Aird ar bith ag Bruton ar éileamh ar leasú reachtaíochta ar mhaithe le scoileanna lán-Ghaeilge

...ach tacaíocht ó mhórpháirtithe an fhreasúra don éileamh go leasófaí an Bille Oideachais (Ligean Isteach i Scoileanna), 2016 ionas nach mbeadh cosc ar scoileanna lán-Ghaeilge tús áite a thabhairt do dhaltaí bunaithe ar a gcumas teanga

Aird ar bith ag Bruton ar éileamh ar leasú reachtaíochta ar mhaithe le scoileanna lán-Ghaeilge

Tá neamhaird déanta ag an Aire Oideachais den éileamh go leasófaí reachtaíocht nua le cinntiú nach gcuirfeadh sí isteach ar cheart an pháiste atá á thógáil le Gaeilge chun oideachas lán-Ghaeilge.

Cé go bhfuil 26 leathanach de leasuithe molta ag an Aire Richard Bruton ar a bhille féin, an Bille Oideachais (Ligean Isteach i Scoileanna), 2016, ní dhéanann sé tagairt ar bith do chás na Gaeilge ná scoileanna lán-Ghaeilge.

Idir an dá linn, tá leasuithe molta ag Fianna Fáil, Sinn Féin, Páirtí an Lucht Oibre agus an Comhaontas Glas a chinnteodh nach gcuirfí cosc faoin reachtaíocht nua ar scoileanna lán-Ghaeilge tús áite a thabhairt do dhaltaí bunaithe ar a gcumas teanga. Tá na leasuithe sin ar fad, leasuithe an Aire Bruton san áireamh, foilsithe ar shuíomh idirlín Thithe an Oireachtais agus pléifear tráthnóna iad ag cruinniú de Choiste Oideachais agus Scileanna an Oireachtais.

Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo ar dtús, bheadh impleachtaí tromchúiseacha ag reachtaíocht nua oideachais do pholasaithe teanga scoileanna a chuireann oideachas lán-Ghaeilge ar fáil.

Baineann an reachtaíocht nua le scoileanna a bhfuil ró-éileamh orthu, mar a tharlaíonn níos minice i gcás Gaelscoileanna ná scoileanna eile.

Faoi alt 64 den Bhille bheadh ar an Aire Oideachais agus Scileanna rialachán a dhéanamh a chuirfeadh cosc ar scoileanna a mbeadh ró-éileamh orthu diúltú do dhalta bunaithe ar ‘academic ability, skills or aptitude’.

Chuirfeadh rialachán dá leithéid cosc ar scoileanna lán-Ghaeilge tús áite a thabhairt do dhaltaí bunaithe ar a gcumas teanga.

Tá leasuithe ar an mBille molta ag polaiteoirí de chuid an fhreasúra – Thomas Byrne (FF), Carol Nolan (SF), Joan Burton (LO) agus Catherine Martin (CG) –  a chinnteodh nach dtarlódh a leithéid.

D’fháiltigh an brúghrúpa tuismitheoirí Cearta Oideachais roimh na leasuithe atá molta ag lucht an fhreasúra agus d’iarr siad ar an Aire Bruton athmhachnamh a dhéanamh ar an scéal.

“Anois go bhfuil tromlach ar an gCoiste Oideachais agus Scileanna ag tacú linn, tá dóchas againn go réiteofar an cheist seo.  Áitímid anois ar an Aire Oideachais agus Scileanna, Richard Bruton, oibriú le baill an Choiste Oideachais chun an cheist seo a réiteach agus chun a chinntiú go gcosnófar cearta oideachais an líon beag páistí lasmuigh den Ghaeltacht atáthar á dtógáil le Gaeilge,” a dúirt Colmán Ó Drisceoil ó Chearta Oideachas.

Is é an leasú ar an mBille atá molta ag leascheannaire Chomhaontas Glas, Catherine Martin, mar shampla:

‘Nothing in this section shall prohibit—

(a) a primary school which teaches through the medium of Irish from giving priority in its admissions policy to students who speak Irish as a home language, or

(b) a post primary school which teaches through the medium of Irish from giving priority in its admissions policy to students who speak Irish as a home language or who has attended a primary school which teaches through the medium of Irish.’

Fágann tacaíocht mhórpháirtithe an fhreasúra don éileamh go leasófaí an Bille nach mbeadh ag teastáil ach tacaíocht roinnt neamhspleách chun go mbeadh móramh ar son an leasuithe ann sa chás go mbeadh vóta sa Dáil ina thaobh.

I dtuarascáil a d’fhoilsigh Coiste Oideachais agus Scileanna an Oireachtais an tseachtain seo caite moladh go dtabharfadh an tAire Richard Bruton “aitheantas cuí” do chearta an chainteora dúchais Gaeilge sa Bhille Oideachais (Ligean Isteach i Scoileanna), 2016 agus nach gcuirfeadh an reachtaíocht isteach ar cheart an pháiste atá á thógáil le Gaeilge chun oideachas lán-Ghaeilge.

I measc na moltaí i dtuarascáil an choiste, tá moltaí ó na heagraíochtaí Cearta Oideachais agus Gaeloideachas a chuir aighneachtaí faoi bhráid an Choiste Oireachtais.

Deir lucht Cearta Oideachais, mar shampla, go gcaithfear an Bille a leasú lena chinntiú go dtiocfadh an Ghaeilge agus múnla an tumoideachais slán.