AGALLAMH: ‘Is iad na rudaí a labhair liomsa ná mianta, aisling, imní, fiántas agus streachailt an déagóra’ – stiúrthóir ‘Eipic’

Labhair Tuairisc.ie le stiúrthóir na sraithe nua 'Eipic' Louise Ní Fhiannachta, agus le bean deartha na ngrafaicí, Sinéad Ní Chadhain, faoin tsraith a thosaigh ar TG4 aréir

TG4-EIPIC-Louise-Ni-Fhiannachta-Sinead-Ni-Chadhain
Stiúrthóir ‘Eipic’ Louise Ní Fhiannachta agus a leathbhádóir, dearthóir na ngraificí don tsraith, Sinéad Ní Chadhain

Craoladh an chéad eagrán den tsraith nua Eipic ar TG4 ag a deich a chlog aréir agus is maith an glacadh a bhí ag an lucht féachana leis ar na meáin shóisialta, gan caint ar na dea-léirmheasanna atá tugtha ag na meáin thraidisiúnta dó go dtí seo.

Labhair Tuairisc.ie le stiúrthóir na sraithe nua réabhlóidí, Louise Ní Fhiannachta, agus le bean deartha na ngrafaicí, Sinéad Ní Chadhain, faoin tsraith agus faoi na dúshláin a bhí rompu agus iad ag iarraidh scéal an chúigir déagóirí atá in Eipic a insint ar bhealach nua agus spleodrach.

Dúirt Ní Fhiannachta, a stiúir an gearrscannán cáiliúil Rúbaí, gurb é ceann de na dúshláin ba mhó a bhí roimpi agus í ar thóir aisteoirí a ghlacfadh páirt an chúigir ná teacht ar aisteoirí óga le Gaeilge a raibh cumas sa cheol acu freisin.

Chaith sí dhá mhí go leith ag dul timpeall na tíre ag cuardach daoine a thabharfadh léiriú ceart ar na carachtair sa tsraith.

TG4-EIPIC-Louise-Ni-Fhiannachta
Louise Ní Fhiannachta

“Ceann de na dúshláin a bhí romham ná nach raibh mé ag iarraidh aon aghaidh a chonacthas ar TG4 a úsáid arís mar tá a fhios agam go bhfuil an oiread sin cumais amuigh ansin.

“An difríocht is mó idir a bheith ag cur cliar le chéile i saol an Bhéarla agus a bheith á dhéanamh i saol na Gaeilge ná go gcuireann tú fógra amach i saol an Bhéarla agus tiocfaidh na sluaite chugat. Ach i saol na Gaeilge, caithfidh tú imeacht timpeall na tíre ar aistear fada ar thóir na ndaoine atá uait.

“Tháinig tuairim is 150 duine chugainn agus ná habair liomsa nach bhfuil scoth na n-aisteoirí ansan amuigh. Seo rud a chloisimid an t-am ar fad – nach bhfuil daoine óga le Gaeilge ann agus cumas aisteoireachta iontu. Níl sé sin fíor, chonaiceamar féin iad,” a dúirt sí.

Sa deireadh, ba iad Róisín Ní Chéilleachair, Fionnuala Gygax, Fionn Foley, Cian Ó Baoill agus Daire Ó Muirí a roghnaíodh ón 20 duine deiridh. Bhí “fírinne éigin ag baint le gach aon duine den chúigear” , dar  leis an stiúrthóir, a leagann an-bhéim ar scileanna sa ‘chumadóireacht lom láithreach’ (‘improv’) agus í ag déanamh measúnú ar scileanna aisteoireachta.

“Bhíodar in ann an tuiscint a bhí acu féin ar an gcarachtar a thabhairt chun cinn níos mó tríd rud éigin ar nós an ‘improv’. Is dóigh liom gur spás naofa beannaithe é spás an ‘improv’, an teagmháil a dhéanann beirt aisteoirí lena chéile. Bláthaíonn siad taobh istigh de nóiméad nó dó mar aisteoirí.

