Aird ag Kia Motors ar an nGaeilge agus ar an mBreatnais

D’fhógair an comhlacht le deireanas go mbeidh níos mó seirbhísí i mBreatnais á gcur ar fáil acu sa Bhreatain Bheag agus tá an Ghaeilge á húsáid acu ina gcur chuige margaíochta acu sa tír seo

Aird ag Kia Motors ar an nGaeilge agus ar an mBreatnais

Tá an comhlacht carranna Kia Motors ag cur spéise i mionteangacha le deireanas agus iad ag iarraidh dul i bhfeidhm ar dhaoine in Éirinn agus sa Bhreatain Bheag.

D’fhógair an comhlacht le deireanas go mbeidh níos mó seirbhísí i mBreatnais á gcur ar fáil acu agus an deis á tabhairt ag an gcomhlacht dá gcustaiméirí suirbhéanna a fhreagairt i mBéarla nó i mBreatnais.

Dúirt David Hart, bainisteoir seirbhísí custaiméirí le Kia, go dtugtar faoi deara láithreach a fheiceálaí is atá an Bhreatnais sa Bhreatain Bheag agus gur “ríléir” do Kia gur cheart dóibh tuilleadh seirbhísí a chur ar fáil sa teanga ann.

“Mar chuid den chlár “Taithí an Chustaiméara” atá ag Kia seolaimid suirbhéanna digiteacha chuig custaiméirí leis an taithí a bhí acu san ionad díolacháin a mheas, a dtuairim faoin gcarr a cheannaigh siad agus faoi chaighdeán na seirbhísí a cuireadh ar fáil dóibh a thabhairt. Bhí sé soiléir dúinn gur cheart dúinn rogha teanga a chur ar fáil,” a dúirt sé.

Dúirt stiúrthóir bainistíochta Gravells, a bhíonn ag díol carranna de chuid Kia i gceithre ionad i ndeisceart na tíre, gur “iontach an rud é” go bhfuil Kia “ag labhairt lena gcustaiméirí ina rogha teanga” agus “ag tabhairt aire” dóibh.

Idir an dá linn, tá an Ghaeilge á húsáid ag Kia mar chuid dá straitéis mhargaíochta in Éirinn. Tá fógraí nua á gcrochadh in áiteanna éagsúla in Éirinn ina bhfuil tagairtí beaga don Ghaeilge.

Scaipeadh íomhá de cheann de na fógraí sin go forleathan ar na meáin shóisialta nuair a roinn an file Ciara Ní É ar a leathanach Twitter é an mhí seo caite.

Tá fógraí eile curtha suas i gcontae Chiarraí freisin a bhfuil an t-imeartas focal céanna le feiceáil iontu agus tagairt déanta ag an gcomhlacht do chontae ‘Kiarraí’.

Tá ceist curtha ag Tuairisc.ie ar Kia cé acu an bhfuil nó nach bhfuil sé i gceist acu seirbhísí a chur ar fáil i dteanga dhúchais na tíre seo mar atá déanta acu i gcás na Breatnaise.

Fág freagra ar 'Aird ag Kia Motors ar an nGaeilge agus ar an mBreatnais'