Agóid in aghaidh thuirbín gaoithe Ghaoth Dobhair le bheith ann inniu

Beidh an agóid ar siúl ag Oifig Údarás na Gaeltachta i nGaoth Dobhair, tuairim is 600 méadar ón áit atá beartaithe don tuirbín nua gaoithe

Agóid in aghaidh thuirbín gaoithe Ghaoth Dobhair le bheith ann inniu

Tá agóid beartaithe ag ‘Grúpa Oibre Stad an Tuirbín Gaoithe’ ag oifigí Údarás na Gaeltachta sna Doirí Beaga i dTír Chonaill inniu ag a haon a chlog.

D’iarr an grúpa ar Údarás na Gaeltachta go bpléifí ceist an tuirbín gaoithe ag an gcruinniú de Bhord an Údarás atá ar siúl inniu ach thug urlabhraí de chuid heagraíochta le fios do Tuairisc.ie nach bhfuil an t-ábhar ar chlár chruinniú an lae inniu cé go bhféadfadh go bpléifí a leithéid mar chuid de ‘Aon Ghnó Eile’ an chruinnithe.

Bunaíodh Grúpa Oibre Stad an Tuirbín Gaoithe cúpla seachtain ó shin le cur in aghaidh an tuirbín gaoithe atá beartaithe do Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair.

Ba ag cruinniú poiblí a reáchtáladh i nGaoth Dobhair  a socraíodh go gcuirfí an agóid suas le cur in éadan an iarratais ar chead pleanála a chuir an comhlacht Lir Energy Teo chun tuirbín gaoithe 124m ar airde a thógáil sa pharóiste.

Bhí ochtó duine i láthair ag an gcruinniú a bhí ar siúl in Ionad Naomh Pádraig i nDobhar. Líonadh 30 aighneacht, ina gcuirtear in aghaidh an tuirbín, ag an gcruinniú atá anois le cur faoi bhráid rannóg pleanála na Comhairle Contae.

Dúirt Gearóid Ó Maonaigh, ón nGrúpa Oibre, go bhfuiltear ag súil lena leithéid d’aighneacht ó chúpla grúpa eile atá lonnaithe sa cheantar, craobh de chuid Shinn Féin agus Aerfort Dhún na nGall ina measc.

“Tá brú mór ag teacht ón bpobal anois, tá siad go huile is go hiomlán linn ar an gceist seo agus sílim gur feachtas maith atá ann. Níor labhair duine ar bith amach ar son an tuirbín gaoithe ag ceann ar bith de na cruinnithe a bhí ann, agus níor labhair duine ar bith liomsa timpeall an bhaile ar a shon ach an oiread,” a dúirt Ó Maonaigh le Tuairisc.ie.

Rinneadh cur i láthair ag an gcruinniú ar an méid atá déanta cheana féin ag an nGrúpa Oibre agus rinneadh cur síos ar an iarratas pleanála atá curtha isteach chuig an gComhairle Contae.

D’iarr an Grúpa Oibre ar Bhord Údarás na Gaeltachta “cuidiú” leis an ngrúpa trí dhá rún a chur chun cinn ag cruinniú Bhord an Údaráis a bheidh ar siúl i nGaillimh inniu.

Iarradh go mbeadh sé mar pholasaí ag Bord Údarás na Gaeltachta nach mbeadh tuirbíní gaoithe ar bith á gcur suas ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair, mar nach bhfuil “toil ná tacaíocht ón bpobal dá leithéid”.

Bhíothas ag iarraidh freisin go ndéanfaidh Údarás na Gaeltacht aighneacht chuig Comhairle Contae Dhún na nGall in aghaidh  an iarratais atá istigh cheana féin ag Lir Energy.

Dúirt Gearóid Ó Maonaigh go bhfuil an Grúpa Oibre den tuairim go gcuirfeadh an dá rún “deireadh leis an scéal ar fad láithreach”.

