Agus dá mba cheart daonna é an rothar?

Tá scéim rothar domhanda á moladh ag ár gcolúnaí a bheadh ina ‘chomhneartú neamhreiligiúnda’

traffic-light-876043_1280

Cheannaigh mé rothar inné. Den chéad uair ó bhog mé go cathair Salvador, sa Bhrasaíl, ocht mbliana ó shin, bhí dhá roth faoi mo thóin a bhí á gcur ag gluaiseacht agam le mo dhá chos féin. Níor thóg an turas ón siopa go dtí m’árasán ach leathuair an chloig orm. Uair an chloig a thógfadh an turas céanna ar an mbus – a gcaithfí fanacht air, a rachadh i bhfostú sa síorthranglam tráchta, agus nach dtabharfadh go dtí an doras mé.

Cad chuige nach raibh rothar agam roimhe seo? Bhí dhá chúis leis sin.

1. Tír í an Bhrasaíl nach raibh cultúr rothaíochta forleathan ann riamh. Dá bharr sin, ní bhíonn meas mada ag tiománaithe carr ar lucht rothar.

2. Tá cónaí orm ar chnoc iontach, iontach ard.

Le blianta beaga anuas, áfach, tá athrú ag teacht ar an gcéad chúinse. Tá raonta rothar agus scéimeanna cíosrothar á gcur i bhfeidhm i gcuid mhór cathracha sa tír, cathair Salvador san áireamh. Ní chuirfear de dhroim seoil an dara deacracht – an fána géar go dtí m’árasán – go brách, ach ba leor an feabhas ar an tsábháilteacht bóthair le misneach a thabhairt dom dúshlán an chnoic a thabhairt.

Agus mé ag rothaíocht abhaile den chéad uair, rith smaoineamh liom.

Dá mba cheart daonna é an rothar…?

Dá gcuirfí airteagal breise i nDearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine a chinnteodh go mbronnfadh gach stát (nó na Náisiúin Aontaithe féin) rothar páiste ar gach duine ar domhan ag aois a sé, ceann déagóra ag aois a dó dhéag, agus ceann do dhuine fásta ag aois a sé nó a seacht déag?

Chruthófaí nós domhanda a rachadh chun tairbhe na timpeallachta agus a chothódh grá di: tá sé dodhéanta a bheith ag rothaíocht leat gan lán do dhá shúil a bhaint as an áilleacht timpeall ort.

Lena chois sin, chruthódh scéim mar seo ceangal idir gach duine beo ar domhan, beag beann ar dhath, cine agus creideamh: bheadh ‘searmanas bronnta an rothair’ mar a bheadh comhneartú neamhreiligiúnda. Seans go gcuideodh sé sin linn an daonnacht i ndaoine eile a aithint.

An sceimhlitheoir a shéidfeadh san aer sinn, seans go gcuimhneodh sé gur daoine ar rothair iad a chuid íobartach; na daoine a chaithfeadh buamaí ar ‘sceimhlitheoirí’, seans go gcoinneoidís a gcuid eitleán ar an talamh dá gcuimhneoidís gur daoine ar rothair iad na fir agus na mná céanna, a ndála féin. Dá éagsúla sinn, bheadh rud amháin i gcoitinne againn: ní rud teibí ar nós creidimh nach mbeimis ach ag troid faoi, ach rud praiticiúil a shábhálfadh an timpeallacht.

Idéalachas saonta? Seans. Ach cá bhfios: má mhúineann an rothar rud ar bith don duine, múineann sé dúinn cad is meas ann. Meas ar a bhfuil timpeall orainn, ar fhórsaí an nádúir, ach meas ar fhórsaí ár gcolainne agus ár n-intinne féin freisin – mar a fuair mé féin amach nuair a tháinig mé chomh fada leis an gcnoc ard ar a bhfuil m’árasán suite.

Fág freagra ar 'Agus dá mba cheart daonna é an rothar?'

  • Eilís Ní Anluain

    An-smaoineamh, a Alex.

  • Fearn

    Go maire tú na boinn fút, idir chraiceann is rubar!