Aire sinsearach Gaeltachta mar chuid d’aon mhargadh rialtais a dhéanfadh Fianna Fáil

Tá sé tugtha le fios ag Fianna Fáil do Tuairisc.ie nach mbunóidís aon rialtas nó nach dtacóidís le bunú aon rialtais sa chás nach mbeadh aire sinsearach le Gaeilge ann a mbeadh cúram na Gaeltachta agus na Gaeilge air

Aire sinsearach Gaeltachta mar chuid d’aon mhargadh rialtais a dhéanfadh Fianna Fáil

16/1/2016. Fianna Fail Ard Fheis

Tá an chuma ar an scéal go mbeidh aire sinsearach le Gaeilge a mbeidh cúram na Gaeltachta agus na Gaeilge air ag bord an chéad rialtais eile, is cuma cé acu de na roghanna rialtais atá á bplé faoi láthair a bheidh ann.

Tá sé tugtha le fios ag Fianna Fáil do Tuairisc.ie nach mbunóidís aon rialtas nó nach dtacóidís le bunú aon rialtais sa chás nach mbeadh a leithéid d’aireacht ann.

Dúirt urlabhraí ó Fhianna Fáil go gcuirfí aon mhargadh maidir le bunú rialtais ó mhaith sa chás nach mbeadh aire sinsearach don Ghaeilge agus don Ghaeltacht mar chuid den mhargadh sin.

Meastar faoi láthair gur trí rogha rialtais atá ann, é sin nó toghchán eile. Bheadh ról ag Fianna Fáil i gcás gach ceann den trí rogha. comhrialtas idir Fianna Fáil agus Fine Gael, rialtas mionlaigh de chuid Fhine Gael a mbeadh tacaíocht Fhianna Fáil ag teastáil uaidh, nó rialtas mionlaigh de chuid Fhianna Fáil féin.

Thug Fianna Fáil geallúint uaidh roimh an olltoghchán an mhí seo caite go mbunóidís Roinn nua do ghnóthaí pobail, tuaithe, Gaeltacht agus oileáin “chun seirbhísí poiblí a stiúradh agus sraith seirbhísí bunúsacha náisiúnta a chinntiú”.

Bheadh freagracht ar aire na roinne nua sin sin as gnóthaí Gaeltachta agus as an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a chur i bhfeidhm.

Bhí aire sinsearach le Gaeilge do chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta i measc na dtrí éileamh a rinne Conradh na Gaeilge sna seachtainí roimh an olltoghchán. D’fhiafraigh an Conradh de gach iarrthóir a sheas in Olltoghchán 2016 cé acu an mbeadh nó nach mbeadh siad sásta a gcuid éileamh a chur chun cinn sa Dáil dá dtoghfaí iad. Toghadh 44 Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil an mhí seo caite agus thug gach uile dhuine acu sin geallúint uathu go dtacóidís le héilimh an Chonartha.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, go bhfuil “an-áthas” ar an eagraíocht go bhfuil an chuma ar an scéal anois go bhfíorófar ceann de na héilimh sin.

“Táimid an-sásta go mbeidh aire sinsearach ann, níl aon amhras orainne ach go bhfuil gá le haire sinsearach le cumas sa teanga don Ghaeltacht agus don Ghaeilge. Tá sé feicthe againn cheana cé chomh deacair is atá sé dul chun cinn a dhéanamh nuair nach bhfuil duine ag Bord an Rialtais a bhfuil an teanga aige agus cur amach aige ar na cúrsaí seo.

“Bheimis ag súil go mbeidh Fianna Fáil, na páirtithe eile agus na Teachtaí Dála uile go léir ag seasamh leis na geallúintí a thug siad roimh an olltoghchán maidir leis an dá éileamh eile freisin,” a dúirt de Spáinn.

Fág freagra ar 'Aire sinsearach Gaeltachta mar chuid d’aon mhargadh rialtais a dhéanfadh Fianna Fáil'

  • Liam de Lása

    Is iontach an dul chun cinn é seo do phobal na Gaeilge. Tá an méid sin maslaí glachtha againn le linn ré Fhine Gael agus níl éinne níos fearr ná Míchael Martin chun troda ar ár son.

    • Laoch Ó Laoghaire

      Do bharúil? Is polaiteoirí iad uilig agus tá sár-aithne againn ar an dóigh a mbriseann siad a ‘ngeallta’ chomh luath is a gcuirtear i n-oifig rialtaise iad…. nuff sed

  • alan

    Agus an gcreidimid iad? An gcreidimid aon fhocal uathu? Bhfuilimid chomh dall sin? Nach bhfuil siad imithe siar ar a bhfocal maidir leis na táillí uisce cheana féin. Níl aon line dhearg acu anois agus boladh na cumhachta ina bpolláirí acu an athuair.

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Tá an iomarca béime á chur ar ‘Aire Sinsearach le Gaeilge do chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta’, amhail is gur leor san. An fhadhb atá ann nach bhfuil Roinn na Gaeltachta ann a thuilleadh, ach é báite istigh i Roinn ar a bhfuil meascán mearaí de chúraimí. Ní bheidh Aire Sinsearach ceapaithe don rialtas a bheas freagrach as Gaeilge/Gaeltacht amháin. Im thuairimse tá sé i bhfad níos tábhachtaí go mbeadh Roinn na Gaeltachta athbhunaithe mar roinn stáit as féin le Rúnaí Ginearálta acu féin agus stáitsheirbhísigh a bheadh dírithe ar cúrsaí Gaeltachta is Gaeilge. Bheinnse sásta le Aire Stáit maith a bheith mar cheannaire polaitiúl ar an Roinn sin. Chuirfinnse cúram na Roinne ag Bord an Rialtais ar an Aire OIdeachais. Tá todhchaí na Gaeilge sa Ghaeltacht agus taobh amuigh den Ghaeltacht ag braith níos mó ar cúrsaí oideachais ná aon cheo eile.