Aighneas faoi chuóta cainteoirí Gaeilge a bheith mar chuid d’Acht Teanga ó thuaidh

Mhaígh Kellie Armstrong ón Alliance Party gur theip ar chainteanna Stormont mar gheall ar Shinn Féin a bheith ag éileamh go gcuirfí 10% de phoist nua sa Státseirbhís ar fáil do chainteoirí Gaeilge

Aighneas faoi chuóta cainteoirí Gaeilge a bheith mar chuid d’Acht Teanga ó thuaidh

Tá aighneas mór ann faoi ghné shonrach den Acht Gaeilge atá á éileamh ag Sinn Féin sna cainteanna atá ar bun i Stormont le tamall anuas — ceist na bpost do dhaoine le Gaeilge sa Státseirbhís.

Mhaígh Kellie Armstrong ón Alliance Party go bhfuil Sinn Féin ag éileamh go gcuirfí 10% de na poist nua a bheidh á bhfógairt sa Státseirbhís feasta ar fáil do chainteoirí Gaeilge, agus gur mar gheall ar an gcuid sin den Acht Gaeilge a theip ar na cainteanna is déanaí faoin bhfeidhmeannas ó thuaidh a athbhunú.

Dúirt an t-iar-aire airgeadais Máirtín Ó Muilleoir, áfach, gur ‘bunkum’atá i maíomh Armstrong agus nach bhfuil Sinn Féin ag iarraidh “aon chearta breise do chainteoirí Gaeilge thar mar atá acu i ndeisceart na hÉireann”.

Mhínigh Kellie Armstrong gur ag tagairt don phlécháipéis a d’fhoilsigh Conradh na Gaeilge níos luaithe i mbliana inar mhol an eagraíocht teanga go gcuirfí céatadán áirithe post sa státseirbhís ar fáil do chainteoirí Gaeilge sa chaoi is go mbeadh cainteoirí Gaeilge ó thuaidh in ann déileáil leis an státchóras ina dteanga féin.

Níos luaithe inniu dúirt ceannaire nua an UUP Robin Swann nach bhféadfadh “duine stuama” glacadh le hAcht Gaeilge ó thuaidh. Dúirt Swann, a ceapadh ina cheannaire ar an bpáirtí i ndiaidh thoghchán na bliana seo, go bhfuil an t-éileamh go mbeadh 10% d’oibrithe na hearnála poiblí ina gcainteoirí Gaeilge “doghlactha ar fad”.

“This is one example of why any reasonable person could not agree to the proposals for an Irish Language Act. Sinn Fein need to make clear what figure they had in mind in their 2015 proposals where they supported affirmative action,” a dúirt sé.

Mhaígh sé go mbeadh costas an-mhór ar chóras a chinnteodh go mbeadh Gaeilge ag 10% de na státseirbhísigh ó thuaidh. Dúirt sé freisin nach raibh aon amhras air ach go ndíreofaí freisin ar an tseirbhís phóilíneachta agus eagraíochtaí eile stáit gan mhoill agus go mbeadh costas mór ag baint leis sin freisin.