qualter agus Seán Murphy – iománaithe óga ar chumas Iggy Clarke, Seán Silke, P.J. Molly, Andy Fenton, Frank Burke, Marty Barrett agus Joe McDonagh, a raibh boinn Faoi 21 buaite acu ar fad i 1972.

In earrach na bliana ’75, bhain Gaillimh amach babhta leathcheannais na Sriathe den chéad uair le dosaen blianta agus bhuaigh ar Chorcaigh.

Cill Chainnigh a bhí rompu sa mbabhta leathcheannais – foireann a raibh Cluiche Ceannais na hÉireann sroichte acu sna ceithre bliana roimhe, é buaite acu faoi dhó agus imreoirí acu a raibh a gcáil i bhfad agus i ngearr; Noel Skehan, Fan Larkin, Pat Henderson, Frank Cummins, Pat Delaney, Billy Fitzpatrick, ógánach scór blianta darbh ainm Brian Cody agus an ceardaí ab fhearr in Éirinn, Eddie Keher.

Bhí stailc bus agus traenach ar siúl ach níor choinnigh sin slua mór de lucht leanta na Gaillimhe as Páirc Semple agus Cill Chainnigh ag dul chun páirce den chéad uair ó thugadar féin agus Corn Mhic Cárthaigh cuairt ar na Státaí.

Tabhairt fúthu go fuinniúil ón bhfíorthús an fháilte abhaile a chuir Gaillimh rompu.

Eddie Keher (1-3) an t-aon duine de Mhuintir Chill Chainnigh a scóráil sa gcéad leath. Bhí sé ag dul rite le Gaillimh iad féin scóranna a aimsiú, agus, go deimhin, bhíodar dhá chúilín chun deiridh ag leath ama. Ach ba léir go raibh Curaí na hÉireann trína chéile ag iomáint fhíochmhar mhuintir an Iarthair.

Chuir cúl a fuair Frank Burke tuilleadh fuinnimh in imirt na Gaillimhe sa dara leath – tréimhse ina raibh Cill Chainnigh taobh le 3 chúilín ar fad, ceann amháin acu sin a tháinig as an imirt.

1-9, 1-6 an scór deireanach a bhí ann, cruthúnas ar chomh suaite agus a bhí na Cait gur cuireadh Fan Larkin den pháirc ag tarraingt ar an deireadh tar éis dó sonc a thabhairt do Phádraic Fahy.

Trí seachtaine dar gcionn agus 32,000 duine ar Pháirc na nGael, d’imir Gaillimh agus Tiobraid Árann a chéile i gCluiche Ceannais na Sraithe. Agus seacht nóiméad fágtha, bhí Gaillimh ceithre chúilín chun deiridh. Laghdaigh cúpla cúilín an bhearna sin go dtí a leath agus ansin fuair Gaillimh buille saor 21 slat.

Thug John Connolly faoin gcúl agus cé gur sábháladh a bhuille, bhí P.J.Qualter ar lámh agus chuir an croitheadh a bhain sé as an eangach Gaillimh chun cinn. Chuir cúilíní a fuair Fahy agus Iggy Clarke sna soicindí deireanacha barr smais ar bhua na Gaillimhe 4-9,4-6.

Ó Cháisc go Cincís 1975 fuair Gaillimh an bua ar thrí mhórchumhacht na hiománaíochta. An uair údaí, ba lú Craobhacha de chuid na hÉireann a bhí buaite ag Cill Chainnigh (19) ná a bhí buaite ag Corcaigh (21) ná ag Tiobraid Árann (22), ach i mo bharúil féin, ba iad an fuinneamh, an díograis agus an díocas a facthas ar Pháirc Semple in aghaidh na gCat i gCluiche Leathcheannais na Sraithe ar an 4ú Bealtaine 1975 a d’fhógair ré nua do Ghaillimh agus iad ag luascadh na fuinseoige.