Agus bhí ‘Solas’ ann! A gcéad albam le seoladh ag Seo Linn…

Eiseofar albam nua Seo Linn, Solas, ar an 3 Márta agus beidh leabhrán gníomhaíochtaí ar fáil in éineacht leis do dhaltaí scoile

Agus bhí ‘Solas’ ann! A gcéad albam le seoladh ag Seo Linn…

Beidh a gcéad albam á sheoladh ag an mbanna ceoil Seo Linn ag tús na míosa seo chugainn agus súil ag an gceathrar, a casadh ar a chéile den chéad uair i gConamara, an Ghaeilge a spreagadh ar bhealach “spraíúil agus fuinniúil”.

Seolfar Solas ar an 3 Márta, tús Sheachtain na Gaeilge,  in éineacht le leabhrán oibre do dhaltaí scoile. Tá 11 amhrán ar an albam nua, amhráin Bhéarla agus Ghaeilge, cinn nua-chumtha agus leaganacha nua de sheanamhráin. Is as ceann de na hamhráin nuachumtha Ghaeilge sin, ‘Solas’, a ainmníodh an t-albam.

Beidh liricí, cordaí, cluichí, crosfhocail, tráth na gceist, agallaimh, agus treoracha damhsaí ar fáil sa leabhrán gníomhaíochtaí a bheidh á eisiúint saor in aisce do dhaltaí scoile a cheannaíonn an t-albam.

Dúirt príomhamhránaí Seo Linn, Stiofán Ó Fearail, gur amhráin nuascríofa iad naoi gcinn de na hamhráin a bheidh ar an albam agus nach bhfuil cúig cinn acu sin cloiste ag lucht leanta an bhanna go fóill.

“Thug muid ‘Solas’ ar an albam mar tá muid ag iarraidh solas nua a lasadh maidir le conas tabhairt faoin nGaeilge. Tá sí nua, tá sí comhaimseartha, agus baineann sí le saol na linne seo,” a dúirt sé.

Dúirt Ó Fearail go raibh sé ar intinn ag baill an bhanna EP a chur amach ón uair a bheartaigh siad tabhairt faoi ghairm an cheoil ar bhonn lánaimseartha, agus go bhfacthas dóibh go raibh sé chomh maith acu ruainne beag níos mó oibre a chur isteach agus albam iomlán a dhéanamh den EP.

“Thosaigh sé seo, is dóigh, leis an amhrán ‘Ar Scáth a Chéile’, an chéad amhrán nuascríofa a chuir muid amach. Scríobh muid an ceann sin agus muid in Uganda cúpla bliain ó shin.

“Chuaigh muid go Conamara ar feadh seachtaine ag scríobh amhrán, agus chaith muid tamall i gCill Airne agus in Áras Chrónáin i gCluain Dolcáin freisin. Bhí léiritheoir iontach againn, James Darkin, shuigh muid síos leis agus rinne muid taifead ar gach rud i gcúpla stiúideo: Lána an Teampaill, Plás Hoirbeaird, Cill Airne agus Áras Chrónáin féin,” a dúirt sé.

Is mó an cháil atá ar Seo Linn i láthair na huaire mar gheall ar na leaganacha Gaeilge atá déanta acu d’amhráin mhóra an Bhéarla, go háirithe na hamhráin a thaifead siad le Coláiste Lurgan in Indreabhán, an coláiste Gaeilge inar casadh ar a chéile den chéad uair iad. Bhí an-tóir ar an leagan Gaeilge a rinne siad den amhrán ‘Castle on the Hill’ le Ed Sheeran trí seachtaine ó shin, freisin.

Is iomaí stíl éagsúil a bhí i gceist leis na leaganacha Gaeilge seo, ach dúirt Ó Fearail go raibh deis ag Seo Linn a nguth féin a aimsiú agus a fhorbairt sna hamhráin nuachumtha.

“An t-ainm a chuirfinn air ná ‘pop-folk’ nó ‘folk-pop’. Tá ár gcúinne beag féin aimsithe againn ó thaobh stíle de, agus tagann an stíl sin lenár n-uirlis, an giotár, an maindilín, an bosca ceoil, an méarchlár agus uirlisí eile nach iad. Anuas air sin, tá an treibheachas le brath sna drumaí agus sna rithimí atá againn.

“Tá na hamhráin lán fuinnimh agus beochta. Tá amhrán an teidil, Solas, beagán éagsúil leis na cinn eile, ach tá ár nguth féin le cloisteáil tríd an albam,” a dúirt sé.

Dúirt sé go bhfuil Seo Linn “thar a bheith sásta” leis an albam nua agus go bhfuil súil acu go dtaitneoidh na hamhráin lena lucht leanta.

“Tá muid thar a bheith sásta, tá muid ag casadh leis an léiritheoir anocht le ceiliúradh a dhéanamh ar an scéal. Tá muid an-sásta le chuile amhrán a bheidh ar an albam, ach tá cúpla amhrán ann atá an-speisialta go deo. Beidh muid ar ár ndícheall ag iarraidh Gradam Nós a fháil an bhliain seo chugainn!” a dúirt sé.

Beidh Seo Linn dul chun na hAstráile ar an 4 Márta le seinm ag an bhFéile Groundswell ag Lake Tyers Beach i Victoria. Beidh siad ag filleadh ar Éirinn ina dhiaidh sin le páirt a ghlacadh i Seachtain na Gaeilge, ag imeachtaí ar fud na hÉireann.

Dúirt Ó Fearail go mbeidh seó mór speisialta le fógairt ag an mbanna ceoil go luath ach nach féidir rud ar bith eile a rá faoi i láthair na huaire. Beidh siad ag dul ar camchuairt timpeall na hÉireann i ndiaidh an tsamhraidh agus an ceol nua ó Solas á chur chun cinn acu.

Fág freagra ar 'Agus bhí ‘Solas’ ann! A gcéad albam le seoladh ag Seo Linn…'