Ag na Francaigh atá an buntáiste i gcomórtas idir foirne an Premiership agus an Top 14

Cluichí Ceannais na hEorpa: Beidh na Saracens ag brath go hiomlán ar Owen Farrell agus níl na ‘Quins’ gan seans sa chluiche deiridh acu agus Conor O'Shea i gceannas orthu

Bismarck Du Plessis (Montpellier). Pictiúr:  ©INPHO/James Crombie
Bismarck Du Plessis (Montpellier). Pictiúr: ©INPHO/James Crombie

Is cinnte go raibh lá iontach ag an gceithre chúige sa mbabhta deiridh den Pro 12  an Satharn seo caite. Bhí bua acu ar fad ina gcuid cluichí agus áit dá réir ag Cúigí Laighean, Chonnacht agus Uladh sna cluichí leathcheannais den chomórtas sin. Tá moladh tuillte ag na Muimhnigh freisin. D’éirigh leo siúd a n-áit i  gcomórtas sinsearach rugbaí na hEorpa, Corn na gCuradh a chinntiú don chéad séasúr eile nuair a fuair siadsan an lámh in uachtar ar Scarlets i bPáirc Thuamhan.    

Mar sin féin tá craobh Chorn na gCuradh agus Corn an Dúshláin linn an deireadh seachtaine seo agus gan aon fhoireann ón tír seo san áireamh i measc na bhfoirne a rachaidh chun páirce. Sách náireach a déarfá! Bhuel tá cúrsaí níos measa ná sin, níor éirigh le haon fhoireann ón tír seo imirt sna babhtaí leathcheannais ach oiread. Anois sin cúis náire agus léiriú ar an mbearna ollmhór atá idir foirne an Pro 12 (Éire, Alba, an Bhreatain Bheag agus An Iodáil) agus foirne ón Top 14 (an Fhrainc)  agus an Premiership (Sasana).

Ar an Aoine tabharfaidh Harlequins Shasana faoi Montpellier na Fraince, i gcraobh Chorn an Dúshláin sa Stade des Lumieres i Lyons. Is iad Montpellier na Fraince rogha na coitiantachta don choimhlint seo.  Níl aon easpa imreoirí ar chaighdéan idirnáisiúnta orthu, go leor acu as an Afraic Theas go háirid.  Is iad atá sa dara háit ar chlár tábla an Top 14 faoi láthair i gcomparáid le Harlequins atá sa seachtú háit ar thábla an Premiership.

Mar sin féin, níl na ‘Quins’ gan seans. Is fiú a mheabhrú gurb é seo an cluiche deiridh acu agus Conor O’Shea i gceannas orthu. Beidh Conor ag dul i mbun cúraimí san Iodáil chomh luath agus a bheas an comórtas seo thart. Is cinnte dá bhrí sin go ndéanfaidh fir Londan a míle dícheall gradam Eorpach a chinntiú dó mar fhéirín scoir.

Tá rud amháin cinnte, beidh sárchoimhlint againn ar an Aoine, ach tá sé an-deacair a thuar cé leis a mbeidh an lá. Má tá fút cuairt a thabhairt ar na geallghlacadóirí, fainic thú féin, ach cuimhnigh gur deacair na Francaigh a chloí agus iad ag imirt sa mbaile.

Foirne ón bhFrainc agus Sasana a bheas ag imirt i gcraobhchluiche Chorn na gCuradh i Lyons ar an Satharn.  Saracens, foireann eile as Londain  a d’imir ach a chaill sa gcluiche ceannais in 2014, a bheas ag tabhairt faoi Racing 92 na Fraince, foireann atá sa gcraobh den chéad uair. Ach an oiread leis na foirne atá ag imirt i gCorn an Dúshláin ar an Aoine, is deacair toradh na coimhlinte seo a thuar. Tá a gcuid buntáistí féin ag chaon fhoireann. I gcás Racing is acu atá Dan Carter, iar-All Black, fear a bhfuil dhá bonn domhanda aige,  an leathchúlaí clibirte (uimhir 10) is fearr ar domhan faoi láthair. Tá Ronan O’Gara na tíre seo mar chóitseálaí ag Racing 92, fear a bheas in ann an tsárthaithí atá aige ar imirt sa gcomórtas ag an leibhéal seo a roinnt lena chúram.

Seans go mbeidh todhchaí Saracens ag brath  go hiomlán ar imirt agus tionchar Owen Farrell, fear a bheas ag imirt mar uimhir 10 dóibh. Má bhíonn paca Londan in ann liathróid ghlan, sciobtha a chur ar fáil  do Farrell, ní bheidh siad gan seans. Níl mise róchinnte go mbeidh sé ar chumas imreoirí Saracens sin a dhéanamh agus má theipeann orthu beidh siad i gcruachás go cinnte. Más comórtas é seo idir foirne an Premiership agus foirne an Top 14, tá mise den tuairim gur ag na Francaigh a bheas an buntáiste.

Fág freagra ar 'Ag na Francaigh atá an buntáiste i gcomórtas idir foirne an Premiership agus an Top 14'