AGALLAMH le Louis de Paor: ‘Tús argóna’ is ea an ‘Duanaire’ nua, ‘Leabhar na hAthghabhála’

Labhair eagarthóir Leabhar na hAthghabhála (Poems of Repossession) linn faoin gcur chuige a bhí aige agus cnuasach nuafhilíochta Gaeilge á chur le chéile aige

Louis de Paor
Louis de Paor

Ba é an aidhm a bhí ag Seán Ó Tuama agus Thomas Kinsella leis an leabhar iomráiteach An Duanaire 1600-1900: Poems of the Dispossessed a tháinig amach i 1981 ná saibhreas filíochta na Gaeilge ón tréimhse sin a chur os comhair an phobail.

Ach i réamhrá an duanaire úd, luaitear nárbh é sin an t-aon tréimhse filíochta a raibh faillí déanta inti. Maítear nach bhfuil tuiscint fhorleathan ann ach an oiread ar “the new wave of modern verse in Irish that began with the revival in the 1880s”.

Is chuige sin atá an leabhar nua in eagar ag Louis de Paor, Leabhar na hAthghabhála (Poems of Repossession) a seoladh an tseachtain seo ag Féile Cúirt i nGaillimh agus atá á fhoilsiú i gcomhpháirt ag Cló Iar-Chonnacht agus BloodAxe Books. Tá dánta le 26 file sa leabhar mór téagartha seo agus cuid de na dánta sin aistrithe go Béarla den chéad uair riamh.

Ach dar leis an eagarthóir Louis de Paor gur údar ‘míshásaimh’ dó go mb’éigean dó tabhairt faoina leithéid de thogra.

“Is ábhar iontais dom é go mbeadh gníomh athghabhála ag teastáil beagnach daichead bliain tar éis do leabhar Sheáin Uí Thuama agus Thomas Kinsella a chur ar a súile do dhaoine sa tír seo go raibh traidisiún láidir filíochta sa Ghaolainn anuas go dtí an lá inniu agus gur i ngan fhios don chuid is mó de dhaoine atá sé ann.

“Ní hamháin go bhfuil imeallú déanta ar an nGaolainn i ndomhan go bhfuil tús áite ag an mBéarla ann, tá imeallú déanta ar an bhfilíocht mar genre agus mar fhoirm sa Bhéarla agus sa Ghaolainn. Baineann sé sin leis an tóir neamhchoitianta atá ar an úrscéal in iarthar domhain le fiche nó le tríocha bliain anuas.”

In theannta sin, iarracht éigin atá sa leabhar faillí chomóradh an Éirí Amach a chúiteamh. Bhí “leathshúil” ag de Paor ar chomóradh an Éirí Amach nuair a thosaigh sé ar an togra in 2013 agus bhí tuairim aige fiú an tráth úd gur in áit na leathphingine a bheadh an Ghaeilge i mbliain an chomórtha.

“Bhí sé soiléir go raibh idirdhealú á dhéanamh idir na gnéithe míleata agus polaitiúla, agus gnéithe eile den réabhlóid, i gcúrsaí eacnamaíochta, i gcúrsaí cultúir, i gcúrsaí litríochta agus i gcúrsaí filíochta.

“Agus ar shlí, cur i gcéill is ea é sin; dos na daoine a bhí páirteach sa réabhlóid bhí na rudaí sin ar fad fite fuaite ina chéile, agus an Ghaolainn i gcroílár na gluaiseachta.”

Seans go bhfuil míshuaimhneas áirithe ag baint leis an bhfírinne shearbh gur gá dul i muinín aistriúchán go Béarla le hoidhreacht filíochta na Gaeilge a chur i mbéal an phobail, ach mar a deir De Paor, tá an t-aistriúchán féin “dosheachanta.”

“Is í an imní a bheadh ar dhaoine ná go dtiocfadh an leagan Béarla in áit an bhundáin, gur á chur i bhfolach a bheadh sé seachas é a shoilsiú.”

Deir de Paor go bhfuil sé tuirseach “de bheith ag léamh aistriúchán Béarla ar shaothair Ghaolainne nuair is léir nach raibh an t-aistritheoir ábalta an Ghaolainn a léamh”. 

Dá bhrí sin, roghnaigh de Paor scoth na n-aistritheoirí agus níor tugadh bheith istigh sa mheitheal ach d’aistritheoirí a bhí inniúil sa Ghaeilge agus tuisceanach di.

Táthar ann atá den tuairim gur cheart go mbeadh rian an aistritheora dofheicthe, ach a mhalairt de chur chuige atá i gceist sa leabhar seo.

Tá beathaisnéisí agus nótaí ó na haistritheoirí ag deireadh an leabhair agus tugtar spléachadh dúinn ar na dúshláin bhaineann leis an aistriúchán agus an ‘caillteanas’ a bhíonn i gceist nuair a dhéantar saothar a aistriú. Admhaíonn Aodán Mac Póilín gur theip glan ar leagan sásúil de ‘Deora Dé’ Chathail Uí Shearcaigh a sholáthar, agus tugann cuntas Celia de Fréine léargas neamhghnách dúinn ar an gcoimhlint idé-eolaíochta a bhíonn ann idir an t-aistritheoir agus an file agus í an-ionraic faoin míshuaimhneas a bhí uirthi nuair a thug sí faoin dán conspóideach frithbhanda, ‘Ó Mórna’ le Máirtín Ó Direáin a aistriú.

Tá aistriúchán próis curtha ar fáil ar shaothar Bhiddy Jenkinson, file ar fearr léi gan a saothar a aistriú go Béarla mar ‘small rude gesture’ ina n-aghaidh siúd a cheapann gur féidir macallaí na Gaeilge ar fad a thabhairt slán san aistriúchán.

Dar le de Paor gur chun sochair go mór don leabhar é gur thoiligh sí a bheith páirteach.

“Cuirfidh sí áthas agus uafás agus alltacht agus líonrith agus gliondar croí ar léitheoirí Béarla nár tháinig uirthi, ná ar a leithéid, cheana sa bhfilíocht. Tá sí i measc na bhfilí móra atá againn in Éirinn agus beidh go leor cainte ar a saothar sa leabhar seo.”

Go deimhin, toisc gur foilsíodh an leabhar sa mBreatain, is cinnte go gcuirfear go leor spéise ann go hidirnáisiúnta agus tá an leabhar roghnaithe cheana féin ag an Poetry Book Society sa mBreatain mar ‘recommended translation’ don samhradh seo.

Tá mórdhán Eoghain Uí Thuairisc ‘Aifreann na Marbh’ ar bhuamáil Hiroshima istigh freisin, agus tá an t-aistriúchán a rinne Colbert Kearney den dán sin á úsáid anois mar bhonn le haistriúchán go Seapáinis.

“Doras amach sa tsaol is ea an Béarla, taitníodh sé linn nó ná taitníodh,” a deir de Paor.

Deir de Paor nár mhiste leis duanaire lán-Ghaeilge a chur i gcló amach anseo, agus tugtar le fios sa réamhrá gur orthu siúd atá gan Ghaeilge, nó ar bheagán Gaeilge, atá an leabhar dírithe.

Ach toisc gur aistriúcháin dhílse atá i gceist sa leabhar den chuid is mó, seans go dtabharfaidh an damhsa idir an bundán agus an t-aistriúchán Béarla súil eile do léitheoirí na Gaeilge ar na bundánta.

Is cinnte go dtabharfaidh an leabhar ábhar cainte do dhaoine, idir lucht na Gaeilge agus lucht an Bhéarla.

“Tús argóna” is ea é, a deir de Paor.