Airgead breise tugtha ag Roinn na Gaeltachta d’Fhoras na Gaeilge agus don Ultais gan cómhaoiniú ó Thuaisceart Éireann

Do chúrsaí oideachais, cnapshuimeanna pinsin, teanglann.ie agus bogearraí a ceadaíodh an t-airgead breise agus ba é an chéad uair a ceadaíodh a leithéid gan cómhaoiniú ó na húdaráis ó thuaidh

Airgead breise tugtha ag Roinn na Gaeltachta d’Fhoras na Gaeilge agus don Ultais gan cómhaoiniú ó Thuaisceart Éireann

Cheadaigh Roinn na Gaeltachta airgead breise d’Fhoras na Gaeilge agus do Ghníomhaireacht na hUltaise anuraidh gan aon ‘chómhaoiniú’ a bheith ar fáil ó údaráis Thuaisceart Éireann. Ba í seo an chéad uair riamh a ndearna an Roinn a leithéid.

Cuireadh os cionn ceathrú milliún euro breise ar fáil d’Fhoras na Gaeilge agus os cionn €20,000 breise ar fáil do Ghníomhaireacht na hUltaise gan aon íocaíocht bhreise a bheith i gceist ón Roinn Pobal i dTuaisceart Éireann.

Dheimhnigh urlabhraí thar cheann Roinn na Gaeltachta do Tuairisc.ie gur tógadh an cinneadh go gcuirfí maoiniú breise ar fáil ‘do roinnt tograí aon-uaire’ nach raibh san áireamh i bpleananna gnó 2016 a bhí ceadaithe ag an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas.

Dúirt an Roinn gur ceadaíodh an t-airgead breise (€260,681) d’Fhoras na Gaeilge le caitheamh ar thograí áirithe a bhain le ‘cúrsaí oideachais, cnapshuimeanna pinsin, teanglann.ie agus bogearraí’, ach níor tugadh aon mhionsonraí eile faoin gcaiteachas sin.

Ceadaíodh an t-airgead breise (€20,976) do Ghníomhaireacht na hUltaise chun athchóiriú a dhéanamh ar oifig dá gcuid i nDún na nGall agus do thionscnamh ‘teanga agus cultúir’.

Dúirt urlabhraí na Roinne le Tuairisc.ie go mbeadh na sonraí uile faoi na tograí aon uaire seo “san áireamh i dTuarascáil Bhliantúil agus Cuntais 2016 an Fhorais Teanga a fhoilseofar tar éis iniúchadh na nArd-Reachtairí Cuntas is Ciste sa dá dhlínse”.

Mar thoradh ar Chomhaontú Aoine an Chéasta beagnach scór bliain ó shin a bunaíodh an Foras Teanga ina bhfuil dhá áisíneacht ar leith, Foras na Gaeilge agus Gníomhaireacht na hUltaise, agus cinneadh ón tús gur ar bhonn ‘cómhaoinithe’ a mhaoineofaí iad.

Socraíodh go gcuirfeadh Roinn na Gaeltachta 75% den mhaoiniú ar fáil d’Fhoras na Gaeilge agus gur ón Roinn Cultúir (an Roinn Pobal anois) a thiocfadh sciar an tuaiscirt, 25%, den chaiteachas.

Chuirfeadh Roinn na Gaeltachta 25% den chaiteachas ar fáil do Ghníomhaireacht na hUltaise agus is ón tuaisceart a thiocfadh an 75% eile.

An Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas a cheadaíonn buiséid bhliantúla na n-áisíneachtaí, ach cheadaigh Roinn na Gaeltachta an t-airgead breise anuraidh “lasmuigh de na buiséid a bhí ceadaithe ag an gComhairle Aireachta Thuaidh Theas”, an chéad uair ar tharla a leithéid.

Cé nach raibh cómhaoiniú i gceist, rinneadh an socrú “i gcomhairle leis an Roinn Pobal i dTuaisceart Éireann”, a dúirt urlabhraí Roinn na Gaeltachta.

Dúirt an t-urlabhraí freisin gur íoc an Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta £41,000 i mí Eanáir 2016, leis an bhForas Teanga – £16,000 d’Fhoras na Gaeilge agus £25,000 do Ghníomhaireacht na hUltaise – agus nach raibh cómhaoiniú ó Roinn na Gaeltachta i gceist sa chás sin.

Tháinig laghdú 32% ar na buiséid a ceadaíodh don bhForas Teanga idir 2011-2016.

Tugadh tuilleadh eolais faoin íocaíocht bhreise a rinne an Roinn leis an bhForas Teanga i bhfreagra a thug an tAire Stáit Seán Kyne ar cheist Dála ón Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil, Aindrias Moynihan.

Dúradh sa fhreagra céanna go raibh maoiniú de €34.26 milliún curtha ar fáil ag Roinn na Gaeltachta d’Fhoras na Gaeilge le trí bliana anuas agus go raibh €2.33 milliún curtha ar fáil acu do Ghníomhaireacht na hUltaise sa tréimhse chéanna. Beidh €13.99 milliún a chur ar fáil ag an Roinn sna meastacháin don bhliain 2017 “chun freastal ar na buiséid a bheidh ceadaithe ag an gComhairle Aireachta Thuaidh Theas amach anseo don bhForas Teanga”.

Beidh cuid den allúntas breise de €750,000 a bheas ar fáil d’Fhoras na Gaeilge le caitheamh ar aistriú go dtí ceanncheathrú nua le linn 2017.

Sa gcás is go mbeadh airgead breise le soláthar ag an Roinn d’Fhoras na Gaeilge maidir le feidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge, ní bheadh aon sciar den airgead sin le caitheamh ar Ghníomhaireacht na hUltaise.

“Caithfear a threisiú go mbaineann an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 leis an dlínse ó dheas amháin agus, dá réir sin, beidh maoiniú faoin Straitéis teoranta don dlínse sin.  Ós rud é go mbaineann an Straitéis leis an nGaeilge amháin, ní eascraíonn aon impleachtaí do Ghníomhaireacht na hUltaise.  Ar ndóigh, tá straitéisí teanga ar leith á gcur i bhfeidhm ag an Roinn Pobal don dlínse ó thuaidh, i.e., An  Straitéis le Forbairt na Gaeilge a Fheabhsú agus a Chosaint 2015 – 2035 agus An Straitéis le Teanga, Oidhreacht agus Cultúr na hUltaise a Fheabhsú agus a Chur Chun Cinn 2015-2035,” a dúirt urlabhraí na Roinne le Tuairisc.ie.

Fág freagra ar 'Airgead breise tugtha ag Roinn na Gaeltachta d’Fhoras na Gaeilge agus don Ultais gan cómhaoiniú ó Thuaisceart Éireann'