AGALLAMH: Véarsaí ón mbreacGhalltacht le Séamus Barra Ó Súilleabháin

Tá Saol Dhónaill Dhuibh, cnuasach filíochta le Séamus Barra Ó Súilleabháin, díreach foilsithe. Labhair sé linn faoin difear idir an rap agus an fhilíocht i measc rudaí eile

AGALLAMH: Véarsaí ón mbreacGhalltacht le Séamus Barra Ó Súilleabháin

Tá sé ar na filí óga Gaeilge is bisiúla sa tír ach is i Londain a rugadh é.

Tá cuimhní ag Séamus Barra Ó Súilleabháin ar na cairde a bhí aige, ar na hárasáin a bhíodh ag síneadh suas chun na spéıre, ar an teaghlach Éireannach eile as Ard Mhacha a bhí ina gcónaí taobh leo.

Leoga, nuair a bhog an Súilleabhánach ar ais go tuaisceart Chiarraí, bhí blas Sasanach ar a chuid Béarla.

Ach bhíodh siad ag taisteal anonn is anall i rith an ama agus chaith Séamus bliain ar an scoil i gCnoc na gCaiseal, agus mar sin ní raibh an culture shock chomh láidir sin nuair a chuir an teaghlach fúthu i Lios Tuathail. Deir Séamus go raibh “súil eile” aige.

“Bhí tuiscint eile agam ar mo thimpeallacht seachas mar a bhí ag na leanaí eile sa scoil,” ar sé. “Bhíos ag déanamh anailíse ar gach aon ní mórthimpeall orm.”

Anois agus é lonnaithe i Lios Tuathail, is breá leis an baile. Ach nach baile beag Béarla é an baile sin? Nach raibh John B Keane ina bhall den Language Freedom Movement, mar shampla?

Ní hin an dearcadh atá ag Séamus Barra in aon chor.

“Thug Micheál Ó hAirtnéide ‘breac-Ghalltacht’ ar a dhúthaigh féinig in iarthar Luimnigh, agus baineann sé sin le Ciarraí Thuaidh, abair,” ar sé.

“Ana-chuid den stuif a dhein John B Keane, baineann sé le saíocht na Gaolainne. Dá mbeadh sé scríofa i nGaeilge, ní chuirfeadh sé aon ionadh ort. Bheadh sé cosúil le rud éigin a scríobhfaí i gceantar Gaeltachta.”

Ach níor bhraith Séamus ceangailte le litríocht sin an Bhéarla. Ar an imeall ag breathnú isteach a bhí sé agus é ag díriú ar litríocht na Gaeilge.

Téann sé crua air smaoineamh ar an gcéad dán a chuaigh i bhfeidhm air mar deir sé “gur dán is ea an saol”.

“Bím ag féachaint ar gach aon ní, bím ag éisteacht le caint daoine, tá cuimhne agam ar a bheith ag tabhairt fé ndeara na slite go mbíonn daoine ag caint agus tá cuimhne agam, ag dul i bhfad i bhfad siar, ar rudaí a dúirt tuismitheoirí, cairde, daoine amuigh ar an tsráid, rudaí a bhain geit asam agus a chuaigh i bhfeidhm orm.

“Sin an rud a bhfuil suim agam ann, canathaobh a ndeir daoine rud éigin,” ar sé.

Friotal na Gaeilge atá ag tarraingt aird Shéamuis i gcónaí. Bhuaigh sé an All-Ireland Poetry Slam in 2011, agus tá cnuasach filíochta leis, Saol Dhónaill Dhuibh, díreach foilsithe ag Cló IarChonnacht.

Tá scoth na bhfíseán uaidh ar YouTube agus tá sé gníomhach sa ghrúpa Misneach chomh maith. An bhfuil sé ag iarraidh teachtaireachtaí a chraobhscaoileadh ina chuid dánta mar sin?

“Ní dóigh liom go bhfuil teachtaireacht agam le craobhscaoileadh,” ar sé agus é ag machnamh ar cad is filíocht ann.

“An difríocht idir file agus rapper, bíonn fios ag an rapper, bíonn cumhacht aige nó aici, níl aon laigí, níl aon smál ar a ndeir sé. Tá sé ag reacaireacht agus ag rá amach agus tugann sin cumhacht do na daoine a éisteann leis. Géaraíonn sé an coinsias, léiríonn sé cé chomh mór is chomh fuinniúil is atá an coinsias agus cuireann sé ag gluaiseacht é.

“An difear idir an rap agus an fhilíocht ná go mbíonn amhras ar na filí, is dócha, seachas a bheith ag rá rud éigin – ‘seo é mar atá sé’ nó  ‘seo an rud a tharla’. Leis an bhfile cuireann an file ceist, bíonn próiseas féinfhiosraithe ann agus osclaítear bealaí eile tuisceana ar an dóigh sin. Uaireanta, tagann an rap agus an fhilíocht le chéile,” arsa Séamus.

Cibé modh reacaireachta a roghnaíonn Séamus, bíonn sé corraitheach, fuinniúil.