Ag súil le hardchoimhlint sa chlapsholas agus gan faic idir Naomh Tomás agus Baile Aodha

Cuideoidh an taithí at Naomh Tomás leo a, ach ní bheidh sé éasca Baile Aodha agus Tony Kelly a chur de dhroim seoil

Ag súil le hardchoimhlint sa chlapsholas agus gan faic idir Naomh Tomás agus Baile Aodha

Tony Kelly. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Is cinnte gur ar chluiche leathcheannais sinsir na gclubanna i nDurlas Éile a bheidh aird phobal na hiomána dírithe inniu. Baile Aodha, seaimpíní nua an Chláir agus na Mumhan a thabharfaidh aghaidh ar sheaimpíní na Gaillimhe, Naomh Tomás.

Déarfadh a lán gur pé dream a bhuann an cluiche seo i bPáirc Semple um thráthnóna a thabharfaidh leo craobh  hÉireann agus seans maith go bhfuil an ceart acu.

Tá mórán feicthe againn de Bhaile Aodha ar TG4 agus iad ag feabhsú i ngach aon chluiche. Léirigh siad a gcumas sna cluichí go léir ó chluiche ceannais an chontae i gcoinne Chluain Lára, a chríochnaigh ar comhscór. Ó shin i leith, tá féinmhuinín na foirne léirithe go soiléir acu agus iad ag dul ó neart go neart.

Ní raibh an buntáiste a bhaineann le feachtas cúige ag Naomh Tomás, ach seasfaidh a dtaithí sa chomórtas náisiúnta leo, agus féach gur bhuaigh clubanna óna gcontae ocht gcraobh náisiúnta ó thosach na mílaoise. Tá an caighdeán iomána thar a bheith ard sna clubanna sa chontae, rud, is cosúil, nach cabhair rómhór í don fhoireann idirchontae.

Mar sin féin, is deacair i gcónaí buachan ar pé club a n-éiríonn leo i gcraobh na Gaillimhe.

Is deacair a chreidiúint leis go bhfuil trí mhí go leith ann ó bhuadar cluiche ceannais an chontae nuair nár chuir Baile Aodha críoch lena bhfeachtas féin go dtí deireadh mhí na Samhna.

Ach mar atá ráite agus scríofa go mion minic agam, is é an cluiche féin agus an méid a thiteann amach idir na línte bána sin lena linn a shocraíonn cén dream a bheidh ag ceiliúradh agus cén dream a bheidh in ísle brí. 

Dar ndóigh, tá réalta ar an dá fhoireann ach is dócha gur ag na Cláirínigh atá an réalta is gile acu sin, Tony Kelly. Bhí sé ar ais ar a sheanléim roimh an Nollaig agus ní raibh a shárú in aon cluiche a chonaic mise. Is dócha go bhfuil sé pas beag simplí a rá go mbraitheann toradh an chluiche ar can gcaoi a láimhseálfaidh imreoirí Naomh Tomás Kelly. ’Sea, b’fhéidir go bhfuil an méid sin pas beag simplí, ach bí ionann is cinnte de go mbeidh tionchar ag an draíodóir seo ar an toradh má thugann Naomh Tomás an iomad spáis nó ama dó. 

Thosaigh seisear Búrcach agus triúr de mhuintir Cooney cluiche ceannais na Gaillimhe le Naomh Tomás. B’iontach na ceannairí ar sheaimpíní na Gaillimhe iad David Burke agus Conor Cooney go dtí seo agus beidh an fhoireann ag súil le ceannaireacht láidir uathu arís inniu.

Tá sé deacair toradh an chluiche seo a thuar. Ceapann na geallghlacadóirí go bhfuil fir na Gaillimhe ábhairín beag níos láidre, nó b’fhéidir gurb amhlaidh go bhfuil siad go den tuairim go seasfaidh taithí 2013 dóibh. Dar ndóigh, b’in í an bhliain ar thugadar leo an corn i bPáirc an Chrócaigh Lá Fhéile Pádraig.

Níl aon dabht ach go gcuideoidh an taithí sin leo agus iad ar thóir an dara bua, ach ní bheidh sé éasca Baile Aodha a chur de dhroim seoil.

Tá rith an ráis leo faoi láthair agus is mór an chabhair é sin nuair a thagann an crú ar an tairne. Ní haon ribín réidh é an cluiche seo inniu agus is dóigh nach mbeidh mórán idir na foirne. Cinnte is míbhuntáiste é d’fhoireann na Gaillimhe nach raibh aon chluiche acu le tamall fada. Is geall le tús nua ar fad dóibh é ach tá taithí mhaith acusan ar a leithéid a láimhseáil, rud nach bhfuil ag Baile Aodha.

Nílim cinnte in aon chor cé a bhuafaidh an ceann seo. Tá mise neodrach sa chás seo, ach tá mé ag súil le hardchoimhlint agus ardchaighdeán i gcluiche a thosóidh sa chlapsholas agus a chríochnóidh faoi shoilse. Mar bharr feabhais ar an ócáid, beidh mé ag súil le blaiseadh eile de dhraíocht Kelly nó duine de na Búrcaigh chun an fuacht atá geallta anocht a mhaolú.

Fág freagra ar 'Ag súil le hardchoimhlint sa chlapsholas agus gan faic idir Naomh Tomás agus Baile Aodha'