AGALLAMH LE SEÁN Ó COINN: ‘Bíonn tromluí corruair agam go n-imeoidh an Ghaeltacht as…’

Labharaíonn Príomhfheidhmeannach nua Fhoras na Gaeilge le Tuairisc.ie faoi na mianta atá aige, na fadhbanna atá roimhe agus faoi thábhacht a dhúchais in Ard Mhacha

AGALLAMH LE SEÁN Ó COINN: ‘Bíonn tromluí corruair agam go n-imeoidh an Ghaeltacht as…’

Ceapadh Seán Ó Coinn, arb as an Mullach Bán, i gContae Ard Mhacha dó, ina phríomhfheidhmeannach ar Fhoras na Gaeilge ag tús mhí na Nollag.

Conradh cúig bliana atá aige agus is léir go bhfuil machnamh domhain déanta aige ar na dúshláin atá roimhe. “Seo mo wish list” a deir sé de gháire nuair a iarrtar air céard iad na spriocanna atá aige, ach aithníonn sé nach mbeidh an cúrsa atá roimhe chomh réidh sin. Aithníonn sé, mar shampla, an lorg a d’fhág blianta de chiorruithe ar íomhá an Fhorais i measc an phobail.

“Tá muid i ndiaidh theacht fríd ocht mbliana de chiorruithe, agus leo siúd tháinig ocht mbliana agus muid ag diúltú deontas do dhaoine, ag gearradh deontas daoine.

“Tá muid i ndiaidh cluinstin go mb’fhéidir go bhfuil an lán mara tiontaithe. Leis na ciorruithe sin tháinig dearcadh iontach diúltach i leith Foras na Gaeilge – ar bhealach bhí daoine ag cur locht orainne de thairbhe nach raibh airgead againn agus go raibh muid ag gearradh deontas agus ag cur deireadh le X, Y agus Z.”

Le linn na mblianta sin, blianta na géarchéime, bhí sé deacair, a deir sé, ag lucht an Fhorais dul i measc an phobail agus éisteacht le tuairimí an phobail.

“Is dóigh liom go bhfuil rud beag de bhearna ansin, nach bhfuil a fhios againn céard iad tuairimí an phobail, riachtanais an phobail, agus mianta an phobail ó thaobh na Gaeilge de.”

Tá dóchas aige, áfach, go bhfuil athrú ag teacht ar chúrsaí agus d’éirigh leis an eagraíocht €1 milliún a fháil ó Roinn na Gaeltachta roimh dheireadh na bliana seo caite. Is maith ann an maoiniú, ach tá tuilleadh ag teastáil.

“Tá feachtas ar siúl le níos mó ná bliain anois – feachtas faisnéise agus eolais don dá rialtas.  Má tá siad ag iarraidh go gcuirfeadh an Foras ár gcuid dualgas reachtúla i bhfeidhm, caithfimid na hacmhainní a bheith againn leis sin a dhéanamh. Tá Straitéis Fiche Bliain na Gaeilge ann ach tá deireadh dúile bainte ag mórán de phobal na Gaeilge agus de phobal na tíre de chur i gcrích na straitéise sin.”

Lena cheart a thabhairt don cheannasaí nua, is annamh a chloisfeá caint chomh hionraic ó fheidhmeannaigh dá leithéid. Géilleann sé leis go bhfuil lagmhisneach ar dhaoine, cé go bhfuil ábhar dóchais ann sa deireadh, dar leis.

Tá daoine in ísle brí – tá an t-eolas agus an taighde atá ag teacht amach i leith na gceantar Gaeltachta scáfar, ach is dóigh liom go bhfuil an Rialtas anois ag aithint gur mar sin atá. Mar sin de, tá a fhios acu go gcaitheann siad a n-aird a dhíriú ar cheist na Gaeilge.

“Ní dóigh liom gur thuig Airí cad é chomh holc is a bhí na ciorruithe, cé go bhfuil dreamanna éagsúla á rá sin leo le tamall fada, go dtí go bhfaca siad na figiúirí – 40% dár mbuiséad a ghearr siad ó bhí 2008 ann agus má chuireann tú cúrsaí boilscithe san áireamh, tá tú ag dul i dtreo 50%. Níl dream ar bith eile ar gearradh a mbuiséad ar an dóigh sin ag leibhéal an rialtais. Is dóigh liom go bhfuil an teachtaireacht ag dul fríd.”