“Bhí na tréithe sin ar fad ag an gcúigear a roghnaíomar. Cinneadh an-dheacair a bhí ann ag an deireadh. Bhí 20 duine againne a bhí an-mhaith. Bhí aisteoirí óga le Gaeilge a raibh cumas sa cheol acu chomh maith uainn – ní mórán é!” a dúirt sí.

TG4-EIPIC-Sinead-Ni-Chadhain-EIPIC
Sinéad Ní Chadhain

B’údar iontais don ghrafaiceoir, Sinéad Ní Chadhain, go raibh go leor Gaeilgeoirí ceolmhara óga amuigh ansin. Thug sí suntas ar leith don bhean óg as Dún Chaoin, Róisín Ní Chéilleachair, a ghlac páirt Mona sa tsraith.

“Ach bhí neart acu ann! Tá an-chumas ceoil acu, ag Mona go mór agus ag Bea. Tá glórtha álainne acu,” a dúirt Ní Chadhain.

D’aontaigh an bheirt bhan, áfach, go raibh an t-ádh orthu Fionn Foley a aimsiú, an fear óg a ghlac páirt Sully sa chlár. Bhí Fionn i mbanna ceoil sular thosaigh sé le Eipic agus casann sé an giotár. Deir Ní Fhiannachta go raibh an-mheas ag an aisteoir óg ar an gcineál ceoil a theastaigh ó lucht déanta na sraithe a chur sa chlár.

TG4-EIPIC-Logo

“Cé nach bhfuil sé ach 23, tá an-suim aige sa cheol céanna a bhfuil suim agam féin ann. Tógadh mé ag éisteacht le Nirvana agus Joy Division agus araile agus tá an-mheas aige ar an saghas sin ceoil agus sin an sórt rian a theastaigh uainn a chur ar an tsraith seo,” a mhínigh Ní Fhiannachta.

Is dlúthchuid den chlár é an ceol, ar ndóigh. ‘Réabhlóid cheoil’ atá ar bun ag Sully agus a chomrádaithe nuair a ghlacann siad seilbh ar oifig an phoist (atá dúnta le blianta) i nDobhar.

Tá Gaeilge curtha ar amhráin Bhéarla don chlár agus iad á gcasadh ag an gcliar óg ag amanna éagsúla le linn na sraithe. 

TG4-EIPIC-Fomo-Suiomh

“Roghnaíodh naoi n-amhrán agus cuireadh isteach sa script iad le nasc a chruthú leis an scéal agus leis na téamaí agus mar sin de. Bhí an-chraic againn. D’athchruthaigh mé féin nasc leis an gceol agus thug sé thar n-ais mé go laethanta na ndioscó agus araile mé,” a deir Ní Fhiannachta.

Dúirt sí gurb é an nasc sin le mianta agus fiántas an déagóra a mheall chuig an togra í nuair a tháinig Magamedia, comhlacht léirithe na sraithe, chuici an chéad lá riamh.

“Caithfidh rud éigin labhairt liom go gcuirfinn suim ann agus caithfidh mé a bheith paiseanta faoi sula dtabharfaidh mé faoi. Sa chás seo, is iad na rudaí a labhair liomsa ná mianta, aislingí, imní, fiántas agus streachailt an déagóra.

“Chonaic mé deis sa tsraith seo, deis guth agus ardán a thabhairt do dhéagóirí na tíre seo sa lá atá inniu ann. An cheist mhór a spreag sé ionam ná cén chiall atá le bheith i do dhéagóir an bhliain seo, 2016, tá gach duine ag déanamh ceiliúrtha agus comórtha agus seo sinne ag caint ar laochra agus laochra óga. Cén chiall nó cén bhrí a bhaineann le bheith i do laoch sa tír seo i 2016?”