Thug urlabhraí de chuid Údarás na Gaeltachta le fios do Tuairisc.ie ar maidin “nach bhfuil aon mhír shonrach maidir leis an gcás” ar chlár cruinnithe an lae inniu ach go bhfuil sé de chead ag comhaltaí boird “aon ábhar gur mian leo” a ardú ag an gcruinniú sa mhír ‘Aon Ghnó Eile’.

Dúirt an t-urlabhraí “nach gnáthchleachtas ná nós” leis an Údarás a ladar a chur isteach in iarratais phleanála a bhfuil baint dhíreach acu leis an eagraíocht féin.

“Is fiosrúchán atá sa togra ag an staid seo agus is féidir le comhlachtaí eile gur suim leo é iarratas a dhéanamh lena leithéid de thogra a fhiosrú. Is féidir a dhearbhú nach bhfuil aon iarratas tacaíochta faighte don togra de réir gnáthchláir infheistíochta an Údaráis,” a dúradh.

Dearbhaíodh nach bhfuil aon cheangal conartha idir an tÚdarás agus Lir Energy ar an togra , cé gur thoiligh an tÚdarás cead a thabhairt don chomhlacht iarratais phleanála a dhéanamh ar thalamh na heagraíochta.

Idir an dá linn, dúirt duine de stiúrthóirí Lir Energy le Tuairisc.ie gur baineadh anuas fógraí cead pleanála ón láthair i nGaoth Dobhair, gan cead, cúig huaire. Tá na líomhaintí sin séanta ag an nGrúpa Oibre agus deir siad “nár bhain aon duine do [na fógraí] ach Lir Energy iad féin” a chuir greamán le dáta nua air. Maíonn siad freisin go bhfuil grianghraif acu a chruthóidh nár bogadh na fógraí.

Dúirt an stiúrthóir le Tuairisc.ie gurbh fhearr leis gan labhairt faoin gceist ach go raibh “díomá” air faoin aiseolas atá ag teacht ó phobal Ghaoth Dobhair.

“Tá an-díomá orm, táimid ag obair air seo, i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta, le dhá bhliain anuas. D’fhéadfadh an tÚdarás treoir níos fearr a thabhairt dúinn maidir leis seo, is eagraíocht phobail iad sin, bheadh a fhios níos fearr acu faoi mheon an phobail. Níor chualamar ach rudaí dearfacha faoin togra ón Údarás go dtí cúpla seachtain ó shin,” a dúirt sé.

Dúirt urlabhraí de chuid an Údaráis le Tuairisc.ie gur “áitigh an tÚdarás go soiléir agus go láidir” ar an gcomhlacht fuinnimh an tábhacht a bhain le comhairliúchán poiblí “cuí agus forleathan” le pobal an cheantair agus gur “ábhar don chomhlacht féin a chinntiú go gcuirfí a leithéid i gcrích” sula ndéanfaí aon iarratas pleanála.

“Tá iarracht déanta ag an Údarás comhráití leanúnacha a chinntiú le gach páirtí san ábhar seo le cúpla seachtain anuas. D’fhreastail feidhmeannaigh de chuid an Údaráis ar chruinniú poiblí leis i gcoitinne. Tá iarracht mhór déanta ag an Údarás soiléiriú a thabhairt do na páirtithe leasmhara ar fad, tionscnóir an tionscadail san áireamh, ar staid reatha an tionscadail,” a dúirt sé.

Dheimhnigh Príomhfheidhmeannach an Údaráis, Stiofán Ó Cúláin, nach rachadh an togra ar aghaidh ag leibhéal an Údaráis “gan próiseas oscailte trédhearcach comhairliúcháin pobail” a thionól ina leith.

Dúirt urlabhraí an Údaráis gur “ag Bord Údarás na Gaeltachta atá an cinneadh deireanach” i gcás go dtiocfadh moladh os a gcomhair .

Fág freagra ar 'Agóid in aghaidh thuirbín gaoithe Ghaoth Dobhair le bheith ann inniu'