Agus anois na Dea-Scéalta Nuachta, agus tosaímis ar maidin le scéal faoi na Gardaí…

Baineann cuid mhór de cheird an iriseora le fiosrú drochscéalta, ach uaireanta téann cúrsaí i bhfeabhas ar dhóigh nach léir a cúis

Agus anois na Dea-Scéalta Nuachta, agus tosaímis ar maidin le scéal faoi na Gardaí…

Pictiúr: RollingNews.ie

Is dlúthchuid drochscéala de shaothar iriseora. Baineann cuid mhór den cheird le fiosrú nó le cur síos ar ábhair éadóchais, imní agus náire.

Bíonn dea-scéala ar chlár oibre mhórán iriseoirí freisin ar ndóigh, ach eascraíonn dea-scéalta de ghnáth ó phreasráitis, ó fheachtais phoiblíochta, nó ó bhunábhar a sceitheann polaiteoirí nó daoine atá ag obair ar a son.

Déanta na fírinne, ní bhíonn ár bhformhór ar ár lánsuaimhneas agus dea-scéala á insint againn. Ceist nach gcuirtear go minic: ‘an cuimhin leat an dea-scéal iontach sin a scríobh sé/sí anuraidh?’

Níl meon an phobail ródhifriúil ó mheon an iriseora. Cuireann corrdhuine i leith na meán uaireanta go gcuirimid róbhéim ar nuacht dhiúltach.

Bheadh ceannlíne mar seo fírinneach:

NÍ CHUIRFEAR 98% D’EITILTÍ RYANAIR AR CEAL

ach cheilfeadh ceannlíne dá leithéid an fhírinne thábhachtach:

CUIRFEAR 2% D’EITILTÍ RYANAIR AR CEAL

Tá achasán níos bunúsaí tuillte ag na meáin, ceart go leor. Is é sin, gur fearr a gcumas drochscéala a thuar roimh ré ná dea-scéala. Ní chuirfear am amú anseo ag iarraidh an neamhábaltacht seo a chíoradh ná a chosaint. Ach ní féidir a shéanadh gur mar sin atá.

Ní gá ach smaoineamh ar stair na Gearmáine le 30 bliain anuas chun teacht ar shampla breá d’éagumas na meán nuair a theip orthu dea-scéala agus casadh cinniúnach i stair na tíre sin agus na hEorpa a thuar roimh ré.

Tríocha bliain ó shin, bhí dhá stát sa Ghearmáin, agus balla nó claí eatarthu a chuir bac ar shaorthaisteal thar teorainn. Bhí stát daonlathach san iarthar, agus stát cumannach san oirthear. I Meán Fómhair 1987, thug ceannaire cumannach an oirthir Erich Honecke a chéad chuairt riamh ar an iarthar.

Ba léir d’iriseoirí san iarthar gur theastaigh rapprochement leis an iarthar ón gceannaire cumannach, agus go raibh míshásamh le riail na gcumannach ag neartú san oirthear. Ach níor thuar iriseoir ar bith i1987, ná i 1988, go leagfadh slua gnáthdhaoine Balla Bheirlín i 1989 agus go mbeadh an tír aontaithe faoi cheann bliana ina dhiaidh sin.

Is cás eisceachtúil é, ach léiríonn sé mar a athraíonn léargas tíre ar dhóigh nach mbíonn na meáin, nó móramh an phobail, ag súil leis roimh ré.

Is léir dúinn go léir an ghéarchéim sa Gharda Síochána. Ní hionann rud dearfach a rá faoin bhfórsa agus beag is fiú a dhéanamh den athrú mór chun feabhais atá riachtanach agus a n-iarrfar ar an gcoimisinéir nua tabhairt faoi.

Sin ráite, is fiú tagairt a dhéanamh anseo do cheithre scéal tarrthála as Sligeach le gairid, nár tharraing mórán aird sna meáin náisiúnta.

An deireadh seachtaine seo caite, léim an Garda Pádraic Deery isteach in abhainn i lár bhaile Shligigh faoi choim na hoíche chun bean a thabhairt slán. Tháinig an Garda T.J. Gallagher i gcabhair air.

Go gairid ina dhiaidh sin, tharrtháil an Gallchórach fear eile a thit isteach sa Gharbhóg gar don áit inar tarrtháladh an bhean níos luaithe.

Shábháil cúigear Gardaí eile fear agus bean san abhainn chéanna i Sligeach, tar éis eachtraí tarrthála ar leith sa Gharbhóg i mí Lúnasa.

Tar éis na n-eachtraí seo go léir, mhol urlabhraithe ón nGarda Síochána agus ó Chumann Ionadaíoch na nGardaí (GRA) an lucht tarrthála, ar chúiseanna nár bhain le crógacht amháin. Mar shampla, tar éis an dara heachtra tarrthála i mí Lúnasa, dúirt Ray Wims, urlabhraí áitiúil an GRA:

‘We hear a lot of negativity and controversy in relation to the Gardaí, but this is a fine example of the real work that Gardaí do 24/7 in divisions around the country.’

Bhí an leath-thagairt d’ábhair náire (ar nós 1.5 milliún tástáil anála a cuireadh ar taifead ach nach ndearnadh riamh) soiléir láithreach. Ní diúltachas ach mí-ionracas is cúis le míshuaimhneas an phobail.

D’aontódh ár bhformhór mar sin féin leis an dara cuid den ráiteas thuas. Tá obair ghairmiúil, chróga, éifeachtach á déanamh mar ba chóir ar bhonn leanúnach ag Gardaí ar fud na tíre. Dá dhéine an dúshlán athchóirithe, cabhróidh díograis agus dea-thréithe an mhóraimh le cur chuige an choimisinéara nua.

An ionann sin agus a rá go bhfuil dea-scéala sa Gharda Síochána á thuar sa cholún seo? Ní hionann. Ach ná cuir as an áireamh go hiomlán go dtiocfar slán ó ghéarchéim reatha na nGardaí.

Fág freagra ar 'Agus anois na Dea-Scéalta Nuachta, agus tosaímis ar maidin le scéal faoi na Gardaí…'