Ní dóigh leis go bhfuil droch-íomhá ar fad ag Foras na Gaeilge, ach aithníonn sé go bhfuil fadhb mhór ó thaobh próifíle de ag an eagraíocht.

“Ní rachainn an fad sin. Ní shílim go bhfuil droch-íomhá againn. Sílim gurb é atá ann nach bhfuil a fhios ag daoine cad é a dhéanann muid, cad é an ról atá againn agus silim go bhfuil sé práinneach go mbeadh an scéal sin amuigh sa phobal.

“An rud a déarfainn, b’fhéidir, go bhfuil cuid mhór daoine i bpobal na Gaeilge nach bhfuil a fhios acu gurb ann d’Fhoras na Gaeilge, nó cén ról atá againn ná leithead na hoibre a dhéanann muid – cúrsaí téarmaíochta don Aontas Eorpach, cúrsaí foclóireachta agus foilsitheoireachta, Téarma.ie cuir i gcás, cúrsaí forbartha pobail, an tacaíocht a chuirtear ar fáil do pobal an ghnó, do na healaíona, do na comhairlí agus údaráis áitiúla, an tacaíocht a thugtar don oideachas, don teagasc trí mheán na Gaeilge, do theagasc na Gaeilge, don earnáil aistriúcháin, do na meáin.”

Ar deireadh thiar, tuigeann lucht na Gaeilge go bhfuil an Foras ag saothrú sa ghort céanna leo, dar leis.

“Is dócha fosta go n-aithneodh pobal na Gaeilge agus na heagraíochtaí Gaeilge go bhfuil Foras na Gaeilge ar an taobh céanna leo, go bhfuil muid uilig ag dul i dtreo na spriocanna céanna agus go bhfuil bealaí áirithe a gcaithimidne tabhairt faoi sin de thairbhe gur eagraíocht stáit muid.”

Tá dualgas ar an Fhoras freisin comhairle a chur ar an dá rialtas. An nglacfadh sé leis nár tharla a leithéid mar ba chóir go dtí seo? An gné den obair í seo ar mhaith leis í a fhorbairt?

“An dara cuid ar dtús, is gné í sin d’obair Fhoras na Gaeilge a bhfuil forbairt le déanamh uirthi cinnte. Tá dualgas reachtúil orainn. Níl oiread airde ag na rialtais orainn agus ba mhian liomsa agus le go leor daoine eile i bhForas na Gaeilge.

“Os a choinne sin, éisteann na ranna rialtais linn ar bhealaí éagsúla.”

Mar chruthúnas ar an méid sin, luann sé ionadaíocht an Fhorais ar an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta.

“Bhí mise mar ionadaí ansin ar feadh cúig bliana. Féadaim a rá gur éist an Chomhairle sin le comhairle an Fhorais nuair a bhí sin le tabhairt i dtaca le forbairt an churaclaim bhunscoile. Tá curaclam ar leith anois ann don tsraith shóisearach, don Ghaeilge, rud nach raibh.”

Luann sé freisin ról an Fhorais sa ghrúpa comhairleach oideachais, i gcomhar le COGG agus le hÚdarás na Gaeltachta, atá ag plé le Straitéis Fiche Bliain na Gaeilge.

“Nuair a d’iarr muid ar an Roinn Oideachais ó dheas an polasaí don oideachas Gaeltachta a fhorbairt agus nuair a dúirt muid leo fá rudaí, dar linne, a bhí de dhíth sa pholasaí sin, d’éist siad. Tá pobal na Gaeilge, i dtéarmaí ginearálta, an-sásta lena bhfuil sa pholasaí sin. Cur i gcrích an pholasaí, sin rud eile ar fad, ach sin dhá shampla den dóigh a bhfuil an Rialtas ag éisteacht leis an Fhoras.”

Ar cheann de na beartais ba chonspóidí a chuir Foras na Gaeilge i bhfeidhm le roinnt blianta anuas, bhí An tSamhail Nua Mhaoinithe faoinar cuireadh deireadh le formhór na n-eagraíochtaí teanga buanmhaoinithe chun an bealach a réiteach don sé cheanneagraíocht atá fágtha anois. An bhfuil ag éirí leis an bplean sin nó an obair atá idir lámha i gcónaí atá i gceist?

“Tá sé tamall ó chuala mé na focail ‘An tSamhail Nua Maoinithe’! Tugann muid anois an Cur Chuige Comhpháirtíochta air. Tá muid ag súgradh le focail ach tá rian den fhírinne ansin, mar ceann de na rudaí nach raibh ag tarlú roimhe seo ná comhpháirtíocht idir na heagraíochtaí éagsúla atá freagrach as athbheochan na Gaeilge agus gluaiseacht na Gaeilge.

