‘Aiféala’ ar Arlene Foster go ndearna sí comparáid idir Sinn Féin agus crogaill nach féidir á shásamh

Dúirt ceannaire an DUP go raibh aithreachas anois uirthi faoina ráiteas conspóideach toisc gur bhronn sé deis ar Shinn Féin droch-cháil a tharraingt uirthi agus mhaígh sí nach raibh aon bhaint ag an méid a bhí le rá aici faoi chrogaill le ceist an Achta Gaeilge

‘Aiféala’ ar Arlene Foster go ndearna sí comparáid idir Sinn Féin agus crogaill nach féidir á shásamh

Tá ráite ag ceannaire an DUP, Arlene Foster, go bhfuil “áiféala” uirthi gur chuir sí Sinn Féin i gcomparáid le crogaill a bhíonn i gcónaí ag iarraidh.

Dúirt Foster go raibh aithreachas anois uirthi faoina ráiteas conspóideach toisc gur bhronn sé deis ar Shinn Féin droch-cháil a tharraingt uirthi le linn an fheachtais toghchánaíochta ó thuaidh.

“I regret in so far as it allowed Sinn Fein to use it against me and to use it to demonise me.”

“Sinn Féin mounted a campaign of demonisation against me and to a certain extent succeeded in that. I just have to prove to people that I am the same Arlene Foster as I have always been, ” a dúirt ceannaire an DUP agus faoi agallamh ag an The Impartial Reporter.

San agallamh céanna, mháigh Foster gur bhain an ráiteas a rinne sí ag seoladh fheachtas an DUP an mhí seo caite le Sinn Féin amháin agus nach raibh aon bhaint aige leis an éileamh ar Acht Teanga do Thuaisceart Éireann.

“The crocodile comment was in relation to Sinn Féin and not in relation to the Irish Language Act,” a dúirt sí.

Dúirt ceannaire an DUP gur chóir go mbeadh ‘láncheart’ agus ‘lánchead’ ag daoine Gaeilge a labhairt agus mhaígh sí gur chaith an DUP na milliúin punt ar an teanga agus nárbh fhíor nár thacaigh a páirtí leis an nGaeilge.

“We spent £171 million on Irish language including Irish language education so it’s entirely wrong to say we don’t support the Irish language,” a dúirt sí.

Agus feachtas toghchánaíochta an DUP á sheoladh ar An Lorgain aici ag tús na míosa seo caite, dúirt Foster le teann magaidh go mb’fhéidir gur chóir Acht Polainnise a thabhairt isteach chomh maith le hAcht Gaeilge “óir tá níos mó cainteoirí Polainnise i dTuaisceart Éireann ná mar atá cainteoirí Gaeilge”.

Dúirt sí ag an ócáid chéanna nach mbeadh aon ghlacadh go deo ag an DUP le hAcht Gaeilge agus chuir sí Sinn Féin agus a n-éileamh ar leithéid d’Acht, i gcomparáid le ‘crogaill’.

“Má thugann tú bia do chrogaill, fillfidh siad arís agus arís eile ag iarraidh a thuilleadh,” a dúirt sí agus í ag tagairt d’éileamh Shinn Féin ar Acht Teanga.

D’fhág an chonspóid faoi ráiteas Foster go raibh ceist na Gaeilge agus an Achta Teanga go mór i mbéal an phobail le linn an fheachtais toghchánaíochta ó thuaidh.

Fág freagra ar '‘Aiféala’ ar Arlene Foster go ndearna sí comparáid idir Sinn Féin agus crogaill nach féidir á shásamh'

  • Concubhar

    Níl aiféaltas uirthí mar gheall ar an gcaint mhaslach an oiread is atá faoi gur phreab sé ar ais uirthí.