AGALLAMH: ‘Sceitimíní’ agus ‘faitíos’ ar Rory Best roimh thús ‘an comórtas is fearr ar domhan’

Dar le Rory Best, ba é meon na gCúigí a d'athraigh meon fhoireann na hÉireann le tamall de bhlianta anuas. Labhair sé le Tuairisc.ie

AGALLAMH: ‘Sceitimíní’ agus ‘faitíos’ ar Rory Best roimh thús ‘an comórtas is fearr ar domhan’

Rory Best. Pictiúr: INPHO/Billy Stickland

Dhá bhliain déag ó shin nuair a thosaigh sé amach le foireann na hÉireann, ní fhéadfadh gur shamhlaigh Rory Best go mbeadh an oiread ratha air is a bhí. Céad cluiche imeartha aige agus trí Chomórtas Sé Náisiún, dhá Choróin Triarach agus Grand Slam buaite aige.

Ag fás aníos dó, ní raibh mórán ratha ar an bhfoireann seachas le linn na tréimhse i ndiaidh 1982, an bhliain ar rugadh Best. Le linn na tréimhse sin, d’éirigh le foireann na hÉireann trí Chomórtas Cúig Náisiún a bhuachan laistigh de cheithre bliana, ach thíos seal thuas seal a bhí siad ina dhiaidh sin. Dar le Best, ba é meon na gCúigí a d’athraigh meon fhoireann na hÉireann le tamall de bhlianta anuas.

Chreid imreoirí na hÉireann go raibh siad in ann aon fhoireann a bhualadh, ach bhí easpa seasmhachta ag baint lena gcuid imeartha. 

“An t-athrú is mó a bhí ann ná gur thosaigh na Cúigí ag déanamh dul chun cinn. D’éirigh Cúige Mumhan, Cúige Laighean agus Cúige Uladh níos iomaíche. Go háirithe, Cúige Mumhan agus Cúige Laighean san Eoraip, mar ar éirigh leo coirn a bhuachan. 

“Ach bhí orainn tosú leis an gcluiche ag an mbaile. Theastaigh uainn brú ar aghaidh agus an tseasmhacht a bhí in easnamh orainn ón ré órga ag tús 2000  a bhaint amach. Chlis orainn agus chlis orainn arís eile agus sinn gar don bharr. Bhí orainn sin a athrú. D’athraigh muid an meon sin le roinnt blianta anuas agus caithfimid leanúint leis.” 

D’athraigh cúrsaí nuair a bhuaigh Éire an Choróin Thriarach (2007) faoi Eddie O’Sullivan agus an Chaithréim Mhór (2009) faoi Declan Kidney. Rinneadh tuilleadh dul chun cinn fós faoi stiúir Schmidt agus dhá Chomórtas Sé Náisiún (2014 agus 2015) agus bua i gcoinne na All Blacks faighte acu.

Tá foireann agus lucht tacaíochta na hÉireann ag tnúth le tuilleadh. Dúirt Best go raibh sceitimíní air roimh thús an chomórtais, ach ghéill sé go raibh faitíos ar imreoirí chomh maith.

Caithfidh go bhfuil Paddy Jackson neirbhíseach go maith freisin. An uair dheireanach a thosaigh Jackson i Dún Éideann, chuir sé trí chic amú, arbh fhiú ocht bpointe iad, agus chaill Éire, 12-8.

Dar le Best tá feabhas mór tagtha ar a leathbhádóir ó Chúige Uladh ó shin. 

“Ceapaim go bhfuil Jacko tar éis dul chun cinn a dhéanamh ón dtréimhse roimh Chorn an Domhain in 2015 ar aghaidh. I gCúige Uladh bheadh muid i ndrochchaoi gan é agus ceapaim gur fhoghlaim sé an-chuid ó bheith ag obair le Johnny (Sexton). Tá roinnt dea-thaispeántais tugtha uaidh aige, i gcoinne na hAfraice Theas agus na hAstráile sa bhaile agus d’imir sé an chuid is mó den chluiche i gcoinne na All Blacks sa bhaile. Léiriú é sin ar an dul chun cinn atá déanta aige. 

Dúirt Joe Schmidt go gcreideann sé go bhfuil sé de chumas ag Sexton, atá gortaithe don chluiche amárach, filleadh agus ceannasaíocht a ghlacadh ar an gcomórtas.

Ach dar le Best, beidh a leithéid de cheannaireacht ag teastáil chomh maith ón mbeirt leathchúlaithe atá ag imirt amárach. 

“Caithfidh an bheirt acu [Jackson agus Conor Murray] a mianach a thaispeáint. Is é seo an comórtas is fearr ar domhan, dar liom, agus tabharfar ár ndúshlán ó cheann ceann na páirce.”

Fág freagra ar 'AGALLAMH: ‘Sceitimíní’ agus ‘faitíos’ ar Rory Best roimh thús ‘an comórtas is fearr ar domhan’'