AGALLAMH: ‘Ní sheasann aon rud choíche’ a deir cúl báire na Gaillimhe

Chuaigh ár gcomhfhregaraí spóirt chun cainte le Maghnus Breathnach atá meáite ar deireadh a chur le tréimhse forlámhais Mhaigh Eo

Maghnus Breathnach i dteannta imreoirí eile ar fhoireann na Gaillimhe ©INPHO/Cathal Noonan
Maghnus Breathnach i dteannta imreoirí eile ar fhoireann na Gaillimhe ©INPHO/Cathal Noonan

Rachaidh foireann peile Mhaigh Eo chuig Páirc an Phiarsaigh inniu agus iad ag iarraidh an cúigiú bua as a chéile a fháil ar a shean-naimhde sa Ghaillimh. Tá seilbh iomlán glactha ag an gcontae ar Chorn Nestor le ceithre bliana anuas agus is beag foireann sa chúige a thug dúshlán ceart dóibh le linn na tréimhse sin.

I measc na nGaillimheach a bhfuil níos mó taithí acu ná mar ba mhian leo ar chliseadh in aghaidh Mhaigh Eo, tá an cúl báire Maghnus Breathnach. Eisean a bhí sa chúl i 2013 agus 2014 agus admhaíonn sé nach raibh Gaillimh sách maith sna coimhlintí sin.

“I ndáiríre, le cúpla bliain anuas ní raibh Gaillimh sách maith, ní raibh an caighdeán sách ard againn. Le bheith féaráilte, tá Maigh Eo ag dul le haghaidh cúig Corn Nestor as a chéile anois agus is iad na ‘standard-bearers’, mar a déarfá, i gConnachta faoi láthair.”

Tar éis cúpla drochbhuille le cúpla bliain anuas, tá daoine ann i nGaillimh bheadh sásta le taispeántas maith ón bhfoireann fiú dá gcaillfidís an cluiche inniu. Mar a bheadh súil agat, níl Breathnach ar dhuine de na daoine sin agus é meáite ar deireadh a chur le forlámhas Mhaigh Eo.

“Tá Maigh Eo ar nós mar a bhí Gaillimh sna seascaidí; ceapadh nach mbuailfí go deo iad [Gaillimh] ach ar deireadh tharla sé. Tá súil againn go mbeidh muid in ann stop a chuir le Maigh Eo an deireadh seachtaine seo.”

An uair is deireanaí a chas na foirne ar a chéile i bPáirc an Phiarsaigh, d’aimsigh Maigh Eo ceithre chúl. Cé nach raibh Breathnach in ann mórán a dhéanamh faoi aon cheann acu, ní mar sin a shamhlaigh sé chéad chluiche i gCraobh Chonnacht. Is buille trom a bhí ann, ach deir Breathnach nach fiú a bheith ag breathnú siar ar an gcliseadh sin toisc go bhfuil athrú chomh mór sin tagtha ar Ghaillimh ó shin.

“Tá an chuid is mó den fhoireann sin imithe. Ní raibh súil ar bith againn le cé chomh láidir a bheadh Maigh Eo an bhliain sin, ach anuraidh d’fhoghlaim muid go leor i gCraobh Chonnacht. Fuair muid níos mó pointí ná iad, 16 phointe sílim in aghaidh 14 phointe, ach b’iad na cúil a rinne scrios orainn.”

Athrú eile atá déanta ag na Gaillimhigh ná bainisteoir nua a thabhairt isteach. Cé go bhfuil an cúl báire buíoch as an deis a thug Alan Mulholland dhó, deir sé gur spreagadh mór do na himreoirí ab ea ceapachán Kevin Walsh. Is é cluiche an lae inniu an chéad dúshlán ceart ag Walsh ach deir Breathnach go bhfuil a láidreachtaí mar bhainisteoir nua le feiceáil cheana féin.

“Tháinig Kevin isteach, thug sé smaointe nua leis agus spreag sé imreoirí arís. Thug sé go leor misnigh dúinn, tá sé an-mhaith leis na himreoirí. Tá go leor obair chrua curtha isteach againn ó thús na bliana agus cé nár éirigh linn sa tsraith, chríochnaigh muid go láidir in aghaidh Ros Comáin agus Cill Dara, dhá chluiche ar theastaigh uainn iad a bhuachaint. Tá súil againn go leanfaidh muid orainn ar an mbonn sin sa chraobh.”

Áit amháin a cheaptar go raibh an buntáiste ag Maigh Eo ar na Gaillimhigh le cúpla bliain anuas ná ó thaobh neart agus fisiciúlachta de agus cé go bhfuil céimeanna á dtabhairt ag Walsh chun an scéal sin a chur ina cheart, is é tuairim Bhreathnach go gcaithfidh siad a bheith glic faoi.

“Deirtear go bhfuil siad níos aclaí ná muide ach tá gach foireann sa tír ag déanamh na traenála céanna, braitheann sé cén chaoi a mbíonn tú ar an bpáirc féin ar an lá.

Caithfidh tú obair chrua a chur isteach ar pháirc na himeartha agus tá Maigh Eo iontach ag tacláil sna tosaithe. Rinne muid go leor iarracht i mbliana níos mó oibre a dhéanamh ar an npáirc seachas díreach a bheith ag rith. Tá níos mó oibre déanta againn i gcluichí traenála agus mar sin.”

Fiú leis an greadadh a thug Maigh Eo dóibh le cúpla bliain anuas, ní aontaíonn an cúl báire go mbeidh an díoltas ina spreagadh ag na himreoirí agus iad ag dul chun páirce inniu. “Tá muid ag iarraidh bualadh le Ros Comáin nó Sligeach i gCraobh Chonnacht faoi cheann cúig seachtaine, sin é an t-aon rud atá uainn.”

Ina dhiaidh sin féin, ní bheadh aon iontas ann dá mbeadh fuadar breise faoi imreoirí na Gaillimhe i bPáirc an Phiarsaigh inniu agus iad ag iarraidh dea-cháil a tharraingt ar an bpeil sa chontae in athuair.

Fág freagra ar 'AGALLAMH: ‘Ní sheasann aon rud choíche’ a deir cúl báire na Gaillimhe'