“Bhí cuid mhór eagraíochtaí ag obair go neamhspleách ar a chéile – ní raibh a fhios acu cad é a bhí na grúpaí eile a dhéanamh, ach tá tús déanta maidir le deireadh a chur leis sin. Dar liomsa go bhfuil ag éirí go han-mhaith leis an Chur Chuige Comhpháirtíochta. Tá sé mhóreagraíocht anois a thagann le chéile go rialta le pleanáil a dhéanamh.”

Is maith ann an chomhpháirtíocht seo, go háirithe agus acmhainní gann, dar le Ó Coinn, cé go n-aithníonn sé an chontúirt a bhaineann le cumhacht an Fhorais.

“Tá sé an-tábhachtach freisin go bhfuil siad ag obair i gcomhpháirt linne. Anois, tá contúirtí ag baint leis sin, aithním sin. Foras stáit muide, foras maoinithe agus eagraíochtaí deonacha iad na heagraíochtaí atá ag brath orainn. An bhfuil muidne ag imirt barraíocht tionchair ar na heagraíochtaí seo? An bhfuil an rialtas ag stiúradh ghluaiseacht na Gaeilge? Ní dóigh liom é.

“Tá na heagraíochtaí neamhspleách agus tá traidisiún neamhspleáchais ag na heagraíochtaí sin – Gael Linn, Conradh na Gaeilge, Oireachtas na Gaeilge, Glór na nGael, Gaeloideachas – ní eagraíochtaí iad a bheadh sásta glacadh le tionchar neamhfholláin ó Fhoras na Gaeilge. Tá Fóram Comhpháirtíochta againn agus, dar liomsa, tá ag éirí go han-mhaith leis.”

Mar chruthúnas ar an méid sin, luann sé an comhoibriú idir Gael Linn agus Glór na nGael ar an scéim ‘Gaelbhratach’, a chuireann an Ghaeilge chun cinn sna scoileanna, agus an comhoibriú idir Conradh na Gaeilge agus Gaeloideachas maidir le hardú feasachta faoi bhunú Gaelscoileanna nua, thuaidh agus theas.

Is é ‘an eilifint sa seomra’ i gcás aon chomhrá faoi staid na Gaeilge ná an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Tá cuid mhaith saineolaithe den tuairim nach réadúil an mhórsprioc – 250,000 cainteoir laethúil faoi 2030 – atá luaite sa cháipéis chéanna. An mbeadh ciall lena hathrú?

“Bhuel, ceann de na rudaí ar mhaith liomsa a dhéanamh nó ar mhaith liom go ndéanfadh muide i bpobal na Gaeilge é  – agus áirím Foras na Gaeilge mar chuid de phobal na Gaeilge –  ná seilbh a ghlacadh ar Straitéis 20 Bliain na Gaeilge agus ár gcuid féin a dhéanamh di.

“Tá an straitéis féin an-mhaith. Is beag rud atá le déanamh ó thaobh cur chun cinn na teanga nach bhfuil luaite sa Straitéis. Is beag rud atá luaite sa straitéis nach n-aithníonn muid uilig gur chóir dúinn bheith á dhéanamh. An rud atá le déanamh againne—Foras na Gaeilge, Údarás na Gaeltachta, Conradh na Gaeilge agus an dá cheann is fiche d’eagraíochtaí ar fud na tíre a bhfuil muidne ag cur deontas ar fáil dóibh–  ná seilbh a ghlacadh ar an Straitéis agus aghaidh a thabhairt na spriocanna atá inti a bhaint amach.”

Agus an sprioc féin?

“Cé acu an dtig linn 250,000 cainteoir Gaeilge a bhaint amach sna trí bliana déag atá fágtha againn, ar bhealach is ceist acadúil í sin. Má bhaineann muid 200,000 cainteoir laethúil amach má bhaineann muid 100,000 amach, ní dhéanann sin mórán de dhifear dúinne a chaitheann ár saol trí mheán na Gaeilge.

