Ainmniúcháin á lorg do Ghradaim Nós 2018

Bunaíodh Gradaim Nós sa bhliain 2015 le ‘aitheantas a thabhairt don tábhacht as cuimse atá ag baint le ceol úrnua Gaeilge’ do thodhchaí na teanga

Ainmniúcháin á lorg do Ghradaim Nós 2018

ainmniúcháin á lorg ag an iris Nós do Ghradaim Nós 2018 — gradaim a bhronntar go bliantúil ar cheoltóirí agus amhránaithe a bhíonn ag saothrú trí mheán na Gaeilge.

D’fhógair Nós an tseachtain seo go mbeifí ag glacadh le hainmniúcháin do na gradaim, a bhronnfar ag tús na bliana seo chugainn, as seo go tús mhí na Nollag.

Bronnfar gradaim in ocht rannóg ag ócáid speisialta a bheidh ar siúl sa Sugar Club i mBaile Átha Cliath ar an 12 Eanáir. Is iad na rannóga a bheidh ann i mbliana: Amhrán na Bliana, Albam na Bliana sa nuacheol, Albam na Bliana sa cheol traidisiúnta, Físeán na Bliana, Ealaín Albaim na Bliana, Nuíosach na Bliana, Banna/Ceoltóir na Bliana, agus Féile na Bliana.

Ní bheidh aon ghradam ann do ‘Gig Beo na Bliana’ in 2018, mar a bhí i mblianta eile, ach tá rannóg nua curtha leis na gradaim i mbliana — Ealaín Albaim na Bliana. 

Beidh Gradaim Nós na bliana seo á reáchtáil i gcomhpáirtíocht le RTÉ agus beidh sonraí na comhpháirtíochta sin á bhfógairt ag deireadh na míosa seo.

Ba é an banna ceoil IMLÉ a thug leo curadhmhír na ngradam anuraidh nuair a bhuaigh siad sna rannóga ‘Amhrán na Bliana’, ‘Albam na Bliana’ agus ‘Banna na Bliana’.

Roghnóidh painéal de mholtóirí buaiteoirí na bliana seo nuair a dhúnfar na hainmniúcháin ar an 4 Nollaig 2017. Is iondúil gur faoin bpobal a fhágtar ceann amháin de na buaiteoirí a roghnú trí vóta poiblí. Faoin bpobal a fágadh an cinneadh maidir le ‘Gig Beo na Bliana’ in 2016, agus ‘Féile na Bliana’ in 2017.

Bunaíodh Gradaim Nós sa bhliain 2015 le “aitheantas a thabhairt don tábhacht as cuimse atá ag baint le ceol úrnua Gaeilge” do thodhchaí na teanga.

Tá na ticéid ar díol cheana féin don ócáid bhronnta sa Sugar Club ag tús na bliana seo chugainn.

Fág freagra ar 'Ainmniúcháin á lorg do Ghradaim Nós 2018'