Agóid amháin a rinneadh in aghaidh iarratas Naíscoil Éanna ar mhaoiniú stáit

Maíodh sa litir go mbeadh sé “míchuí maoiniú stáit a chur ar fáil d’fhorbairtí caipitil nach raibh éigeantach” i bhfianaise na gciorruithe buiséid atá curtha i bhfeidhm le tamall anuas

All-at-Ribbon-2-new-680x320
Naíscoil Éanna. Pictiúr: Gaelscoil Éanna

Ní bhfuarthas ach litir amháin a rinne agóid in aghaidh na naíscoile nua i scoil Éanna i nGleann Ghormlaithe i gContae Aontroma le linn an phróisis chomhairliúcháin faoi mhaoiniú stáit a reáchtáladh le deireanas. Cheadaigh an tAire Oideachais Peter Weir an maoiniú stáit don naíscoil níos túisce an mhí seo.

Tháinig an litir ó scoil eile sa cheantar, Mossley PS, a bhfuil iar-chomhalta Stormont de chuid an UUP, Fraser Agnew, ar dhuine de na ngobharnóirí atá uirthi.

Maíodh sa litir go mbeadh sé “míchuí maoiniú stáit a chur ar fáil d’fhorbairtí caipitil nach raibh éigeantach” i bhfianaise na gciorruithe buiséid atá curtha i bhfeidhm le tamall anuas.

Dúradh freisin go ndéanfaí “mí-leithghabháil” ar chaiteachas amach anseo dá gceadófaí an maoiniú stáit do naíoscoil Éanna.

“It will either divert financial resources from existing provision to alternative provision and cause further cutbacks in staffing levels, loss of development and raise questions of viability etc. or else, non-compulsory provision will be expanded with the requirement that additional financial resources are redirected to meet this need,” a dúradh sa litir.

Dúirt an Canónach Neil Cutliffe, ó Shéipéal an Spioraid Naofa i nGleann Ghormlaithe, atá ar bhord na ngobharnóirí le 18 bliain anuas gur imní faoin maoiniú agus sin amháin ba chúis leis an litir.

Dúirt an tAire Weir, nuair a cheadaigh sé an maoiniú, gur léir ó líon na ndaltaí atá ag freastal ar an naíscoil, go mbeadh an soláthar oideachais a moladh san iarratas ar mhaoiniú “inmharthana”. Bhí an naíscoil ag feidhmiú gan maoiniú stáit go dtí seo.

Rinneadh iarratas ar mhaoiniú le 26 áit lánaimseartha a chur ar fáil sa naíscoil. Níor ceadaíodh é seo mar gheall ar an moratóir atá i bhfeidhm ag an Roinn Oideachais ar an soláthar réamhscolaíochta i láthair na huaire. I leaba an 26 áit lánaimseartha, ceadaíodh 26 áit pháirtaimseartha i Naíscoil Éanna.

Ba é seo an chéad uair ó ceapadh ina Aire Oideachais é nár dhiúltaigh an tAire Weir d’iarratas ó scoil lánGhaeilge. Diúltaíodh i mí an Mheithimh d’iarratas Gaelscoil an Lonnáin i mBéal Feirste a athlonnú, agus diúltaíodh d’iarratais ó Ghaelscoil na Daróige i nDoire agus ó Bhunscoil an Iúir i gContae an Dúin ar mhaoiniú do naíscoileanna i mí Lúnasa.

Mhaígh an tAire Oideachais nua níos túisce i mbliana go raibh an t-iarAire Oideachais, John O’Dowd (SF), ‘obsessed’ le scoileanna lánGhaeilge. Dúirt an tAire Pobal Paul Givan ón DUP nach raibh cothrom na Féinne á fháil ag scoileanna eile toisc gur tugadh 20% den £40 milliún a infheistíodh i ndeich scoil do Ghaelscoileanna.

Bhain an tAire Weir an maoiniú a cuireadh ar fáil do dhá scoil lánGhaeilge le hionaid tacaíochta nua a oscailt i mí an Mheithimh díobh. D’éirigh leis an bhfeachtas a chuir Scoil an Droichid agus Bunscoil Bheann Mhadagáin i mBéal Feirste ar bun chun an maoiniú sin a fháil ar ais.