Aifreann sochraide Shéamuis Mhic Géidigh le craoladh amárach ar RTÉ RnaG

Tá ómós á léiriú go tréan do Shéamus Mac Géidigh, craoltóir, iriseoir agus tráchtaire spóirt, ó bhásaigh sé go tobann tráthnóna Dé Luain

Seamus-Mac-Geidigh-press

Craolfar aifreann sochraide Shéamuis Mhic Géidigh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta amárach, Dé hAoine, ag meán lae.

Is i dTeach Pobail Chríost Rí i nGort an Choirce a bheidh an t-aifreann ar siúl agus beidh sé le cloisteáil chomh maith ar líne ar Sheinnteoir Raidió RTÉ.

ómós á léiriú go tréan do Shéamus Mac Géidigh, craoltóir, iriseoir agus tráchtaire spóirt, ó bhásaigh sé go tobann tráthnóna Dé Luain.

54 bliain d’aois a bhí Bainisteoir Réigiúin ag RTÉ Raidió na Gaeltachta sa Tuaisceart.

Ba as an Ailt, An Ardaí Bheag, Gort an Choirce i nDún na nGall dó agus bhí ardmheas air ar fud an chontae sin, ar fud na Gaeltachta agus ar fud na tíre mar fhear uasal, mar chraoltóir cumasach díograiseach ildánach agus mar shártráchtaire spóirt.

Fág freagra ar 'Aifreann sochraide Shéamuis Mhic Géidigh le craoladh amárach ar RTÉ RnaG'