Ainmneacha nua le cur ar choirn Chraobhacha na hÉireann i bPáirc an Chrócaigh inniu

Agus cluichí ceannais iomána agus peile na gclubanna á n-imirt i bPáirc an Chrócaigh inniu, tá deis ag an gceithre fhoireann éacht staire a dhéanamh agus Craobh na hÉireann a bhuachan den chéad uair

Shane Dowling ag ceiliúradh tar éis do Na Piarsaigh Craobh na Mumhan a bhuachan i mbliana. INPHO/Cathal Noonan
Shane Dowling ag ceiliúradh tar éis do Na Piarsaigh Craobh na Mumhan a bhuachan i mbliana. INPHO/Cathal Noonan

Na Piarsaigh v Ruairí Óg, Bun Abhann Dalla, Páirc an Chrócaigh, 2i.n.

Beidh ainm nua greanta ar Chorn Uí Mhórdha ag deireadh an lae inniu agus dhá fhoireann, Na Piarsaigh agus Ruairí Óg, Bun Abhann Dalla, ag iarraidh Craobh na hÉireann a bhuachan den chéad uair. Is é seo an chéad uair do na foirne seo páirt a ghlacadh sa chluiche ceannais tar éis dóibh cliseadh ag na babhtaí leathcheannais le roinnt blianta anuas.

Faoi thrí atá Craobh na Mumhan buaite ag na Piarsaigh le ceithre bliana anuas ach theip orthu Páirc an Chrócaigh a bhaint amach in 2012 agus 2014, tar éis dóibh cliseadh in aghaidh Sheamróga Loch gCaol agus Phort Omna faoi seach. Ba iad na foirne sin a chuaigh ar aghaidh chun Craobh na hÉireann a bhuachan sna blianta sin, mar a tharla sé.

Roimh 2016, bhí seanchleachtadh ag Bun Abhann Dalla ar an mbriseadh croí sa chluiche leathcheannais. Naoi n-uaire a shroich siad an babhta sin ach ba é an bua a bhí acu i mbliana in aghaidh Sháirséalaigh na Gaillimhe an chéad uair gur éirigh leo an cluiche ceannais a bhaint amach.

Beidh Bun Abhann Dalla ag iarraidh macasamhail ghaiscí Loch gCaol a dhéanamh agus iad ag súil le Chorn Uí Mhórdha a thabhairt ar ais go Contae Aontroma. Is aisteach an rud é go bhfuil níos mó rath ar fhoirne Aontroma i gCraobh na gClubanna ná atá ar fhoirne Luimnigh. Má bhuann na Piarsaigh inniu, is iad an chéad fhoireann ón gcontae a mbeidh Craobh na hÉireann buaite acu.

Is iontach an deis atá acu inniu agus iad mar rogha láidir na coitiantachta. Agus leithéidí Shane Dowling, Kevin Downes agus David Breen i measc thosaithe na bPiarsach, ní bheidh aon deacrachtaí acu na scóranna a aimsiú agus, mar a léirigh siad i gcluichí leathcheannais Luimnigh agus na hÉireann, nuair a thagann an crú ar an tairne, tá an mhuinín iontu an fód a sheasamh.

Rogha Tuairisc.ie: Na Piarsaigh

Foirean Chaisleáin an Bharraigh. INPHO/Tommy Grealy
Foirean Chaisleáin an Bharraigh. INPHO/Tommy Grealy

Naomh Éanna, Baile Baodáin v Mistéalaigh Chaisleán an Bharraigh, Páirc an Chrócaigh, 4i.n.

Amhail 2014, is in aghaidh churaidh Bhaile Átha Cliath atá Caisleán an Bharraigh ag imirt i gcluiche ceannais na hÉireann. An uair seo, beidh fir Mhaigh Eo ag iarraidh a chinntiú nach gcaillfidh siad an deis Corn Uí Mhuireagáin a thabhairt leo, mar a tharla in aghaidh Naomh Uinsionn dhá bhliain ó shin.

Ba thubaisteach an tús a chuir na Mistéalaigh leis an gcluiche sin dhá bhliain ó shin nuair a taispeánadh cárta dubh do Richie Feeney taobh istigh den chéad chúig nóiméad. Níor chuidigh ach an oiread, ar ndóigh, le cás Chaisleán an Bharraigh gur thug Diarmuid Connolly ceann de na taispeántais is fearr a chonacthas i bPáirc an Chrócaigh an lá céanna agus 2-5 aimsithe aige, chomh maith le roinnt mhaith scóranna eile a chruthú.

Tar éis dóibh craobh an chontae a chailleadh ag deireadh 2014, chuaigh Caisleán an Bharraigh i neart ó shin agus buanna suntasacha faighte acu i rith an fheachtais seo. Tar éis dóibh Bréachmhaigh a shárú i gcraobh an chontae, bhuail siad curaidh na hÉireann, Cora Finne, chun craobh an chúige a thabhairt leo. Ba iad fathaigh Ard Mhacha, Raonaithe na Croise, a bhí ag fanacht leo i gcluiche leathcheannais na hÉireann ach, cé nár chuir siad tús maith leis an gcluiche, léirigh fir Mhaigh Eo spiorad dochreidte agus bua aon phointe amháin acu sa deireadh.

Lena gceart a thabhairt dóibh, ní raibh cluichí Bhaile Baodáin tada níos éasca.

Bhreathnaigh sé go raibh a rás rite sa chluiche leathcheannais in aghaidh Chluain Meala agus fir Bhaile Átha Cliath trí phointe chun deiridh agus 65 nóiméad imeartha, ach rinne siad éacht an comhscór a bhaint amach sula ndeachaigh siad chun tosaigh in am breise. Ní raibh aon easpa teannais ar chluiche ceannais Laighean ach an oiread, agus gan cúilín amháin le spáráil ag Baile Baodáin in aghaidh Phort Laoise.

Is iad na fir lár páirce na h-imreoirí is tábhachtaí ag an dá fhoireann – Barry Moran do Chaisleán an Bharraigh agus Michael Darragh Macauley do Bhaile Baodáin – ach bíonn neart cúnaimh acu. Agus an teacht aniar atá léirithe ag na foirne go dtí seo, ná déantar aon iontas de má bhíonn an choimhlint seo idir dhá cheann na meá sna nóiméid dheireanacha. Sa chás sin is fearr an taithí atá ag Caisleán an Bharraigh agus seans gurbh acusan atá an buntáiste  tráthnóna.

Rogha Tuairisc.ie: Mistéalaigh Chaisleán an Bharraigh

Fág freagra ar 'Ainmneacha nua le cur ar choirn Chraobhacha na hÉireann i bPáirc an Chrócaigh inniu'