AGALLAMH le Gerry Adams: ‘Tá aos óg na hÉireann níos ildánaí ná muidne – bíodh tumoideachas ag gach leibhéal againn’

Deir ceannaire Shinn Féin le Tuairisc.ie go n-aithníonn a pháirtí go bhfuil géarchéim teanga sa Ghaeltacht agus go bhfuil plean acu dul i ngleic léi

Toghchán Strap

Pictiúr: Laura Hutton/Photocall Ireland

Tá moladh déanta ag Uachtarán Shinn Féin Gerry Adams go dtabharfaí an tumoideachas isteach “ag gach leibhéal sa chóras oideachais” agus go háirithe sa luathoideachas.

“Ós rud é go bhfuil Sinn Féin tiomanta an Ghaeilge a thabhairt ar ais mar theanga labhartha in Éirinn agus a hardréim a athbhunú i sochaí ilteangach, d’athróinn an cur chuige i leith mhúineadh na Gaeilge agus mholfainn tumoideachas ag gach leibhéal sa chóras oideachais, go háirithe an tumoideachas ag an luathchéim.

“Níl amhras ar bith orm ach go gcabhródh sé seo le hathbheochan na Gaeilge gan mórán moille ná deacrachta. Tá aos óg na hÉireann níos ildánaí na muidne. Mar a deir an seanfhocal: ‘Mol an óige agus tiocfaidh sí’.”

Deir Uachtarán Shinn Féin Gerry Adams chomh maith go nglacann a pháirtí leis go bhfuil géarchéim teanga sa Ghaeltacht agus “gur gá dul i ngleic léi go práinneach”.

“Creidimid go bhfuil todhchaí na Gaeilge ag brath ar inmharthanacht agus inbhuanaitheacht na bpobal Gaeltachta, áit ina bhfuil an Ghaeilge mar phríomhtheanga an phobail.

Tá  Sinn Féin, a deir Adams, ag moladh go gcuirfí i bhfeidhm straitéis chuimsitheach le cur i gcoinne chreimeadh na Gaeilge sa Ghaeltacht. Anuas air sin, tá an páirtí ag iarraidh ceantair ‘Ghaeltachta’ nua a chruthú “go háirithe i gceantair uirbeacha sa Tuaisceart agus sa Deisceart”.

Deir Adams go bhfuil cuid mhaith oibre ar son na Gaeilge á déanamh ag a pháirtí ó thuaidh.

“An tseachtain seo caite tugadh spreagadh don Ghaeilge nuair a d’éirigh le hiarratas Raidió Fáilte ar lárionad craoltóireachta, taifid agus oiliúna a mbeadh cartlann Gaeilge ann.

“Bhí dea-scéal eile an tseachtain seo caite ann nuair a dheimhnigh an tAire Carál Ní Chuilinn go gcuirfear ar fáil tacaíocht do Scéim Phobal na Gaeilge sna blianta beaga amach romhainn. Leis an scéim seo féadfaidh coistí pobail Oifigigh Forbartha a cheapadh chun an Ghaeilge a chur chun cinn.”

Maidir le plean Shinn Féin chun dul i ngleic le géarchéim na Gaeilge sa Ghaeltacht, deir ceannaire an pháirtí go bhfoilseofar go luath é.

Thug sé le fios gur ghlac Sinn Féin ina bhforógra toghchánaíochta le héilimh réamhthoghcháin Chonradh na Gaeilge – Aire Sinsearach don Ghaeilge agus don Ghaeltacht, buanchoiste Oireachtais a bheadh freagrach as cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta amháin agus breis acmhainní d’Údarás na Gaeltachta agus d’Fhoras na Gaeilge.

Dar le Adams go bhfuil “an-dochar” déanta ag na páirtithe a bhí i gcumhacht ó dheas “don Ghaeilge mar theanga labhartha”.

“Tá neamhaird tugtha ag an Rialtas seo ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht. Is masla amach is amach é an chaoi a chaitear le lucht labhartha na Gaeilge agus na Gaeltachta.

“Tá polasaithe agus cur chuige an Rialtais, agus na rialtas roimhe seo, díobhálach agus fiú naimhdeach d’fhorbairt na Gaeilge.

“D’fháiltigh Sinn Féin roimh an Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge sa Deisceart, ach tá díomá mhór orainn faoin easpa cur i bhfeidhm.”

Ní sé curtha as an áireamh ag Úachtarán Shinn Féin go gcaithfí i dtraipisí an Straitéis 20 Bliain ach dealraíonn sé go mbeadh sé sásta seans eile a thabhairt di ar dtús.

“Táimid den tuairim go gcaithfear fócas as an nua a thabhairt don Straitéis sin, nó cur chuige nua a dhearadh a bheadh in oiriúint do riachtanais níos práinní ó thaobh mheath na Gaeilge de sna ceantair Ghaeltachta.”

Thagair ceannaire Shinn Féin chomh maith d’éileamh an pháirtí go gceapfaí breithiúna le Gaeilge sa Ghaeltacht agus mhaígh sé go dtacódh an páirtí leis an nGaeloideachas ag gach leibhéal den chóras oideachais.

Chuirfeadh a pháirtí tacaíocht bhreise ar fáil “d’eagraíochtaí a sholáthraíonn cláir ghníomhaíochtaí trí mheán na Gaeilge” go háirithe d’eagraíochtaí sna ceantair Ghaeltachta.

Thacódh Sinn Féin leis le hEalaín na Gaeltachta agus le forbairt áiseanna pobail “a chuirfeadh feabhas ar an gcaighdeán maireachtála i gceantair Ghaeltachta”.

Thug sé le fios go raibh Sinn Féin ag iarraidh go gcuirfí córas teileachumarsáide d’ardchaighdeán ar fáil i ngach ceantar Gaeltachta.

Bhí Gerry Adams ag freagairt sraith ceisteanna a chuir Tuairisc.ie ar cheannairí na mórpháirtithe faoina a ndearcadh i leith cheist na Gaeilge. Tá sé i gceist againn na hagallaimh leis na ceannairí eile a fhoilsiú sna laethanta amach romhainn.

Fág freagra ar 'AGALLAMH le Gerry Adams: ‘Tá aos óg na hÉireann níos ildánaí ná muidne – bíodh tumoideachas ag gach leibhéal againn’'

  • maurie o'sullivan

    Polasaí ana mhaith ó Gerry Adams.
    Dúnghaois ar bith a chabhraíonn le agus a thugann tacaidheacht don’ Ghaeilge, molaim san.