Agallaimh do phost an Phríomhfheidhmeannaigh in Údarás na Gaeltachta ar siúl an tseachtain seo

Cuireadh bun-agallamh gutháin ar na hiarrthóirí an tseachtain seo caite ach is é Déardaoin an 20 Iúil lá na cinniúna don té a bheas ag teacht i gcomharbacht ar Steve Ó Cúláin

Agallaimh do phost an Phríomhfheidhmeannaigh in Údarás na Gaeltachta ar siúl an tseachtain seo

Tuigtear do Tuairisc.ie gur Déardaoin beag seo a bheas na hagallaimh ar bun do phost an Phríomhfheidhmeannaigh ar Údarás na Gaeltachta. Tuigtear go mbeidh tuairim is leathdhosaen faoi agallamh don phost agus gur iarrthóirí seachtracha a bhformhór acu.

Is é Micheál Ó hÉanaigh, Stiúrthóir Fiontraíochta, Fostaíochta, Maoine agus Innealtóireachta na heagraíochta, an t-iarrthóir inmheánach is mó atá á lua leis an bpost. Ba cheapachán inmheánach a bhí i gceist i gcás gach Príomhfheidhmeannach ar Údarás na Gaeltachta ó bunaíodh é.

Cuireadh bunagallamh gutháin ar na hiarrthóirí an tseachtain seo caite ach is é an Déardaoin an 20 Iúil lá na cinniúna don té a bheas ag teacht i gcomharbacht ar Steve Ó Cúláin.

I measc na ndaoine a bheas ar an mbord agallaimh tá Cathaoirleach Bhord an Údaráis, Anna Ní Ghallachair, mar aon leis an gcomhalta boird Eunan Mac Cuinneagáin. Ar an mbord agallaimh freisin beidh Kevin Bonner, iar-rúnaí sa Roinn Saothair is Fiontraíochta.

Ba é a bhí mar Chathaoirleach ar an tascfhórsa a réitigh plean straitéiseach forbartha tionsclaíochta d’eastát tionsclaíochta Ghaoth Dobhair i dtús an chéid seo. Tuigtear dúinn go mbeidh an Dr Micheál Ó Cinnéide, Stiúrthóir ar Oifig na Cumarsáide agus ar Sheirbhísí Corparáideacha sa Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (EPA) ar an mbord chomh maith.

Is conradh cúig bliana ar théarma seasta atá i gceist leis an bpost agus tuarastal €128,000 sa bhliain atá luaite leis.

Fág freagra ar 'Agallaimh do phost an Phríomhfheidhmeannaigh in Údarás na Gaeltachta ar siúl an tseachtain seo'