Aighneas idir coiste stiúrtha Amharclann Ghaoth Dobhair agus Roinn na Gaeltachta faoi dheontas a ceadaíodh anuraidh

Tá an chosúlacht ar an scéal go bhfuil an Roinn ag iarraidh méid an deontais a bronnadh ar choiste na hamharclainne anuraidh a laghdú toisc nár críochnaíodh an obair athchóirithe in am

Aighneas idir coiste stiúrtha Amharclann Ghaoth Dobhair agus Roinn na Gaeltachta faoi dheontas a ceadaíodh anuraidh

Tá aighneas ann idir lucht stiúrtha Amharclann Ghaoth Dobhair agus an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta faoin deontas a ceadaíodh d’athchóiriú na hamharclainne ag tús na bliana seo caite.

Cheadaigh an t-iarAire Stáit Joe McHugh deontas €485,000 d’Amharclann Ghaoth Dobhair ag tús na bliana seo caite. Cuireadh críoch leis an obair athchóirithe ó shin agus athosclaíodh an amharclann den chéad uair le deich mbliana an mhí seo caite.

Tuairiscíodh ar Nuacht TG4 anocht, áfach, go bhfuil an chosúlacht ar an scéal go bhfuil an Roinn ag iarraidh méid an deontais a bronnadh ar choiste na hamharclainne a ghearradh ag ráta €400 ‘in aghaidh an lae’ toisc nár críochnaíodh an obair athchóirithe in am. Tuigtear do Tuairisc.ie go bhféadfadh go mbeadh suas le €50,000 i gceist.

Bhí sé ar cheann de choinníollacha an chonartha go mbeadh pionós le gearradh ar an gconraitheoir dá mbeadh sé mall ag críochnú na hoibre, ach tuairiscítear go bhfuil easaontas ann anois idir an coiste agus an Roinn faoi údar na moille.

Tuairiscítear go bhfuil an coiste míshásta gur bheartaigh an Roinn an pionós sin chur san áireamh agus an deontas a ceadaíodh á bhronnadh. Tá cruinniú éilithe ag an gcoiste stiúrtha le Roinn na Gaeltachta agus súil acu míniú a fháil ar an scéal.

Chas baill an choiste le chéile Dé hAoine seo caite le hionadaithe poiblí agus socraíodh go mbeadh cruinniú acu leis an Aire Stáit reatha do Ghnóthaí Gaeltachta Seán Kyne.

Bhain conspóid leis an gcinneadh an t-airgead a bhronnadh ar choiste na hamharclainne an chéad lá riamh. Cheadaigh an t-iarAire Stáit Joe McHugh an deontas €485,000 don amharclann in ainneoin gur chuir oifigigh shinsearacha i Roinn na Gaeltachta comhairle air go mbeadh sé “mífhreagrach”, “faillitheach” agus fiú “contúirteach” an deontas sin a cheadú.

De réir cáipéisí a fuair Tuairisc.ie faoin Acht um Shaoráil Faisnéise anuraidh, chuir oifigeach sinsearach sa Roinn in iúl don Aire tráthnóna an 1 Feabhra 2016, an lá sular cheadaigh sé an deontas, nach raibh “iniúchadh ceart” déanta fós ar iarratas Iontaobhas Amharclann Ghaoth Dobhair.

Dúradh leis an Aire chomh maith go rabhthas go mór in amhras faoi ghnéithe áirithe den iarratas agus go bhféadfadh gur “tubaiste” a bheadh ann dá gceadófaí an deontas.

Chun go n-íocfaí deontas faoin scéim áirithe seo de chuid na Roinne, ní foláir d’iarratasóir 20% de chostas iomlán na forbartha atá beartaithe a bhailiú.

€120,000 a bhí i gceist leis an “sciar áitiúil” seo i gcás Amharclann Ghaoth Dobhair agus bhí oifigigh na Roinne den tuairim nach raibh “mórán iarrachta” déanta fós an t-airgead sin a bhailiú.

“Táthar den tuairim go mbeadh sé contúirteach deontas mór a cheadú anois mar níl na hacmhainní ag an gcoiste chun an conraitheoir a íoc ná le hiasacht a aisíoc agus d’fhéadfadh an rud uile dul chun deiridh. Is tubaiste a bheadh ann dá dtarlódh a leithéid,” a dúradh sa mheamram a cuireadh faoi bhráid iarAire na Gaeltachta Joe McHugh anuraidh.

Fág freagra ar 'Aighneas idir coiste stiúrtha Amharclann Ghaoth Dobhair agus Roinn na Gaeltachta faoi dheontas a ceadaíodh anuraidh'