AGALLAMH: 66 Days – Léargas úr ar Bobby Sands i scannán nua

Labhair Tuairisc.ie le Brendan J Byrne a bhfuil scannán faisnéise nua déanta aige faoi Bobby Sands

AGALLAMH: 66 Days – Léargas úr ar Bobby Sands i scannán nua

Nuair a bhí Bobby Sands ag tarraingt a fhad leis an dénouement uafásach agus é ar stailc ocrais i mblocanna H na Ceise Fada, bhí mise ag obair i Leabharlann na Seanchille i gcroílár phobal dílseach Bhéal Feirste.

Ba ansin a chuala mé na ráflaí go raibh Caitlicigh réidh le hionsaí a dhéanamh ar Phrotastúnaigh dá bhfaigheadh Sands bás.

Bogadh roinnt mná agus páistí amach as an tSeanchill ar eagla na heagla. Bhí an sceimhle agus an imní forleathan fud fad an tuaiscirt.

Tá an scannánóir aitheanta Brendan J Byrne, a bhí 15 bliain d’aois ag an am, tar éis scéal Bobby Sands a insint i scannán úr faisnéise dar teideal 66 Days, tagairt don tréimhse a thug Sands ar stailc ocrais sula bhfuair sé bás ar an 5 Bealtaine 1981.

“Bhí mé féin ag freastal ar scoil Mhuire in iarthar Bhéal Feirste i 1981. Bhí a fhios agam go raibh rud éigin tromchúiseach ag dul ar aghaidh ach níor thuig mé go domhain é, níor thuig mé a thábhachtaí is a bhí sé,” a deir Byrne le Tuairisc.ie.

Agus é anois 35 bliain níos sine, measann Brendan go seasfaidh 1916 agus 1981 amach mar na blianta is tábhachtaí i stair na hÉireann. Tá an scéal amhlaidh, dar leis, mar gheall ar Bobby Sands.

“Go bunúsach, nuair a smaoiníonn tú ar an stailc ocrais agus agóid na pluide, níl againn anois ach na híomhánna thar a bheith láidir sin ach bhí mise ag iarraidh an scéal a leathnú amach le hiniúchadh a dhéanamh ar stair na láimhe láidre sa phoblachtachas,” ar sé

“Níor ghnáthphoblachtach a bhí in Bobby Sands, níorbh as cúlra traidisiúnta Poblachtach i gceantar láidir Caitliceach Poblachtach é ach ba iad na himeachtaí a bhí ag titim amach ar shráideanna Bhéal Feirste a mhúnlaigh é.

“Threoraigh an seicteachas a bhí thart air isteach san IRA é ar bhealaí éagsúla – ruaigeadh as a cheantar dúchais, Ráth Cúil, é agus chaill sé a phost ag obair i monarcha cóistí mar gheall ar an seicteachas,” arsa Byrne.

Cé gur bhall den IRA é Bobby Sands, measann Brendan gur míthuiscint atá ann a chreidbheáil go raibh an eagraíocht ag stiúrú na stailceanna ocrais.

“Chreid mé féin sin ach má amharcann tú ar an tréimhse idir an chéad stailc ocrais i 1980 agus an dara ceann i 1981, ba léir gurbh é Bobby Sands féin a chinn go rachadh sé ar an dara stailc agus go raibh sé sásta dul in éadan thoil an IRA mar gur chreid sé gurbh é an rud ceart é le déanamh.

“Bhí sé ag aistriú cothromaíocht na cumhachta ar ais chuig na príosúnaigh taobh istigh agus ar shiúl ón IRA taobh amuigh. Tá sé sin thar a bheith tábhachtach,” arsa Byrne.

(Scaoil an tIRA máthair óg in eachtra uafásach le linn na stailce ocrais cionn is go raibh sí ag bailiú foirmeacha daonáirimh.)

Tá beirt faoi agallamh sa scannán, Danny Morrison agus Richard O’Rawe nach n-aontaíonn lena chéile faoi cé acu ba cheart deireadh a chur leis an stailc i ndiaidh bhás Bobby Sands nó leanúint ar aghaidh léi.  Fuair naonúr eile bás i ndiaidh Sands, ach deir Byrne gur scannánaíodh 45 bomaite eile a bhain le himeachtaí i ndiaidh an 66ú lá nach gcoinneodh suim an lucht féachana, dar leis.

Agus cé go bhfuil scannáin fhicsin iontacha déanta faoi na stailceanna ocrais – Hunger agus Some Mother’s Son – mheas Byrne gurbh fhearr scannán faisnéise a dhéanamh lena cheart a thabhairt do scéal Bobby Sands, fear a bhfuil an-tábhacht ag baint leis i stair na tíre seo.

“Chinn mé sin cionn is nach mbaineann an scannán le Sands amháin ach le Poblachtachas na láimhe láidre suas go dtí ráiteas Terence MacSwiney: ‘It is not those who can inflict the most, but those that can suffer the most who will conquer’.”

“D’aon turas, scríobh Bobby Sands é féin isteach sa stair. Bhí a fhios aige go raibh sé ar tí bás a fháil, ach ní dhearna sé an méid sin toisc meigleamáine a bheith air, rinne sé é cionn is gur shil sé gurbh é an rud ceart é.

“Thuig sé an traidisiún Poblachtach agus léigh sé an t-uafás faoin streachailt réabhlóideacha ar fud na cruinne. Thuig sé cumhacht na stailce ocrais, a tionchar ar an phobal, ar an phobal Caitliceach ach go háirithe. Cé gurbh fhear óg idéalach a bhí in Bobby Sands – bhí sé 27 bliain nuair a fuair sé bás – bhí a dhearcadh fréamhaithe sa mhéid a tharla dáiríre sa stair agus sin an rud a spreag é.”

Bobby-Sands-66-Days-web

Ar ndóigh, ní aontódh gach duine leis an méid sin, agus ní scannán ómóis atá déanta ag Byrne, ná ní shin an sprioc a bhí aige.

“Caitliceach agus Protastúnach atá mar thuismitheoirí agam agus bheadh sé mífhreagrach agam scannán a dhéanamh a thug glóir d’aon aicme amháin nó scéal a insint ó pheirspictíocht amháin,” ar sé.

“Cé go bhfuil an scannán dírithe ar an Phoblachtachas, pléann muid an dearcadh a bhí ag Aontachtaithe ar an ‘streachailt armtha’. Tá Norman Tebbitt sa scannán, mar shampla, agus Dessie Waterworth, duine de na maoir phríosúin a bhí ann ag an am.

“Bhí sé de dhualgas orm, ar mhaithe le mo chlann féin, scannán a dhéanamh a ligfeadh dóibh, nuair atá siad níos sine, rud éigin a fhoghlaim faoin tír inar fhás siad aníos.”

Beidh le feiceáil an bhfuil an ceart ag Fintan O’Toole gur chuir Bobby Sands deireadh le traidisiún na streachailte armtha in Éirinn.

Tá ardmholadh faighte ag 66 Days ó léirmheastóirí i Meiriceá Thuaidh agus san Eoraip. Beidh sé le feiceáil in Éirinn ón 5 Lúnasa.

Fág freagra ar 'AGALLAMH: 66 Days – Léargas úr ar Bobby Sands i scannán nua'