TG4-EIPIC-InstaKam-Suiomh

Titeann go leor den scéal in Eipic amach sa chibearspás agus dá bharr sin úsáideadh cleasanna grafaicí agus trealamh éagsúil nuair a bhí an taifead ar siúl. D’éirigh le Ní Fhiannachta, Ní Chadhain agus an chuid eile den chriú an idirghníomhaíocht a bhaineann leis an idirlíon a chur ar an scáileán teilifíse ar bhealach cliste mealltach.

Anuas ar an gceamaradóireacht chruthaitheach seo, bhí gá le go leor grafaicí. Tá ard-mholadh tuillte ag Ní Chadhain, a dúirt Ní Fhiannachta, as an obair ar fad a chuir sí isteach sa chlár. Deir Ní Fhiannachta gur thuig Ní Chadhain ón gcéad lá cérbh iad na rudaí a theastódh ó chlár den chineál seo.

“Bhí a fhios agam go gcaithfeadh an chlóghrafachaíocht a bheith láidir agus go gcaithfeadh sí seasamh amach, agus domsa, má tá tú ag caint ar rud mar sin níl tú ag caint ar chló a roghnú agus a rá ‘sin stíl an chláir’. Bhí muid ag iarraidh branda iomlán a chruthú ar dtús.

TG4-EIPIC-Sluasaid-Instagram

“Bhreathnaigh muid ar phóstaeir agus ar an mbrandáil atá ag bannaí ceoil faoi leith agus an rud a chonaic mise ná go bhfuil tú ag iarraidh lógó an-láidir a thabharfaidh tú leat. Bhí muid ag breathnú ar mhodhanna difriúil chun é sin a dhéanamh ach sa deireadh roghnaigh muid ceirnín á briseadh, agus ar bhealach bhí mothúchán faoi leith nó ráiteas aige sin,” a mhínigh Sinéad Ní Chadhain.

Ach ní ar an ábhar poiblíochta amháin a bhí an dearthóir ag obair. ‘Cruthaíodh’ trí shuíomh ar líne, cuntais ar na meáin shóisialta ina measc, don chlár agus ó tharla dlúthbhaint a bheith ag an scéal leis na suíomhanna sin bhí gá iad a dhéanamh chomh réalaíoch agus ab fhéidir. Ba leis na suíomhanna ba mhó a chaith Ní Chadhain dua , a dúirt sí.

TG4-EIPIC-Fomo-Suiomh

“Bíonn na carachtair ag baint úsáide as trí shuíomh: ’Fomo’, ar seomra cainte é’; ’Slua-Said’, suíomh ceoil; agus ‘InstaKam’, suíomh roinnte grianghraf a thaitníonn le Bea. Bhí na suíomhanna seo an-tábhachtach don scéal ar ndóigh, agus is ar Slua-Said a chuireann an banna isteach ar an gcomórtas ceoil.

“Chaithfeadh go gcreidfeadh an lucht féachana gurbh ann do na suíomhanna seo. Agus freisin aon uair a bhí siad ag baint úsáid as a gcuid fón bhí muid ag iarraidh teacht ar bhealach cruthaitheach chun é sin a chur in iúl,” a dúirt sí.

Is léir cheana gur éirigh leo sa mhéid sin agus go gcreideann daoine i ndomhan Eipic.

– Tá an chéad eagrán de Eipic ar fáil ar Sheinnteoir TG4 faoi láthair agus craolfar na heagráin eile ar an Déardaoin ag 10 pm

Fág freagra ar 'AGALLAMH: ‘Is iad na rudaí a labhair liomsa ná mianta, aisling, imní, fiántas agus streachailt an déagóra’ – stiúrthóir ‘Eipic’'

  • Maidhc

    ana ghaisce deanta leis an ndearadh, ach stil gan substaint e don gcuid is mo.. aris is tearc an fhuaimint ann… da dteaspainfhinn so do dhaoine nach ‘Gaelgeoiri’ iad dheinfidis staicin aifeise do.. The script and story is just simply not convincing and tries too hard despite a witty script, great translation, innovative design, and talented actors. Coincheap roanabai ro-shallow chun teacht chun coinliochta, faraoir!