Áilleacht Chois Fharraige le feiceáil i bhfíseán nua ó Choláiste Lurgan

Tá radhairc áille as ceantar Indreabháin i gCois Fharraige le feiceáil i bhfíseán nua poiblíochta atá curtha amach ag an gcoláiste aitheanta Gaeilge

Áilleacht Chois Fharraige le feiceáil i bhfíseán nua ó Choláiste Lurgan

Tá físeán nua poiblíochta atá eisithe ag an gcoláiste aitheanta Gaeilge, Coláiste Lurgan in Indreabhán, ag tarraingt go leor airde ar Facebook inniu mar gheall ar an léargas a fhaightear san fhíseán ar áilleacht Chois Fharraige, mar a bhfuil an coláiste lonnaithe.

Úsáideadh ladrann le radharcanna den choláiste agus na háiseanna timpeall air a thaifeadadh, páirc imeartha CLG Mícheál Breathnach, Trá Mhóir na Coille Rua agus bealaí rothaíochta an cheantair ina measc.

De réir Facebook féin, tá 14,000 duine tar éis an físeán a fheiceáil cheana féin, cé go maítear nach go róchruinn a mheasann Facebook lucht féachana físeáin ar an suíomh sóisialta. Mar sin féin, tá an físeán á roinnt go forleathan agus tráchtanna go leor á ndéanamh faoi.

Tá cáil cheana féin ar Choláiste Lurgan mar gheall ar na físeáin cheoil a dhéantar gach uile shamhradh ann ach is léargas ar shaol eile an choláiste a fhaightear san fhíseán seo agus imeachtaí eile, seachas an ceol, a chuirtear ar fáil ann le feiceáil.

Fág freagra ar 'Áilleacht Chois Fharraige le feiceáil i bhfíseán nua ó Choláiste Lurgan'