Bail ó Dhia ar ‘Kate agus Mick’, ach cén fáth go bhfuil AIB ag ligean orthu féin gur i gCorca Dhuibhne atá siad!

Dhein ár gcolúnaí roinnt taighde faoi fhógra de chuid AIB agus chuir an méid a fuair sé amach alltacht air. Ach chuir 'A Year ’Til Sunday' áthas athuair air...

Bail ó Dhia ar ‘Kate agus Mick’, ach cén fáth go bhfuil AIB ag ligean orthu féin gur i gCorca Dhuibhne atá siad!

Nach ait iad na rudaí a fhanann ar gor i gcúl do chinn. Le seachtainí tá an fógra sin de chuid AIB ag rith liom de shíor. Tá’s agat féin an ceann go maith; Kate agus Mick, lánúin mheánaosta go maith ag cur díobh faoina morgáiste atá tagtha chun críche an lá áirithe sin. Maoithneachas thar na bearta ag baint leis an rud ar fad le seatanna den teach, den tírdhreach agus den chlann fite fuaite le hionchur tomhaiste na beirte.

Anois is arís neadaíonn fógraí neafaiseacha i scioból samhlaíochta an phobail: an damhsa Guinness úd, cúpla fógra le Carlsberg, seancheann ESB le Alan Hughes, ceann Esat – ‘Howya, it’s me…the guy from the bar,’ agus a lán eile nach iad. Go deimhin tá  luach a leathphingine caite isteach ag TG4 agus cuimhním, ach go háirithe, ar an bhfógra iontach sin a nasc Ros na Rún le Cold Case agus an fógra úd do Paisean Faisean.

Ar aon nós, tá cad é bús faoi Kate agus Mick ach bhí rud éigin faoi a bhí ag cur as dom. Ar an gcéad chúpla féachaint taibhsíodh dom go bhfaca seat teann tapa de Chorca Dhuibhne agus tigh na beirte marcáilte air. Níor aithníos an tigh, an lánúin ná an tírdhreach a bhí le feiscint sa bhfógra. Músclaíodh mo shuim. D’fhéachas ar an bhfógra ar YouTube lena dhearbhú gur Iarthar Duibhneach a bhí ann. Ba é a bhí ann cinnte agus Cuan Ard na Caithne le feiscint go soiléir. N’fhéadfainn an baile fearainn a bhí marcáilte a dhéanamh amach agus chaitheas breith ar mo mhapa ordanáis féin (an iomarca Cold Case agus a leithéid feicthe agam) agus dheineas amach gur Cathair Scoilbín an baile a bhí marcáilte.

Tar éis a thuilleadh cuardaigh chonac gur i gCiarraí a bhí an lánúin lonnaithe ach taobh amuigh de Chill Airne agus ní in Iarthar Chiarraí.

Bhí saghas alltacht orm. Nach raibh an fógra ar fad ag brath ar fhírinne scéal na beirte agus an tslí a bhfuil na bainc ag cabhrú leis na gnáthdhaoine rudaí tábhachtacha a bhaint amach. N’fhéadfainn a chreidiúint go mbeadh cur i gcéill  ag baint le caint na mbanc. Ach anois nuair a chuimhním air…

Ráinigh dom a bheith i gcomhluadar uasal caide le déanaí mar ar deineadh trácht ar an gclár faisnéise A Year ’Til Sunday. I ndiaidh mo chuid bleachtaireachta cartagrafaíochta bheartaíos féachaint air ar You Tube. Ní raibh sé feicthe agam le tarrac ar 20 bliain agus bhíos leath in amhras go mbeadh an aois le haithint air. Mise dá rá leat nach raibh. Cinnte tá gnéithe áirithe go bhfuil aois imithe orthu ach tríd is tríd tá an táirge chomh cumhachtach, cumasach céanna is a bhí an lá ar craoladh é.

Gan amhras bhí go leor nithe beaga éagsúla a chinntigh gur sárshaothar faoi leith é táirge Pat Comer: dearcadh an duine ón taobh istigh, Craobh na hÉireann á buachan gan choinne, contae mór caide ar ais i lár an aonaigh den chéad uair le cianta agus ionchur macánta, tomhaiste, léargasach, deisbhéalach ós na rannpháirtithe, John O’Mahony agus Ray Silke, ach go háirithe. Ina theannta sin bhí deis againn laochra móra caide a fheiscint ag dul sna fir. Ní thagann an deis chéanna faoi dhó. Samhlaigh ceist á cur ar dhuine de bhainisteoirí an lae inniu an rochtain chéanna a thabhairt!

Ina dhiaidh sin arís d’fhéachas ar chlár Laochra Gael le Dara Ó Cinnéide. Bhí míobhán im cheann an chuid eile den tráthnóna agus mé sáinnithe sna nóchaidí déanacha. B’ait an tseachtain í.