AGALLAMH le Micheál Martin: ‘Cuirfimid an Straitéis i bhfeidhm murab ionann agus an Rialtas deireanach’

Deir ceannaire Fhianna Fáil gurb é an chaoi is fearr le déileáil leis an mbrú atá ar an nGaeilge sa Ghaeltacht ná an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a chur i bhfeidhm ina hiomláine

Micheal Martin. Pictiúr: Photocall Ireland
Micheal Martin. Pictiúr: Photocall Ireland

Is é an chaoi is fearr le déileáil leis an mbrú atá ar an nGaeilge sa Ghaeltacht ná an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a chur i bhfeidhm ina hiomláine, dar le ceannaire Fhianna Fáil, Micheál Martin.

“Tá brú ar an teanga sa Ghaeltacht. Ní rud nua é seo, agus rinneadh cur síos beacht air seo chomh fada siar le 1950 sa leabhrán Irish Speaking Dialects and Irish Speaking Districts.

“An chaoi le déileáil leis an mbrú seo ná an Straitéis 20 Bliain, a chuimsíonn moltaí an Staidéir Teangeolaíochta a rinneadh i 2007, a chur i bhfeidhm ina hiomláine.”

Dúirt Martin le Tuairisc.ie gur theip ar an Rialtas deireanach an Straitéis 20 Bliain a chur i bhfeidhm agus gurbh é an t-athrú is mó a dhéanfadh sé féin ná go gcuirfeadh sé na moltaí ar fad atá inti i gcrích.

“Cé go raibh lochtaí móra ar pholasaithe an stáit i leith na Gaeilge agus maidir le cur i bhfeidhm na bpolasaithe a bhí ann, is láidre i bhfad, go ginearálta, seasamh na Gaeilge ag tús na haoise seo ná tús na fichiú haoise.

“Is fíor an méid sin má chuirtear seasamh na teanga i measc an phobail, úsáid na teanga go ginearálta ar fud an domhain agus eolas ginearálta ar an teanga san áireamh.”

Dúirt sé gurb é an dúshlán is mó atá roimh a pháirtí ná tógáil ar an obair ar son na Gaeilge atá déanta.

Bhí Micheál Martin ag freagairt sraith ceisteanna a chuir Tuairisc.ie ar cheannairí na mórpháirtithe faoina ndearcadh i leith cheist na Gaeilge. Foilsíodh freagraí Gerry Adams Dé Máirt agus freagraí an Taoisigh inné. Níor éirigh le Tuairisc.ie aon fhreagra a fháil ó cheannaire Pháirtí an Lucht Oibre, an Tánaiste Joan Burton.

Fág freagra ar 'AGALLAMH le Micheál Martin: ‘Cuirfimid an Straitéis i bhfeidhm murab ionann agus an Rialtas deireanach’'