Agus ‘SF baby killers’ á scríobh ar fhógraí bóthair, tá feachtas gránna dochosanta ar bun ó thuaidh…

Tá sé de cheart ag éinne thuairim féin faoi cheist ar bith a chraobhscaoileadh agus a chosaint ach níl sé de cheart ag éinne bréaga a scaipeadh faoi dhaoine eile, polaiteoirí san áireamh

Sea Ní hea blackboard

B’iad an fuath, nimh agus cothú faitís a bhain le feachtas an reifrinn ar ghinmhilleadh ó dheas i 1983 a tugadh chun cuimhne an tseachtain seo. Tá gach ceart ag daoine creideamh láidir a bheith acu faoi cheist ar bith. Glacaim leis go bhfuil ceist an ghinmhillte ar cheann de na hábhair is conspóidí a mbíonn saoránaigh agus polaiteoirí ag déileáil léi. Glacaim leis, freisin, go bhfuil sé de cheart ag daoine a dtuairim féin faoin gceist a chraobhscaoileadh agus a chosaint.

Ach níl sé de cheart ag éinne bréaga a scaipeadh faoi dhaoine eile, polaiteoirí san áireamh. Níl sé de cheart acu feachtas polaitiúil a rith faoi choim an dorchadais agus gan iad féin a ainmniú. Is suarach an mhaise dóibh é a bheith ag cothú faitís faoi phleananna nach bhfuil ar na bacáin agus nach nglacfaí leo sa tsochaí seo.

‘Samhnasach’ a dúirt bean liom i ndeisceart Thír Eoghain. Caitliceach í atá báúil le Michelle Gildernew ó Shinn Féin ach níor ghá a bheith fabhrach do Gildernew chun aontú léi faoin bhfeachtas brocach a bhí faoi chaibidil.

Bileog gan ainm údair, ná foilsitheora ná clódóra a bhí á plé againn. Tá drogall orm cur síos a dhéanamh ar a raibh ann, ní hamháin mar gur leabhal a bheadh ann ach mar nach fiú focal a chur amú ar an díbliú, cumadóireacht agus scanrú a bhí ann. Dá mbeadh an dream a bhí freagrach as in ann é a chosaint, chuirfidís a n-ainm leis. Bhí sé do-ghlactha.

Chomh maith leis an mbileog ghránna sin (a scaipeadh taobh amuigh de theach an phobail i gcás amháin, cluinim) tá graifítí ‘SF baby killers’ curtha ar fhógraí bóthair ag timpealláin i ndeisceart Thír Eoghain. Tá sé ar fhógraí ar dhá thaobh an bhóthair ag timpeallán in aice leis an gceantar ina bhfuil cónaí ar Michelle Gildernew agus a clann óg. Téann na paistí thairis ar a mbealach ar scoil agus ag teacht abhaile.

Mhaígh buíon ‘ar son na beatha’ gur chaill Gildernew an suíochán Parlaiminte d’Fhear Manach/Tír Eoghain Theas anuraidh i ngeall ar an bhfeachtas s’acusan in aghaidh Shinn Féin. Ar ndóigh ní fios an bhfuil bunús lena maíomh nó nach bhfuil ach tá na mílte bileoga scaipthe taobh thiar den Bhanna i mbliana – sin cinn thairis an cheann ó dhaoine anaithnide ar thagair mé di thuas.

Dhírigh mé ar an bhfeachtas in aghaidh Shinn Féin agus Michelle Gildernew go sonrach mar go bhfaca mé féin na líomhaintí seo is mé ar an mbóthar. Tá an tuairim á scaipeadh go bhfuil Sinn Féin i bhfabhar ginmhilleadh ‘ar éileamh’ rud atá séanta arís agus arís acu i rith an fheachtais. Tá siad i bhfabhar ginmhillte i gcás féatais neamh-mharthanaigh agus i gcás ionsaithe gnéis. Ní hiad Sinn Féin amháin atá faoi ionsaí, áfach. Tá cuid de na bileoga ó eagraíochtaí ar son na beatha dírithe ar pháirtí an Alliance a bhfuil an seasamh céanna acu le Sinn Féin. Sa mullach air sin tá an SDLP, Sinn Féin agus Alliance faoi ionsaí i ngeall ar a dtacaíocht do phósadh comhghnéis agus don chomhionannas agus an chuma ar an scéal gurb iad an DUP agus TUV na páirtithe a bhfuil glacadh leo.

Bheinn ag súil nach mbeadh tacaíocht na hEaglaise Caitlicí – nó eaglais ar bith, gan dabht – ag an mbileog bhréagach, dhíblíoch.

Gníomh morálta a bheadh ann í a cháineadh.

Fuair lucht feachtais in aghaidh an ghinmhillte agus in aghaidh an phósta comhghnéis uchtach ó na heaspaig Chaitliceacha sa tuaisceart an tseachtain seo. D’eisigh siad tréadlitir mar threoir do vótóirí ag rá gur gníomh morálta é vóta a chaitheamh agus ag liostáil deich gceist ba cheart don vótóir Caitliceach a chur ar iarrthóirí.

Bhain an chéad cheist le conas a ghabhfadh an Tionól/Feidhmeannas i ngleic le bochtanas, go háirithe le páistí a chosaint ó bhochtanas, Bhain ceisteanna a dó, a trí agus a ceathair le ginmhilleadh agus pósadh comhghnéis agus conas a chinntiú nach nglacfar leo i Stormont. Dhírigh na ceisteanna eile ar oideachas Caitliceach, ciapadh Chríostaithe, cearta do dhídeanaithe agus forbairt sochaí comhroinnte.

Tá sé de cheart ag gach eaglais a rialacha a chur i bhfeidhm ar a cuid fíréan. Ní chuirfeadh aon duine sibhialta isteach air sin. Ach tá deighilt idir eaglais agus stát agus níl sé de cheart ag eaglais ar bith rialacha – dlíthe – a leagan síos do dhaoine nach mbaineann leo.

Ba cheart ag na heaspaig é a dtreoirlitir a chur amach, ach níl ceart ar bith acu mar rialtóirí. Tugaidís aire dá dtréad féin agus fágaidís gnóthaí Caesar faoi Caesar.

Fág freagra ar 'Agus ‘SF baby killers’ á scríobh ar fhógraí bóthair, tá feachtas gránna dochosanta ar bun ó thuaidh…'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Sách ráite.

  • Bearnaí Ó Doibhlin

    Is léir nach bhfuil faic foghlaimthe ag na heaspaig óna scannail a bhain leis an eaglais, ní amháin in Éirinn ach ar fud na cruinne.

  • Fearn

    Nil mé buileach cinnte cé mar a bheadh an feachtas seo “gránna dochosanta”. Is léir go bhfuil mothúcháin láidre ag daoine áirithe agus go bhfuil said ag cur bearta is briathar i ngníomh. Cead aighnis ag cách.