“Tá muide ag iarraidh an Ghaeilge a chur ar chlár spéise mhórphobal na tíre, go mbeadh na pobail éagsúla ar fud na tíre ag díriú isteach ar úsáid na teanga. Is sprioc inbhainte amach í sin. Léiríonn an taighde [suirbhé náisiúnta ar rinne an ESRI d’Fhoras na Gaeilge in 2013] cé chomh mór i bhfách agus atá mórphobal na tíre i dtaca leis an Ghaeilge de. Léiríonn sé freisin, ar ndóigh, na bearnaí idir an rud a ba mhaith le daoine agus an rud atá ar fáil ag daoine.”

Sular thosaigh sé ag obair leis an bhForas, d’oibrigh Ó Coinn mar mhúinteoir meánscoile agus thug sé seal ina Phríomhfheidhmeannach ar Chomhairle na Gaelscolaíochta, an foras forbartha Gaelscolaíochta ó thuaidh. Ceapadh é ina Stiúrthóir Seirbhísí Oideachais san Fhoras in 2011. Ní haon údar iontais mar sin a spéis mhór i gcúrsaí oideachais agus is sa réimse sin is mó a fheiceann sé ábhar dóchais don teanga.

“Glacaim leis gur ó dheas is mó a bheas an pobal, an ceathrú milliún úsáideoir laethúil Gaeilge ag teacht chun cinn, agus nuair a amharcaim ar na leasuithe atá molta don churaclam comhtháite Gaeilge-Béarla ag leibhéal na bunscoile, ar na moltaí atá déanta don tsraith shóisearach agus aghaidh anois á tabhairt sa tsraith shinsearach (an Ardteist), sin pobal mór de dhaltaí scoile agus taobh istigh de dheich mbliana, thiocfadh linn an pobal sin a aistriú ó bheith ina phobal atá ag foghlaim na Gaeilge go pobal atá ag úsáid na Gaeilge nuair a imíonn siad amach as an scoil tráthnóna. Dar liom go bhfuil sin inbhainte amach. Beidh le feiceáil.”

Ar  cheann de na húdair imní atá ag dó na geirbe acu sin ar spéis leo a bhfuil i ndán don Ghaeilge, tá easpa tiomantais an stáit don teanga, i dtaobh cúrsaí earcaíochta sa státseirbhís go háirithe. Labhair an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn Higgins cúpla uair i gcaitheamh na bliana seo caite faoin imní atá air féin faoi easpa ceannaireachta sa státchóras ó dheas maidir leis an nGaeilge. An bhfuil an imní chéanna ar Phríomhfheidhmeannach an Fhorais?

“Ní fhéadfadh duine ar bith gan imní a bheith orthu i dtaca leis an líon státseirbhíseach a úsáideann an Ghaeilge agus atá sásta Gaeilge a úsáid ina gcuid oibre. Dar liom féin, tá bearnaí an-mhór ar fad i dtaca leis an cheist seo, cumas an stáit obair a dhéanamh leis an phobal trí mheán na Gaeilge, agus is ábhar imní agam é cinnte.”

Feicfimid an éireoidh le Ó Coinn agus an Foras a rian a fhágáil ar na mórcheisteanna áirithe sin, ach tá an Príomhfheidhmeannach sásta go bhfuil go leor bainte amach ag an eagraíocht le blianta beaga anuas.

“Liosta le háireamh atá ann,” dar leis.

Is údar sásaimh dó, mar shampla, obair cheannródaíoch Foclóir.ie agus na foclóireachta ar líne, an Córas Creidiúnaithe d’Aistritheoirí agus an Scéim Pobal Gaeilge faoina bhfuil 22 eagraíocht ag plé le cur chun cinn na Gaeilge ar fud na tíre. Luann sé fosta an socrú a rinneadh go mbeadh Microsoft ar fáil i nGaeilge, Séideán Sí an clár léitheoireachta do scoileanna agus bunú an tsuímh seo. Tá sé sásta gurbh é an cinneadh ceart gur ar líne amháin a bheadh Tuairisc.ie.

“Bhí muid féin in amhras faoi. Riosca a bhí ann dúinne dul i gcionn an chur chuige sin, ach ní dóigh liom go bhfuil duine ar bith amuigh ansin nach mbeadh sásta a admháil go bhfuil ag éirí go han-mhaith le Tuairisc.ie. Baineann sé le rochtain. Tá an iris ar líne ag dul isteach i bpobal na Gaeilge ar bhealach nach bhféadfadh nuachtán ar pháipéar.”

Feictear dó go bhfuil buntáistí agus míbhuntáistí ag baint le bheith ina heagraíocht trasteorann ach is fearr i bhfad leis an cur chuige uile-Éireann a fhágann gur féidir obair chun tairbhe na teanga a dhéanamh ar bhealach “atá le mothú ar an dá thaobh den teorainn”.

