AGALLAMH le Joseph Brennan: Gobharnóir Stáit a fáisceadh as pobal Chonamara

Mac le himircigh as Gaeltacht Chonamara é Joseph Brennan a bhain céimeanna móra amach sa bpolaitíocht sna Stáit Aontaithe. Labhair sé le Tuairisc.ie i Meiriceá

AGALLAMH le Joseph Brennan: Gobharnóir Stáit a fáisceadh as pobal Chonamara

Glacaim buíochas le Joseph Brennan as glacadh leis an iarratas go ndéanfadh sé píosa cainte liom agus go ndéanfaí taifeadadh air. “Tá fáilte romhat,” arsa iarGhobharnóir Stát Maine. “Tá sé scaitheamh ó bhí deis agam lán mála bréaga a inseacht.”

Tugann tú faoi deara ar an bpointe go bhfuil féith na diabhlaíochta sa bhfear seo agus má tá moladh le déanamh ar a shaol agus a shaothar, ní hé Joseph Brennan a dhéanfaidh é. 

Agus is díol suntais é saol agus saothar Joe Brennan.

Mac imircigh as Gaeltacht Chonamara a d’fhág an baile beo bocht, bhain sé céimeanna móra amach sa bpolaitíocht sna Stáit Aontaithe.

Ba as Caladh Mhaínse i gCarna í a mháthair, Kate Ní Mhaoilchiaráin, Kate Mheairc Mhurchadha. Ba as Roisín na Mainiach i gCarna a athair, John Brennan, a chuaigh ar an imirce lena theaghlach ina ghasúr. Scéal brónach a bhí ann, bhásaigh fear an tí agus triúr gasúr leis na Braonáin i Roisín na Mainiach sular chrochadar a seolta go Portland, den dara huair. 

Le himeacht na haimsire, phós Kate Mheaic Mhurchadha agus John Brennan, na himircigh as Carna, i Portland i Stát Maine. Bhí bunáit láidir ag muintir Chonamara agus na Gaillimhe ansin i dtús an fhichiú haois. Ochtar clainne uilig a bhí ag John Brennan agus Kate (Ní Mhaoilchiaráin).

Chuaigh Joseph Brennan óg chuig Coláiste Oiliúna Dlí agus ina dhiaidh sin go Boston College. Chaith sé scaitheamh i dtús a shaoil oibre ag múineadh scoile ach chuaigh sé leis an dlí ina dhiaidh sin. Cén chaoi ar éirigh le buachaill as Munjoy Hill i bPortland é sin a dhéanamh sna blianta sin?

I bPortland i Stát Maine an tseachtain seo:  Ó chlé - Susan Uí Chatháin, an tOllamh Michael Connolly (Bronnaddh Gradam an Chladaigh air as an obair atá déanta aige do phobal na hÉireann do Ghael Maine), Joseph Brennan (IarGhobharnóir ar Stát Maine) agus Máirtín Ó Catháin
I bPortland i Stát Maine an tseachtain seo: Ó chlé – Susan Uí Chatháin, an tOllamh Michael Connolly (Bronnaddh Gradam an Chladaigh air as an obair atá déanta aige do phobal na hÉireann do Ghael Maine), Joseph Brennan (IarGhobharnóir ar Stát Maine) agus Máirtín Ó Catháin

“Déanfaidh mé an fhirinne leat, níor airigh mise riamh go raibh mé coinnithe síos ná coinnithe siar de bharr gurbh as pobal na hÉireann mé. Tá a fhios agam go bhfuil an chaint seo ann faoi ‘No Irish need apply’ ach ní rud é a chonaic mé go pearsanta,” a deir Joe Brennan. Ach nár dheacair na hacmhainní a fháil le dhul chun coláiste san am? “Ó muise is dóigh go raibh cuid den ádh orm,” a deir sé. 

