An imirt as baile

D'fhanfadh roinnt áirithe imreoirí in Éirinn sa tsamhradh dá mbraithfidís go raibh clár cluichí le dealramh ann dóibh.

 

Liam Ó Néill 10/9/2013
Liam Ó Néill. Pictúir: Inpho

Chuireas spéis, mar a chuir mórán, sa mhéid a bhí le rá ag Uachtarán Chumann Lúithchleas Gael, Liam Ó Néill i mBoston le gairid.

Bhí Ó Néill ag labhairt mar chuid de thuras Réaltóga 2013/2014 ar an gcathair agus é ag tagairt d’fhorbairt na gcluichí Gaelacha ar bhonn bundúchasach.

Le linn a chuid cainte, dhein sé athdhearbhú ar a raibh le rá dhá bhliain ó shoin aige, is é sin go mbeadh níos mó daoine ag imirt na gcluichí Gaelacha thar lear i bhfad na haimsire seachas mar a bheadh ar an bhfód dúchais.

Ní fada uainn an lá a dúirt an tUasal Ó Néill gurb amhlaidh a bheidh an cás agus chun go dtarlódh a leithéid, caithfear leanúint leis an bhforbairt ó bhonn aníos seachas bheith ag aistriú imreoirí anonn is anall thar sáile mar atá ag titim amach ó thús na seachtóidí.

Taca an ama chéanna, nuair a bhí Ó Néill ag tabhairt a theachtaireachta neamhbhalbh i mBoston, bhí briathra láidre á bhfógairt faoin gcluiche thar lear ag bainisteoir chumann Aibhistín de Staic, Stephen Stack, ag baile in Éirinn.

Bhí Stack ag caint tar éis bhua fhoireann Thrá Lí i gcluiche ceannais craoibhe club na Mumhan Dé Domhnaigh.

Bhí, a dúirt sé, ar a laghad cúigear den bhfoireann bhuacach meáite ar thréimhse a thabhairt ag imirt i gcathracha éagsúla sna Stáit Aontaithe i mbliana ach thángthas timpeall orthu, chuathas i ngleic lena bhfonn bóthair agus d’fhan an buíon imreoirí óga ag baile.

Ní raibh aon amhras ar Stack nach mbeadh craobh na Mumhan buaite ag cumann Aibhistín de Staic murach go bhfan na himreoirí seo ag baile seachas tabhairt faoi na cnoic glasa i bhfad uatha.

Ba mhór an íobairt a dhein na himreoirí nár árdaigh a seolta i rith an tsamhraidh nuair a chuimhneofá go bhfuil scata acu ins an bhliain dheireanach san ollscoil, go raibh formhór dá gcairde agus dá gcomhghleacaithe ollscoile ag tabhairt faoin aerfort agus go raibh, i gcásanna áirithe, pinginí pitseála ag teastáil sara dtabharfaí faoi shaol mór na fostaíochta.

Gan amhras, bhí toradh na n-íobairtí le feiscint agus corn na Mumhan faoina n-ascaill ag gabháil geata Pháirc Uí Chaoimh amach an tseachtain seo caite ach b’fhéidir, agus rabharta cruinnithe cinn bhliana ag teannadh linn, go mbeadh sé tráthúil an cheist a chur – an bhféadfadh mórán cumann eile a gcuid imreoirí a choimeád ag baile do bhiaiste an tsamhraidh?

Agus an bhfuil aon tor á thabhairt ag na cumainn thall i Meiriceá ar achainí agus ar ghuí Liam Uí Néill ná beidís ag tathant ar imreoirí ón dtír seo tréimhse a chaitheamh i Meiriceá chun cabhrú leo craobhacha a bhuachtaint thall?

Is é an tráth seo den mbliain a tosnaítear ag déanamh na nglaochanna guthán agus a cuirtear na ríomhphoist ag earcú imreoirí don mbiaiste i mBoston, Nua Eabhrac, Chicago, San Francisco agus cathracha eile nach iad.

Ba dheacair d’aon fhear óg a dtairiscintí a eiteach ach n’fheadar, i gcluiche aimitéireach, an bhfuil aon ní gur féidir leis na fochumainn ar an bhfód dúchais a dhéanamh chun a chinntiú go bhfanfadh plúr na n-imreoirí ag baile?

Nó an mbeifear ag brath ar údaráis Pháirc an Chrócaigh a ladhar a chur sa scéal agus rialacha dochta daingne a chur i bhfeidhm a chuirfeadh bac ar ghluaiseacht na n-imreoirí le linn bhiaiste an tsamhraidh?

Bheadh sé thar a bheith guaisiúil a leithéid a dhéanamh ar bhonn praiticiúil toisc nach bhfuil conarthaí gairmiúla i gceist agus ba dhána an mhaise d’aon chumann sa lá atá inniu bheith ag dul i muinín tréithe ar nós dílseacht, dúthracht agus sprid phobail.

Más áil le Cumann Lúithchleas Gael a gcuid imreoirí a choimeád ag imirt a gcluichí ag baile i rith an tsamhraidh agus má theastaíonn uatha mianta Liam Uí Néill maidir le forbairt na gcluichí thall a chomhlíonadh, feictear domsa ag an bpointe seo nach bhfuil ach aon áit amháin le tosnú.

Caithfidh siad dul chun cinn leis an athrú ó bhonn atá molta ar fhéilire na gcluichí.

Caithfear é seo a dhéanamh beag beann orthu siúd a déarfadh nach féidir a leithéid a thabhairt chun críche.

Fanfaidh roinnt áirithe imreoirí in Éirinn sa tsamhradh má bhraitheann siad go mbeidh clár cluichí le dealramh ann dóibh.

Dá bhféadfadh na fochumainn sa tír seo fochoiste a bhunú (mar a dhein cumann Aibhistín de Staic) chun fostaíocht a chur ar fáil dóibh siúd a fhanann ag baile, bheadh lá maith oibre déanta.

Gan dabht, beidh dream áirithe ann a árdóidh a seolta ainneoin gach díchill iad a choimeád ag imirt sa bhaile.

Ach ar a laghad, má tosnaítear ag freastal mar is cóir ar an ngnáthimreoir, beidh deireadh leis an gcur i gcéill a chuireann lagmhisneach orainn go léir.

Fág freagra ar 'An imirt as baile'