AGALLAMH: O’Brien ag súil go mór le coimhlint na hoíche anocht in Caerdydd in ainneoin na ndroch-chuimhní

Tá taithí mhór ag Seán O'Brien ar ócáidí móra, bíodh sé i ngeansaí glas na hÉireann nó i ngeansaí gorm Chúige Laighean. Ach chaill sé amach ar roinnt ócáidí móra chomh maith…

AGALLAMH: O’Brien ag súil go mór le coimhlint na hoíche anocht in Caerdydd in ainneoin na ndroch-chuimhní

Sean O'Brien. Pictiúr: INPHO/Billy Stickland

Nuair a shéidfear an fheadóg dheireanach anocht, beidh seans iontach ag Éirinn Comórtas na Sé Náisiún a bhuachan nó beidh an seans iontach sin  ligthe le sruth acu.

Tá taithí mhór ag Seán O’Brien ar ócáidí móra bíodh sé i ngeansaí glas na hÉireann nó i ngeansaí gorm Chúige Laighean. Ach chaill sé roinnt ócáidí móra chomh maith.

Tháinig O’Brien isteach ar fhoireann na hÉireann ag deireadh 2009, an bhliain inar bhuaigh foireann Declan Kidney an Chaithréim Mhór. Chaill sé amach ar an gcéad bhua ag foireann Joe Schmidt sa chomórtas céanna agus é gortaithe in 2014. Beidh sé ann anocht, áfach, agus níorbh fholáir dó guaim a choinneáil air féin ionas nach bhfaighidh a chuid mothúchán an lámh in uachtar air.

“Is maith linn sin,” a deir O’Brien, agus é ag trácht ar ócáidí móra mothálacha.

“Is áit iontach é Ceardydd chun imirt ann. Bíonn atmaisféar den scoth i gcónaí ann agus cothaíonn sé sin muid chomh maith.

“Seans gur lig mé do na mothúcháin an lámh in uachtar a fháil orm cheana. Tá jab le déanamh agam don fhoireann agus níl tábhacht ar bith le haon rud a tharlaíonn  lasmuigh den ghrúpa. Is fúinne atá sé, cad atá le tabhairt chun páirce againn agus conas mar a thugann muid aire dá chéile.”

Níl cuimhní rógheala atá ag O’Brien ar a bheith ag imirt i gcoinne na Breataine Bige. Sé chluiche atá imeartha aige ina n-aghaidh agus tá cúig chluiche acu sin caillte, ceithre cinn acu i staid na Mílaoise, mar a thugtaí ar an Principality Stadium. Bíonn crá croí i gceist nuair a chailltear an deis imirt i gcluiche ar bith, ach goilleann sé go mór fós ar O’Brien gur chaill sé an cluiche i gcoinne na hAirgintíne i gCorn an Domhain toisc é a bheith ar fionraí.

Is léir go gcuireann an méid sin isteach ar O’Brien fós.

“Ba mhór an ní é agus bhain crá croí ar leith leis toisc gur thuig mé go raibh roinnt imreoirí in easnamh uainn de bharr gortuithe agus go raibh mise, a bhí aclaí, i mo shuí sa seastán. Ach sin mar a bhí.

“Dá mba rud é go raibh duine nó beirt eile ar pháirc na himeartha an lá sin, bheadh toradh difriúil ann. Ach sin mar a thit sé amach. Gearradh pionós orm de bharr an méid a rinne mé.”

Táthar ag caitheamh anuas ar an mBreatain Bheag faoi láthair agus an fhoireann gonta dá bharr. Anuas air sin, tá imreoirí fós san iomaíocht d’áit ar phainéal na Leon agus ar ndóigh tá foireann na hÉireann fós san iomaíocht do chorn na Sé Náisiún féin. Fágann an méid sin ar fad go mbeidh dianchoimhlint anocht idir O’Brien, CJ Stander agus Jamie Heaslip i líne chúil na hÉireann agus Sam Warburton, Justin Tipuric agus Ross Moriarty. Beidh ceist an smachta go mór sa treis.

“Beidh siadsan ag fulaingt faoi láthair. Dá mbeadh muid san áit chéanna leo [ag iarraidh gan an tríú cluiche as a chéile a chailleadh], bheimis meáite ar thaispeántas láidir a thabhairt uainn. Beidh orainn déileáil leis sin. Ní féidir linn a bheith ag breathnú romhainn [ar an gcluiche i gcoinne Shasana], ach is féidir leis an bhfoireann cur chuige a cheapadh a thabharfaidh an bua dúinn.

“Níl aon bhrú breise orainne, ach is geall le cluiche díbeartha é seo dúinne. Tá a fhios againn go léir an tábhacht a bhaineann leis an gcluiche seo, ach níl ann ach cluiche eile. Caithfidh an próiseas againn a bheith ceart, caithfidh an meon ceart a bheith againn agus caithfimid guaim a choimeád orainn féin.

“Faoi tráth seo, tá taithí againn go léir ar chluichí mar seo agus tuigeann muid go gcaithfimid taispeántas maith a thabhairt uainn an tráth seo den chomórtas.”

Fág freagra ar 'AGALLAMH: O’Brien ag súil go mór le coimhlint na hoíche anocht in Caerdydd in ainneoin na ndroch-chuimhní'