Ar ndóigh, níl an scéal chomh simplí sin. Bhí Brennan óg an-mheabhrach agus d’éirigh leis scoláireachtaí a fháil agus, mar a dúirt sé féin, bhí fíorshuim ag a mhuintir san oideachas. “Fuair mé comhairle agus ugach ó dheirfiúr liom a bhí ina banaltra. Bhí sí i gcónaí do mo spreagadh ar aghaidh.”

Bhí Joseph Brennan ina Ard-Aighne ar Stát Maine sna 1970idí. Toghadh é ina Ghobharnóir ar an Stát i 1979. Bhí a mháthair beo, láidir san am – Kate Mheairc Mhurchadha. An raibh sí bródúil as? “Silim go raibh ar bhealach ciúin agus príobháideach,” a deir Brennan. “Ach ní dhearna sí aon ghaisce poiblí faoi.” 

Ar chuir sí comhairle air?

“Ní cuimhneach liom gur chuir ach deireadh sí i gcónaí go raibh an ceart agam uilig go léir i chuile rud a rinne mé!”

Toghadh an Braonánach ina Ghobharnóir arís i 1983 agus tar éis an dara téarma ceithre bliana mar Ghobharnóir toghadh é faoi dhó ina Ionadaí Comhdhála do Stát Maine i Washington idir 1987 agus 1991. Ach chreid sé i gcónaí gur mhó a d’fhéadfá a dhéanamh mar Ghobharnóir ná a dhéanfá mar Ionadaí ná mar Sheanadóir i Washington. “An dá phost is fearr sa bpolaitíocht anseo i Meiriceá – Gobharnóir agus Uachtarán, ach amháin go bhfuil sé beagán deacair an Uachtaránacht a fháil!”

Thug Brennan cúpla iarraidh faoi phost an Ghobharnóra i Maine sna 1990óidí arís ach níor éirigh leis: “Sílim go rabhadar tuirseach de Bhrennan,” arsa an t-iarGhobharnóir agus é ag scairtíl gháirí. Mar a tharla sé is ar Washington D.C. a bheadh a chompás ag díriú arís. Cheap an tUachtarán Clinton é ina bhall de Choimisiún Náisiúnta Mara na Stát Aontaithe i 1999. Bhí eolas maith ag Clinton air, chaitheadar ocht mbliana ina suí le taobh a chéile ag cruinnithe Ghobharnóirí Stáit na Stát Aontaithe. 

Bhí Clinton ina Ghobharnóir ar Arkansas sna 1980dí.

Nach iontach ansin gur cheap an tUachtarán Poblachtánach, George W. Bush, arís é do thréimhse cúig bliana eile in 2004? “Tharla sé mar sin. Táim cinnte nár chaith an tUachtarán Bush mórán ama ag cuimhneamh ormsa, seans gur socruithe idir na Daonlathaigh agus na Poblachtánaigh faoi bhallraíocht ar choistí ba chúis liomsa a bheith athcheaptha.”

Mac le fear oibre ar na dugaí i Portland i Maine é Joseph Brennan. Chaith sé féin tréimhsí ag obair ann ina fhear óg – dollars le haghaidh na scolaíochta á dtuilleamh aige. Bhí a fhios aige go raibh an ghráin ag lucht oibre na ndugaí ar na longa ar a dtugtar na ‘container ships’. Ní raibh aon obair ar an duga de bharr na tráchta sin. 

“Mar a tharla sé, bhí an cheist seo faoi riaradh na long seo ar an rud ba mhó a bhí le láimhsiú againn sa gCoimisiún. Tá siad i bhfad níos forleithne anois agus tá na mílte oibrí curtha as obair acu ar dhugaí Mheiriceá. Ach, bhí an saol ag athrú agus b’éigean é sin a dhéanamh ach ní dóigh go mbeadh m’athair buíoch díom.”

Ar cuimhneach leis an nGobharnóir go mbíodh Gaeilge á labhairt ina dteach cónaithe i bPortland ina óige? 

