Aighneas mór faoi Acht Gaeilge agus amhras mór faoi chainteanna Stormont

Mar chuid de na cainteanna faoi athbhunú Stormont, tá Sinn Féin ag éileamh go dtabharfaí isteach Acht Gaeilge don tuaisceart ach tá an DUP ag iarraidh go mbeadh an Ultais mar chuid d’aon reachtaíocht nua

Aighneas mór faoi Acht Gaeilge agus amhras mór faoi chainteanna Stormont

Bhí amhras mór aréir faoina bhfuil i ndán do na cainteanna maidir le hathbhunú an fheidhmeannais i Stormont agus tuairiscí ann go bhfuil ceist an Achta Gaeilge anois ar an dris chosáin is mó san idirbheartaíocht idir Sinn Féin agus an DUP.

Mar chuid de na cainteanna tá Sinn Féin ag éileamh go dtabharfaí isteach Acht Gaeilge don tuaisceart ach tá an DUP ag iarraidh go mbeadh an Ultais mar chuid d’aon reachtaíocht nua.

Dúirt cathaoirleach náisiúnta Shinn Féin, Declan Kearney, nach nglacfadh an páirtí ach le hAcht don Ghaeilge amháin agus gur loic an DUP ar ghealltanais a tugadh cheana maidir lena leithéid d’Acht a thabhairt isteach.

Dúirt iarcheannaire an DUP Peter Robinson gur “díol trua agus áiféise” a bheadh ann dá gcuirfeadh Sinn Féin i gcoinne athbhunú Fheidhmeannas Stormont mar gheall ar an éileamh ar Acht Gaeilge.

Dúirt Robinson i bpostáil ar na meáin shóisialta go bhféadfaí aitheantas a thabhairt don Ghaeilge agus don Ultais araon in aon reachtaíocht a thabharfaí isteach de thoradh na gcainteanna.

Dúirt ceannaire Alliance Naomi Long go raibh “an-droch-chuma” ar na cainteanna agus nach raibh ann ach caolseans go n-éireodh leis na páirtithe teacht ar réiteach roimh thráthnóna amárach, an spriocam is déanaí.

Dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Niall Comer, gur “Acht Gaeilge láidir, ceartbhunaithe agus neamhspleách” a theastaigh.

“Is í seo uair na cinniúna chun Acht Gaeilge atá láidir a chur i bhfeidhm. Tugadh gealltanas do phobal na Gaeilge breis agus 10 mbliana ó shin go mbeadh athruithe ann. Ní mór Acht Gaeilge atá láidir, bunaithe ar chearta, agus neamhspleách a bheith mar chuid de chomhaontú ar bith,” a dúirt Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge.

Má theipeann arís ar na cainteanna tá dhá rogha ag Rúnaí Stáit Thuaisceart Éireann James Brokenshire: riail dhíreach ó Westminster a chur i bhfeidhm athuair nó ligean do státseirbhísigh ranna Stormont a rith nó go gcuirfí tús athuair babhta idirbheartaíochta eile sa bhfómhar.

Fág freagra ar 'Aighneas mór faoi Acht Gaeilge agus amhras mór faoi chainteanna Stormont'