Agus anois aimsir Mhic Con Iomaire…

Labhair Tuairisc.ie le Colm Mac Con Iomaire faoina albam nua atá le seoladh anocht

Colm - pic luaite le Killian Broderick Photography

Faoi dhó a thit mé i ngrá le Colm Mac an Iomaire.

Deich mbliana ó shin i dteach tábhairne in Adelaide na hAstráile an chéad uair, agus é ar ardán leis an ghrúpa ‘The Frames’, agus arís ar maidin agus mé á chur faoi agallamh don alt seo.

Éinne a bhfuil dúil acu sa cheol, is deacair gan a bheith faoi gheasa ag an bhfear céanna.

Tá a dhara halbam And now for the Weather/ Agus Anois an Aimsir á sheoladh inniu aige, agus tá tuilleadh fianaise ann, ní hamháin ar a chumas mar cheoltóir, ach ar a sheasamh mar dhuine de mhórchumadóirí na hÉireann. Ba é The Hares Corner/Cúinne an Ghiorria, a eisíodh sa bhliain 2008, an chéad album leis.

Is geall le Seán Ó Riada ár linne é sa dóigh a léiríonn sé tuiscint ar an traidisiún agus ar shaoirse an chumadóra a chuid féin a dhéanamh den traidisiún céanna.

Tá sé ag gabháil don ‘Rock ‘n Roll’ anois le 25 bliain agus ní haon iontas dá réir gur mór aige an tsaoirse.

“Chaith mé píosa fada ag foghlaim mo cheirde agus ní bheidh deireadh go deo leis an bhfoghlaim sin. Tá na blianta caite agam ag triail cineálacha éagsúla stíleanna agus fuaimeanna, agus tháinig mé ar cheann a d’fheil dom agus a thaitin liom sa deireadh.”

Is as tobar an cheoil thraidisiúnta agus an cheoil chlasaicigh a fáisceadh Colm, agus tá an dá chineál sin ceoil mar bhunús aige go fóill.

“Mar a bheadh canúintí ann, baineann tú leas as fuaimeanna a chuala tú le linn d’óige agus téann sé sin i bhfeidhm ar an gcaoi a labhraíonn tú. Ceapaim go bhfuil an ceol ar an gcaoi chéanna. Nuair a chumann mise ceol, tá réimse áirithe nótaí i mo chluais agam a mbím ag tarraingt orthu.”

Gan aige ach ‘4-track’ agus fidil, bhí Colm ag cumadh ceoil ó bhí sé sna luathdhéaga. Tá a sheid anois mar iarsmalann agus é lán de mhálaí de sheantéipeanna a thugann léargas ar an tréimhse bhisiúil sin!

Bhí Colm an uair sin sáite i saol an cheoil a bhain le Coláiste Eoin, Baile Átha Cliath, scoil a raibh cáil an cheoil riamh uirthi. Le Kíla a thosaigh sé sula ndeachaigh sé isteach sna Frames sa bhliain 1991.

Tugann sé suntas ar leith don tsaoirse a a bhraith sé le linn na tréimhse fada a chaith sé leis an rac-cheol.

Is ón rac-cheol a d’fhoghlaim sé conas “dathanna a mheascadh nár cheart a mheascadh”.

“Rud iontach faoin rac ná go meallann sé pobal ceoil ar leith agus go gcuireann sé fáilte roimh gach sórt ceoil agus gach saghas duine, ó chúlraí punc, traidisiúnta nó cibé sórt.”

Ach tar éis 25 bliain “a bheith i bpócaí a chéile”, ba mhór an faoiseamh dó seasamh siar ó The Frames.

“Ar bhealach, theastaigh uaim aer na cruthaitheachta a análú mé féin.”

Le teacht an scannáin Once i 2006, a thuill Oscar do phríomhamhránaí na Frames, Glen Hansard, ba go nádúrtha a cuireadh an banna ar leataobh ina shaol.

“Ba léir dom i ndiaidh cúpla bliain nuair a chuaigh rudaí chun suaimhnis leis an ngrúpa gur cheart dom forbairt a dhéanamh ar mo chuid stuif féin, gan a bheith ag brath ar thairiscintí fánacha daoine eile. Theastaigh uaim smacht a bheith agam ar mo shaol féin.”

“Bhí sé riachtanach i ndáiríre; an rud is measa ná a bheith i mbanna gan a bheith sásta.”

“Is éard a theastaigh uaim ná banna ina mbeadh saoirse i réim seachas an coinscríobh a bheith á chur i bhfeidhm. Le roinnt blianta roimhe sin, mhothaigh mé go raibh mé ceangailte le slabhraí ann.”

Ní hé go bhfuil deireadh ar fad le The Frames, ná baol air, agus déanfaidh siad 25 bliain ar an fhód a cheiliúradhe sraith ceolchoirmeacha an samhradh seo. Ach tá sé anois mar a bheadh ‘rómáns comhaimseartha’ ann in áit caidreamh lánaimseartha.

Ó thóg The Frames sos, tá Colm ag bláthú mar chumadóir agus saothair éagsúla déanta aige don teilifís, don stáitse agus fiú, don scáileán mór.

Is spéisiúil gur cuireadh an síol dá chéad albam The Hares Corner/Cúinne an Ghiorria i bhfuaimrian a chum sé don chlár teilifíse Cladaigh Chonamara a craoladh ar TG4 i 2006.

Bunaithe ar an chur chuige céanna atá an t-albam is déanaí leis.

Tá a lorg fágtha ar an albam nua chomh maith ag míreanna mearaí ceoil a chum sé do chláir teilifíse, scannáin agus drámaí. Ba do dhráma leis an chomhlacht Branar a chum sé an rian ‘Bláth’, mar shampla.

“Iarracht ar fhoirfeacht a bhaint amach san ealaíon is mó a spreagann na tograí seo agus bainim an-sult as a bheith ag obair le daoine eile chuige sin.”

Tóraíocht seo na foirfeachta atá mar spreagadh aige ina shaothar aonair chomh maith.

Agus an cruthúnas air sin ná an deich bpíosa ceoil a fágadh ar lár sa bhailiúchán is déanaí leis.

“An bhé a bhíonn do do threorú agus a bhíonn i gceannas i gcónaí. Faoi dheireadh, seasann tú siar agus bíonn sé réidh, nó uaireanta fágann tú ar leataobh é.”

“Níl a fhios agam an díchiall, soineantacht, misneach nó meascán de na rudaí sin ar fad a spreagann mé chun mo shaol a chaitheamh leis an gceol.”

– Seolfar And Now for The Weather/Agus Anois an Aimsir Tigh Whelan i mBaile Átha Cliath anocht. 

Fág freagra ar 'Agus anois aimsir Mhic Con Iomaire…'