Buntáiste eile atá ann, dar leis, ná go bhfágann an cur chuige trasteorann gur mó agus gur treise pobal na teanga.

“Baineann sé le dearcadh. Ar feadh fada go leor ní raibh tacaíocht stáit ann don Ghaeilge ó thuaidh. Mhothaigh muid nach raibh tábhacht ar bith ag baint linn, nach raibh stádas ar bith ag an teanga, nach raibh stádas ar bith againne.

“Ach Foras na Gaeilge agus an cur chuige uile-tíre sin, bheir sin stádas dúinne, bheir sé dóchas dúinn faoin tacaíocht a dtig linn a fháil agus faoi cá hait a dtig linn dul leis an teanga.”

Tá míbhuntáistí leis ag baint leis an gcur chuige trasteorann céanna.

“D’fhéadfadh sé a bheith deacair go leor ag an rialtas ó dheas a bheith ag forbairt na Gaeilge mar thosaíocht nuair nach bhfuil an dearcadh céanna ag an rialtas ó thuaidh. Sin ráite, b’fhearr i bhfad liom an cur chuige reatha.”

Ag féachaint roimhe, tá go leor ar mhaith le Seán Ó Coinn a bhaint amach as seo go ceann cúige bliana.  Ba mhaith leis an cur chuige pleanála teanga a chur i bhfeidhm “ag leibhéal an phobail” agus creideann sé go bhfuil teacht chun tosaigh na pleanála teanga i saol na Gaeilge ar cheann de na forbairtí is fiúntaí a tharla le fada an lá. Dar leis go bhféadfadh an phleanáil teanga bonn struchtúrtha comhtháite a leagan faoi chur chun cinn na teanga ar fud na tíre.

“Sin ceann de na dúshláin is mó atá romhamsa, sin a chur i gcrích fríd obair uilig Fhoras na Gaeilge, fríd obair forbartha uilig na Gaeilge ar an talamh,” a deir sé.

Ní i gcónaí a shamhlaítear Foras na Gaeilge le cás na Gaeltachta, ach is léir go bhfuil ceist na Gaeltachta gar do chroí an Phríomfheidhmeannaigh nua.

“Ceann de na tromluithe a bhíonn agamsa corruair ná go n-imeoidh an Ghaeltacht as agus go gcuirfear ceist ormsa, ‘cad é a tharla gur imigh an Ghaeilge as an Ghaeltacht nuair a bhí tusa i bpost a raibh tionchar aige ar chur chun cinn na teanga’. Bhí Gaeilge ó dhúchas ag mo gharathair mór a fuair bás i 1926, agus is minic a chuir mé ceist orm féin cad é bhí sé a dhéanamh nár labhair sé Gaeilge lena chuid páistí. Is ceantar iontach Gaelach an ceantar arb as mé, Mullach Bán in Ard Mhacha, agus é daingean ó thaobh na polaitíochta de fosta.

“Mar sin ní thiocfadh liom an ceangal a fheiceáil idir ceantar a lig don Ghaeilge bás a fhail sna 1920ídí agus an dearcadh a bhí sa cheantar maidir leis an pholaitíocht. Ach nuair a fheiceann tú an meath atá ag teacht ar na ceantracha Gaeltachta aithníonn tú nach mbaineann seo le toil tuismitheoirí Gaeilge a labhairt lena gcuid páistí, feiceann tú go bhfuil sé i bhfad níos casta ná sin agus go bhfuil ‘dymanic’ pobail i gceist a bhaineann an chumhacht sin ar shiúl ó dhaoine atá ag déanamh a ndíchill.”

Deir Ó Coinn go mbeadh obair leithéid an Fhorais taobh amuigh den Ghaeltacht “céad uair níos deacra” sa chás nach mbeadh an Ghaeilge á labhairt mar theanga phobail sa Ghaeltacht amach anseo.

“Mar sin, an fheidhm chomhairleach sin atá againn féin, agus cibé tionchar atá againn mar eagraíocht agus agamsa mar Phríomhfheidhmeannach, caithfidh muid an tionchar sin a chur i bhfeidhm go héifeachtach ó thaobh cúrsaí oideachais de, agus ar ndóigh tacú leis na hiarrachtaí atá ar siúl ag Údarás na Gaeltachta agus ag an Rialtas i leith na Gaeltachta.”

