Airí nua Stormont ceaptha ach cur chuige ‘no nationalist need apply’ curtha i leith an DUP agus SF

Beidh lucht an ghaeloideachais ag faire amach do na himpleachtaí a bhaineann le ceapadh Peter Weir ón DUP ina Aire Oideachais

Stormont. Pictiúr: Photocall
Stormont. Pictiúr: Photocall

Réitigh ceapachán Claire Sugden, aontachtach neamhspleách mar Aire Cirt i Stormont an bealach chun na haireachtaí eile sa bhFeidhmeannas ó thuaidh a líonadh inniu. Seachtar airí sinsearacha agus beirt airí shóisearacha.

Ní fhéadfaí Feidhmeannas a cheapadh d’uireasa Aire Cirt ach fuascailt ab ea ceapachán Sugden ar an tsáinn ina raibh an DUP agus Sinn Féin agus gan ceachtar acu sásta glacadh le duine ón bpáirtí eile mar Aire Cirt. Toghadh Sugden le vóta trasphobail, traspháirtí le tacaíocht an DUP agus Sinn Féin.

Níor thacaigh páirtithe an fhreasúra nua le ceapachán Claire Sugden. Vótáil an UUP agus an SDLP ina coinne. Dúirt ceannaire an SDLP, Colum Eastwood, go mbeadh ciallachais  thromchúiseacha ag an gceapachán don phobal náisiúnach  agus gur léirigh cur chuige Shinn Féin agus an DUP i dtaobh an phoist gur ‘no nationalist need apply’ an mana atá ag feidhmeannas faoi stiúir an DUP agus Shinn Féin. 

Roghnaíodh na hairí eile de réir fhoirmle d’Hondt agus na ceapacháin i gcoibhneas le líon na suíochán ag na páirtithe – ceathrar ón DUP agus triúr ó Shinn Féin.

Ceapadh Máirtín Ó Muilleoir, iar-Mhéara Bhéal Feirste agus iar-fhoilsitheoir an nuachtáin Ghaeilge , ina Aire Airgeadais, an chéad uair ag Sinn Féin ceannas a bheith acu ar an roinn ardleibhéil sin. Cé is moite den leasChéad-Aire Martin McGuinness ’sí Michelle O’Neill an t-aon duine de bhuíon airí Shinn Féin a bhí i bhfeighil ar roinn cheana. Ceapadh O’Neill ina Aire Sláinte inniu, post dúshlánach i roinn a fhaigheann nach mór leath de bhuiséad iomlán Stormont. Ina dteannta siúd ceapadh Chris Hazzard mar Aire Infreastruchtúir.

Roghnaigh an Chéad-Aire, Arlene Foster , ceannaire an DUP, an Roinn Eacnamaíochta do Simon Hamilton a bhí ina Aire Sláinte agus ina Aire Airgeadais cheana. Beidh lucht an ghaeloideachais ag faire amach do na himpleachtaí a bhaineann le ceapadh Peter Weir ón DUP ina Aire Oideachais. Is í Michelle Mcllveen ón DUP an tAire Talmhaíochta agus Gnóthaí Tuaithe agus ’sé Paul Givan ón DUP a bheidh i gceannas ar an Roinn Pobal (sin ‘pobail’ san uimhir iolra). Beidh gnóthaí a bhí faoi stiúir DCAL (an Roinn Cultúir, Ealaíon, Fóillíochta) i measc na gcúraimí atá ar an Roinn sin, gnóthaí Gaeilge agus an Foras Teanga san áireamh.

Dhiúltaigh an UUP agus an SDLP d’aireachtaí ó tá siad ag dul sa bhfreasúra.

Ceapadh Alastair Ross an DUP agus Megan Fearon ó Shinn Féin mar airí sóisearacha i Roinn an Fheidhmeannais – sin é an teideal ar an roinn atá faoi cheannas an Chéad Aire agus an LeasChéad-Aire.

Fág freagra ar 'Airí nua Stormont ceaptha ach cur chuige ‘no nationalist need apply’ curtha i leith an DUP agus SF'