AGALLAMH: ‘Feidhm ar bith leis na hargóintí i gcoinne oirniú ban’ – Biddy Jenkinson

Labhair Biddy Jenkinson le Tuairisc.ie faoina dráma nuascríofa, Beannaithe, atá á léiriú in Amharclann Smock Alley i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo

AGALLAMH: ‘Feidhm ar bith leis na hargóintí i gcoinne oirniú ban’ – Biddy Jenkinson

Biddy Jenkinson. Pictiúr: Máire Uí Mhaicín, Portráidí

Beidh dráma Gaeilge nuascríofa Beannaithe le Biddy Jenkinson a léiriú den chéad uair in Amharclann Smock Alley i mBaile Átha Cliath anocht. 

Stádas na mban san Eaglais Chaitliceach is ábhar do dhráma nua Jenkinson, ina dtugann bean rialta faoi fheachtas chun cás na mbansagart a chur chun cinn.

Cé nach “scríbhneoir cúise” í, dúirt an scríbhneoir mór le rá le Tuairisc.ie, gur bhraith sí go raibh “deis” ar an ardán iniúchadh a dhéanamh ar na hargóintí i gcoinne oirniú ban.

“Ceapaim gur spéis le scríbhneoirí, i gcoitinne, an rud atá corr, ait, as alt mar gur ann a bhíonn tús na hathbheochana, deis fáis agus féidearthachtaí. Is ait, dar liom, go gcuirtear cosc ar mhná a bheith ina sagairt. Ba ghreannmhar iad na hargóintí i gcoinne shagartóireacht na mban, murach go bhfuil feidhm leo.”

Cairde agus gaolta leis an scríbhneoir aitheanta a bhí ina mná rialta a spreag Jenkinson le tabhairt faoin ábhar seo ina dráma nua, agus í ag iarraidh comóradh á dhéanamh “ar a ndíograis, a ndaonnacht agus an saol atá caite acu chun leasa an phobail”.

Dhá bhliain ó shin a thug Guthanna Binne Síoraí, an comhlacht amharclannaíochta a léirigh Beannaithe, cuireadh do Jenkinson an dráma nua Gaeilge a scríobh.

Ba ag an tráth sin, a dúirt sí, “a dhún an Pápa [Proinsias] an doras ar oirniú ban”, nuair a dúirt sé go poiblí gur chreid sé go mairfeadh an cosc ar bhansagairt go deo.

B’amhlaidh, a dúirt sí, “gur shiúil an triúr ban rialta isteach sa chliar láithreach”.

Cúigear aisteoirí ar fad atá sa dráma Beannaithe atá á stiúir ag Colm Ó Foghlú agus á léiriú ag Tristan Rostenstock.

Is iad Áine Ní Mhuirí, Bríd Ní Ghruagáin, Dairíne Ní Dhonnchú atá i bpáirteanna na dtriúr ban rialta, agus tá Cilian O’Dee agus Cathal Quinn i bpáirteanna an monseigneur agus an easpaig.

Tá ‘Íosachán’, dán nuascríofa le Jenkinson, ina chuid den dráma chomh maith le dán eile a chum Muiris Mhic Dháibhí Dhuibh Mhic Ghearailt ‘Beannaigh an long-sa, a Chríost cháidh’.

Cór ban Átha Cliath a bheas i mbun ceoil le linn an dráma agus cloisfear ceol nuachumtha de chuid an stiúrthóra, Colm Ó Foghlú, chomh maith mar thionlacan leis na dánta.

Cé go mbíonn sé deacair “ag lucht na n-ealaíon i gcoitinne daoine a mhealladh amach”, dúirt Jenkinson go bhfuil sí ag súil go mbeidh “gach suíochán sealbhaithe” in Amharclann Smock Alley as seo go ceann ceithre oíche eile.

Deir Jenkinson gur cúis ‘lagmhisneach mire” é do scríbhneoirí a laghad drámaí a bhíonn á léiriú don stáitse agus gur cheart deireadh a chur leis an nós duaiseanna airgid a bhronnadh ar bhuaiteoirí na gcomórtas drámaíochta agus gan an dráma a bheith le feiceáil go deo arís ar stáitse.

An bhfuil teachtaireachtaí ar bith sa dráma? Tá súil agam nach bhfuil.

“Níor mhaith liom dul chuig dráma agus go mbeadh crannóg ar an ardán romham.”

Fág freagra ar 'AGALLAMH: ‘Feidhm ar bith leis na hargóintí i gcoinne oirniú ban’ – Biddy Jenkinson'