Ba mhaith leis chomh maith go dtabharfaí isteach i scoileanna Béarla ó dheas an páirt-thumoideachas atá geallta sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, rud a chabhródh chun gnáth-theanga, seachas ábhar scoile amháin, a dhéanamh den Ghaeilge.

Ó thuaidh den teorainn, ba mhaith leis “spásanna sábháilte” a chur ar fáil d’úsáid na Gaeilge.

“Tá ceithre cinn anseo againn i mBéal Feirste, tá Cultúrlann Uí Chanáin i nDoire, ach cá bhfuil na spásanna sábháilte in áiteanna eile? Tá sé sin ceangailte leis an chur chuige pleanála teanga. Tuigeann muid go bhfuil gréasáin shóisialta de dhíth, go bhfuil gréasáin úsáide de dhíth agus spásanna de dhíth inar féidir le daoine an teanga a chleachtadh.”

Dar leis an bPríomhfheidhmeannach go bhfuil Foras na Gaeilge “an-éifeachtach i dtaca le feidhmíocht de” agus go bhfuil saineolas agus taithí “thar an choitiantacht” ag a fhoireann. Ba mhaith leis, áfach, go mbeadh “i bhfad níos mo comhpháirtíochta” ag “leibhéil éagsúla” i “réimsí éagsúla oibre” na heagraíochta.

“Ní féidir úsáid na teanga a dhealú ó chumasú sa teanga, a dhealú ó thógáil páistí le Gaeilge, a dhealú ón fhoilsitheoireacht – ábhar léitheoireachta do pháistí, tá na rudaí seo uilig ceangailte le chéile.”

Tá roinnt cúraimí níos práinní ar an bPríomhfheidhmeannach freisin. Tá an léas atá ag an bhForas ar a n-oifigí ag uimhir a 7 Cearnóg Mhuirfean le dul in éag in Aibreán na bliana seo chugainn agus táthar ag féachaint ar láithreacha nua dá gceanncheathrú.

Tá oifig eile ag Foras na Gaeilge ar Shráid Fhreidric Thuaidh, mar a bhfuil An Gúm lonnaithe, ach níl gá ach le hoifig amháin, a deir Ó Coinn. Is i mBaile Átha Cliath a bheidh an ceannáras nua.

“Duine ar bith a mbíonn a gcluas leis na meáin, tuigeann siad nach féidir le duine ar bith dul amach agus a rogha oifig a aimsiú i mBaile Átha Cliath i láthair na huaire. Is cinnte gur mhaith linn go mbeadh príomhoifig Fhoras na Gaeilge lonnaithe i lár na cathrach i mBaile Átha Cliath.

Tá tábhacht ar leith leis sin i dtaca le stádas de, i dtaca le rochtain rialtais de, i dtaca le pobal na Gaeilge de agus, ar ndóigh, i dtaca leis na daoine uilig atá fostaithe istigh sna hoifigí sin ionas nach mbeadh athlonnú agus mar sin de i gceist d’iomlán fhoireann Fhoras na Gaeilge i mBaile Átha Cliath.”

Tá roinnt cruinnithe ar chlár oibre an Phríomhfheidhmeannaigh sa ghearrthéarma freisin.

“Mar a tharlaíonn sé, roimh an Nollaig, bhí cruinniú agam leis an Aire Humphries agus an Aire Kyne, cruinniú ar éirigh go han-mhaith leis ar fad. Ar theacht amach dúinn, mhothaigh muid i bhfad níos dearfaí ó thaobh ár ngaol leis na hairí.

“Idir an dá linn, tá cathaoirleach úr againn, tá bord úr againn, is mise an Príomhfheidhmeannach úr agus ba mhaith liom go mbeadh cruinniú againn leis an Aire ó thuaidh, Paul Givan [An tAire Pobal]. Ba mhaith liom fosta cruinniú a lorg leis an Aire Oideachais ó thuaidh, Peter Weir, mar tá ról comhairleach againn ó thaobh cúrsaí oideachais fosta.”

Fág freagra ar 'AGALLAMH LE SEÁN Ó COINN: ‘Bíonn tromluí corruair agam go n-imeoidh an Ghaeltacht as…’'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Agallamh breá oscailte.