“Labhraítí Gaeilge nuair nach rabhthas ag iarraidh go mbeadh tuiscint ag na gasúir ar an ábhar a bhíodh faoi chaibidil. Ansin thagadh daoine isteach scaití agus bhíodh sé ina Ghaeilge, go háirithe ag comhluadar ban a bhíodh ag ól tae agus ag comhrá le mo mháthair san ardtráthnóna.”

Is cuimhneach leis an nGobharnóir gur shocraigh sé féin agus an chuid eile den teaghlach “nuair a bhí beagán airgid saothraithe againn” go n-íocfadh siad as turas go hÉirinn dá máthair – siar ar ais chuig a háit dhúchais – ach dúirt sí nach raibh sí ag iarraidh é sin a dhéanamh. Ní raibh sí ag iarraidh “a dhul ar ais ar chuairt”.

Deir sé gur thuig sé gur fhág sí – ar nós go leor eile – Éire nuair a bhí cruatan agus bochtanas go dona sa tír. “Shíl sí go mba í an áit seo na Flaithis seachas Éire, cé nach raibh tada le spáráil ag na himircigh i bPortland ach an oiread.”

Ní raibh suim ag Joseph Brennan sa bpolaitíocht ina fhear óg. “D’fheicinn mic léinn ag dul don pholaitíocht sa gcoláiste agus b’fhacthas dom go mba phaca amadán a bhí iontu. Ach, tá mé a cheapadh gurbh é mo chúlra a thug mé i dtreo na gairme de réir a chéile. Bhí mé ag iarraidh go gcaithfí níos fearr leo siúd a bhí faoi bhrú agus faoi mhíbhuntáiste. Thriail mé, mar shampla, córas níos fearr a chur i bhfeidhm do phríosúnaigh sa Stát seo agus thriail mé le deiseanna níos fearr a thabhairt do dhaoine óga a bhí ag dul amú sa saol.”

Chuir Joseph Brennan go leor béime ar an oideachas freisin. Tugann sé féin agus a bhean, Connie Brennan, suim láidir airgid do mheánscoileanna an Stáit uilig as a bpócaí féin chuile bhliain ar mhaithe le scoláireachtaí do mhic léinn atá faoi mhíbhuntáiste. Is ceart a rá gur ó fhoinsí eile a fuair mé an t-eolas sin; níor labhair an Gobharnóir air sin, beag ná mór, agus mé i mbun cainte leis.

An raibh aon bhaint aige leis an ngrúpa polaiteoirí Gael-Mheiriceánacha a bhí ag gníomhú ar son ceart agus réiteach ar thrioblóidí an Tuaiscirt i Washington nuair a bhí sé féin ina Ionadaí Comhdhála ansin? “Ní fhéadfainn a rá go raibh lámh agam sa bhfeachtas sin, cé go raibh mé i gceannas uair amháin ar thoscaireacht trádála go Tuaisceart Éireann nuair a bhí an saol an-chorrach ansin. Silim gur tháinig beagán as sin, sa deireadh.”

Meabhraíonn a bhean, Connie, dó gur thacaigh sé leis na McBride Principles. Tugann an socrú sin cúnamh chuile bhliain don American Fund for Ireland. Ar nós go leor eile, ní tharraingíonn an Gobharnóir mórán airde air sin. “Ó bíonn ócáid ghalánta bhliantúil acu ar Oileán Nantucket amach ó chósta Mhassachusetts,”a deir sé.

Meabhraím dó go bhfuil muintir an phobail sa mbaile bródúil i gcónaí as an gcaoi ar éirigh leis dul chun cinn a dhéanamh sa saol poiblí i Meiriceá. Is léir go dtéann sé sin i gcionn ar Brennan atá 82 anois. Ba mhaith leis a theacht ar thuras eile go hÉirinn agus go Conamara. “Céard faoin gcéad bhliain eile?” a deir a bhean Connie. “B’fhéidir é,” arsa an Gobharnóir.