Aighneas sa Bhreatain Bheag faoi dhochtúir gan Bhreatnais

Dochtúir teaghlaigh amháin a raibh an Bhreatnais ar a thoil aige a bhí i dtrí ionad leighis i Penygroes ach níl aon Bhreatnais ag an dochtúir atá ag teacht i gcomharbacht air

Aighneas sa Bhreatain Bheag faoi dhochtúir gan Bhreatnais

Tá aighneas i mbaile beag sa Bhreatain Bheag toisc nach bhfuil aon Bhreatnais ag an dochtúir atá ag teacht i gcomharbacht ar an dochtúir teaghlaigh atá san áit faoi láthair agus a bheidh ag éirí as ag deireadh na míosa seo.

Ba é an Dochtúir John Morris Jones an t-aon dochtúir teaghlaigh a raibh an Bhreatnais ar a thoil aige i dtrí ionad leighis i Penygroes i dtuaisceart na tíre, ceann de na háiteanna is mó ina labhraítear an Bhreatnais. Tá 1,700 duine ina gcónaí in Penygroes agus is cainteoirí Breatnaise 88% acu sin.

Dúirt an bord sláinte atá i gceannas ar chúrsaí leighis sa cheantar nach bhfuil aon cheangal dlí orthu maidir le cúrsaí teanga ach go bhfuil iarrachtaí ar bun dochtúir a bhfuil Breatnais aige a aimsiú lena fhostú san ionad leighis.

Thug urlabhraí de cuid Bhord Sláinte Ollscoil Betsi Cadwaladr le fios nach bhfuil an Bhreatnais ag an duine a thiocfaidh in áit an Dochtúra Jones ach go bhfuil an Bord “ag tacú leis chun dochtúir eile a mbeadh Breatnais aige a fhostú” san ionad.

“Is conraitheoirí neamhspleácha féinfhostaithe iad na dochtúirí teaghlaigh agus níl aon cheangal dlí orthu ó thaobh teanga de. De réir an scéim Breatnaise atá againn, is é an ról atá againn comhairle agus tacaíocht a thabhairt, agus táimid tiomanta é sin a dhéanamh.

Tá plean soiléir curtha in áit ag an mbord sláinte lena chinntiú go dtugtar an tacaíocht is fearr d’ionaid leighis ar fud na Breataine Bige,” a dúirt an t-urlabhraí.

Cuireann an bord seirbhísí aistriúcháin ar fáil do dhochtúirí teaghlaigh agus cuirtear ranganna teanga ar fáil freisin.

Tá feachtas ar bun sa Bhreatain Bheag le tamall de bhlianta anuas le níos mó dochtúirí teaghlaigh a chur ar fáil a bhfuil an Bhreatnais acu. De réir figiúirí a d’eisigh Rialtas na Breataine Bige in 2016, labhraíonn 369 dochtúir teaghlaigh sa Bhreatain Bheag an Bhreatnais — is ionann sin agus 1.2 dochtúir do gach 10,000 duine sa tír sin.

Dúirt Siân Gwenllian, feisire parlaiminte de chuid Plaid Cymru,  go bhfuil sé “ríthábhachtach” go mbeadh teacht ag cainteoirí Breatnaise i dtuaisceart na Breataine Bige ar dhochtúirí a labhraíonn Breatnais.

“Caithfidh páistí agus seandaoine a bheith in ann labhairt lena ndochtúir ina gcéad teanga, agus tá an easpa eolais atá le fáil ó na húdaráis faoina bhfuil ag tarlú [i Penygroes] ag cur le buairt mhuintir na háite. Caithfear rudaí a chinntiú láithreach.

“Is é an freagra fadtéarmach atá ar an bhfadhb seo tuilleadh dochtúirí le Breatnais a sholáthar i scoil nua leighis i Bangor,” a dúirt Gwenllian.

Fág freagra ar 'Aighneas sa Bhreatain Bheag faoi dhochtúir gan Bhreatnais'