    Is léir go bhfuil tuairim mhaith ag Seán Ó Coinn ar a bhfuil le déanamh agus go bhfuil tuiscint áirithe aige ar an ngéarchéim teanga sa Ghaeltacht. Bheadh súil agam go mbeidh an Foras in ann níos mó tacaíochtaí a chur ar fáil do na grúpaí atá ag saothrú leis an nGaeilge a chaomhnú sna pobail in a bhfuil an Ghaeilge fós in usáid, ná mar a bhíodh. Níor cheart go mbeadh sé ina mhíbhuntáiste ag grúpa, a bheith lonnaithe sa Ghaeltacht, agus tacaíocht á lorg ón bhForas le haghaidh scéim fiúntach nó féile nó eile, a bheadh le eagrú le usáid na Gaeilge a neartú i bpobal Gaeltachta.

    Ní aontaím leis gurb é an cinneadh ceart gur ar líne amháin a bheadh Tuairisc.ie. Cé go bhfuil sé tábhachtach Tuairisc.ie a bheith ar líne, níorbh é ‘an cinneadh ceart’ nach mbeadh aon leagan clóite den nuachtán ar fáil. Cinneadh a bhí ann mar nach raibh a dhóthain acmhainní ag an bhForas, más cuimhneach liom i gceart agus a bhí ag dul in aghaidh mianta an phobail, mar a léiríodh iad sa phróiséas comhairliúcháin a cuireadh ar bun. Tré bheith ar líne amháin gearradh amach go leor de lucht léite na Gaeilge, go háirithe sna ceantair Ghaeltachta. Chomh maith le sin ní raibh an ‘cinneadh ceart’ ag tíocht leis an bpolasaí a bhí socraithe ag an rialtas faoin ‘Stráitéis 20 Bliain’, ach a mhalairt. Mar thoradh ar seo tá go leor daoine nach bhfaigheann deis a thuilleadh nuacht tré Ghaeilge a léamh, mar nach bhfuil aon nuachtán Gaeilge ar féidir leo a cheannach go seachtainiúl sa siopa áitiúl. Go deimhin is olc an scéal é nach bhfuil aon tréimhseacháin i nGaeilge le ceannacht i gcuid de na siopaí is mó ina ndíoltar irisí agus nuachtáin a thuilleadh.

    Ní mba dochar ar bith dá ndéanfadh an bord nua atá ceapaithe ag Foras na Gaeilge aithbhreithniú ar an gcinneadh faoin Tuairisc.ie a bheith ar fáil ar líne amháin agus go dtabharfaí aird an uair seo ar mhianta an phobail.

    Go n-éirí le Seán agus leis an mbord nua atá ceapaithe ar an bhForas.

