Aicsean! ‘Star Wars’ tosaithe in Iarthar Duibhneach

Tuigtear gur tosaíodh tráthnóna inné an scannánaíocht atá á déanamh in iarthar Duibhneach ar Star Wars Episode VIII

StarWarsTuairisc3

Tuigtear do Tuairisc.ie gur tosaíodh an scannánaíocht ar an gcéad eagrán eile de Star Wars tráthnóna inné in iarthar Duibhneach, ach nach mbeidh na réalta móra ag teacht ’on dúiche go ceann cúpla lá eile.

Tá borradh faoin obair ar an dá shuíomh atá á n-úsáid ag Lucas Films – Ceann Sibéal agus An Dún Mór – ó tháinig scuainí feithicilí a bhaineann le déanamh an scannáin go dtí An Baile Uachtarach, i ngiorracht scread asail do Ghalfchúrsa Cheann Sibéal, tráthnóna Dé Domhnaigh seo caite. Tá radharc glan ar na Scealaga, áit ar deineadh cuid den scannánaíocht ar leagan na bliana anuraidh de Star Wars, trasna Bhá An Daingin, ón láthair ar an Dún Mór, Dún Chaoin.

Do thug scuaine eile feithicilí cuairt ar an Dún Mór ar maidin inniu agus tá ollphuball tógtha ansin anois agus ceann eile in aice an Bhaile Uachtaraigh. Tá leithris shoghluaiste agus feithicilí chun leictreachas a ghiniúint curtha ar na láithreacha anois chomh maith le carbháin agus seomraí smididh do na haisteoirí.

StarWarsTuairisc4

Cé go raibh slándáil dhian go leor ann le tamall de sheachtainí anuas agus lucht déanta an scannáin ag iarraidh lucht gliúcaíola a choimeád amach as na láithreacha, tá cúrsaí slándála i bhfad níos déine ó mhaidin inniu agus deirtear go bhfuil baill den Gharda Síochána ar an láthair ar an mBaile Uachtarach in éineacht leis an lucht slándála príobháideach.

Fógraíodh chomh maith ar an deireadh seachtaine nach bhfuil cead eitilte i ngaobhar de na láithreacha seo anois agus gurb amhlaidh a bheidh ar feadh na tréimhse ina mbeidh an scannánaíocht ar bun. Ní bhaineann an bac seo le báid ach tá gléasanna dróin san áireamh sa bhac atá i bhfeidhm.

An-shásta ar fad atá lucht turasóireachta i ndúiche Duibhneach leis an gcúram seo ar fad agus táthar ag súil go dtiocfaidh turasóirí ina slaoda ’on dúiche in éis dóibh an scannán seo a fheiscint am éigin an bhliain seo chugainn.

Fág freagra ar 'Aicsean! ‘Star Wars’ tosaithe in Iarthar Duibhneach'