  • Seán Mag Leannáin

    Tréaslaím le Seán Ó Coinn as a cheapachán sa phost ceannaireachta seo i saol na Gaeilge. Nílím in éad leis, caithfidh mé a rá, ach guím gach rath air ina a chuid oibre. Aontaím leis go bhfuil a lán obair mhaith déanta cheana féin faoi choimirce an Fhorais – go háirithe i gcúrsaí foclóireachta agus in acmhainní theicneolaíocht faisnéise don teanga. Aontaím leis freisin faoin chúis atá leis “an meath atá ag teacht ar na ceantracha Gaeltachta … nach mbaineann seo le toil tuismitheoirí Gaeilge a labhairt lena gcuid páistí … go bhfuil sé i bhfad níos casta ná sin agus go bhfuil ‘dynamic’ pobail i gceist a bhaineann an chumhacht sin ar shiúl ó dhaoine atá ag déanamh a ndíchill.”
    Ach cén fáth go bhfuil an scéal amhlaidh? Is é mo bharúil féin nach gcuireann Seán go leor béime ar ról an Stáit i gcothú an ‘dynamic’ diúltach seo a bhfuil ar phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge dul i ngleic leis. Ní féidir liom aontú leis go bhfuil “an straitéis féin an-mhaith.” Deir Seán gur “beag rud atá le déanamh ó thaobh cur chun cinn na teanga nach bhfuil luaite” ann. B’fhéidir gur fíor seo, go bhfuil gach rud luaite ann.
    Ach cad mar gheall ar ról an Stáit féin agus a chuid rann? Is beag caint atá sa Straitéis ar bhearta don Ghaeilge sa tSeirbhís Phoiblí. Tá go leor cainte le blianta beaga anuas ar phleanáil teanga do na pobail áitiúla agus an fhreagracht i dtaobh pleananna teanga á cur ar na pobail féin, agus aontaím leis an gcur chuige seo. Ach cad mar gheall ar an Stát féin? Cá bhfuil na pleananna teanga atá ag an Stát dá Ranna féin?
    Is dócha go bhfuil an ceart ag an bPríomhfheidhmeannach glacadh leis ‘gur ó dheas is mó a bheas an pobal, an ceathrú milliún úsáideoir laethúil Gaeilge ag teacht chun cinn.’ Léiríonn pobalbhreith a rinne Millward-Brown do Chonradh na Gaeilge anuraidh an difríocht mhór idir staid na teanga ó dheas agus an scéal ó thuaidh. (Féach https://tuairisc.ie/pobalbhreith-nua-formhor-an-phobail-den-tuairim-gur-ceart-fail-a-bheith-ar-sheirbhisi-gaeilge/.) Díol spéise é gur mó i bhfad muinín na ndaoine ó dheas, mar a bhfuil an Ghaeilge ‘éigeantach’ (mar ábhar staidéir) ar scoil, as a gcumas sa teanga ná an scéal ó thuaidh mar a bhfuil an teanga fíor-lag. D’aontaigh 10% den daonra sa Phoblacht go láidir leis an ráiteas go raibh tuiscint mhaith acu ar an nGaeilge agus 8% acu go raibh siad muiníneach as a gcuid Gaeilge labhartha.
    Cuir é seo i gcomparáid leis an scéal ó thuaidh – níor aontaigh ach 2% de na daoine a ceistíodh ansin go láidir leis an ráiteas ‘Tá muinín agam as mo chumas tuisceana Gaeilge’ agus níor aontaigh ach 1% acu go láidir leis an ráiteas ‘Tá muinín agam as mo chuid Gaeilge labhartha’. Léiríonn an chontrárthacht seo gur éirigh le stádas oifigiúil na teanga ó dheas, agus an tacaíocht a thugann an Stát di – a lochtaí is a atá an tacaíocht sin – gur éirigh léi dul i bhfeidhm ar an bpobal go pointe áirithe agus níor chóir beag is fiú a dhéanamh de sin.
    Ní mór cuimhneamh nach féidir le teanga ar bith maireachtáil mar theanga phríobháideach amháin – is é sin, mar theanga teoranta do chomhthéacsanna teaghlaigh agus i measc chomhluadair bháúil. Is cinnte go bhfuil “spásanna sábháilte” ag teastáil don Ghaeilge. Tá spás cairdiúil di sa sféar poiblí , thuaidh agus theas, de dhíth. Ina éagmais sin níl i ndán di ach seargadh.
    Ní mór cuimhneamh i gcónaí go dtugann an Státchóras stádas agus aitheantas don teanga nach féidir le haon eagras príobháideach nó eagras deonach a thabhairt di. Tugann úsáid na Gaeilge sa chomhthéacs seo beocht agus aitheantas poiblí di. Sin an fáth go bhfuil tábhacht lárnach bhunúsach ag baint leis.
    Ní fíor a rá – port a chloistear go minic ó Ghaeilgeoirí – nach bhfaigheann an teanga tacaíocht shuntasach ón Stát. An fhadhb atá ann ná go bhfuil (i bhfoclaíocht an iar-Choimisinéara Teanga Seán Ó Curraoin) ‘dícheangal nó cliseadh céille i gceist’ i gcur chuige an Stáit i leith na Gaeilge. Ba chóir go mbeadh comhordú idir na gnéithe éagsúla de thacaíocht an Stáit. Tá an chuma ar an scéal faoi láthair go bhfuil lámh amháin den Stát (a chumas féin chun déileáil leis an bpobal trí Ghaeilge) ag teacht salach ar an lámh eile (iarrachtaí an Stáit tríd an gcóras oideachais an Ghaeilge a chur in úsáid). Níor thug an Straitéis Fiche Bliana aon aird ar an mbuncheist seo – ní áirím tabhairt faoina réiteach.

  • P.

    “…250,000 cainteoir Gaeilge a bhaint amach sna trí bliana is fiche atá fágtha againn…”. Trí bliana déag atá fágtha, ní trí bliana is fiche! Nó an Straitéis 30 bliain don Ghaeilge atá againn anois?! Ní dóigh liom go mbainfí an sprioc uaillmhianach sin amach fiú dá mbeadh 10 mbliana breise ann. Nárbh fhearr díriú ar an nGaeilge a choinneáil slán sa Ghaeltacht in ionad a bheith ag iarraidh brionglóidí seafóideacha a fhíorú?