Ag fágáil slán le Joe McDonagh – ní bheidh Lá’l Mhic Dara chomh maith arís go deo

Cuirfear i gcré na cille inniu Joe McDonagh, iarchaptaen ar fhoireann iomána na Gaillimhe agus iar-Uachtarán ar an gCumann Lúthchleas Gael - fear ildánach a bhí cumasach ar chuimse bealaí agus a raibh aithne ar fud na tíre agus thar lear air.  Ach, ní raibh ócáid ba mhó a mbainfeadh sé ceol agus solamar aisti ná comhluadar a dhaoine muinteartha in áit dhúchais a athar i gCarna i gConamara 

Seosamh Mac Donncha
Seosamh Mac Donncha

D’fháisc Feidhlim Mac Donnchadha greim láimhe orm: “Ní bheidh Lá’l Mhic Dara chomh maith arís go deo,” a deir sé.  Bhí mé ag cásamh bás a chol ceathrair Joe leis ag an tórramh i mBearna tráthnóna inné.  Thuig mé an chaint; thuig mé céard a bhí i gceist ag Feidhlim.  Ní bheadh Lá’l Mhic Dara chomh maith arís go deo.

Bhí nós ag muintir Mhic Dhonnchadha a theacht le chéile ar an Aird Thiar i gCarna ar Lá’l Mhic Dara – an 16 Iúil.  Sin é lá fhéile Naomh-Phátrún an cheantair.  Bhíodh flaithiúlacht, ceol agus amhráin sa tsean-bhunáit, a bhuíochas sin do Phádraig Phádraig Joe Phaitsín, nó Pádraig Beag Mac Donnchadha mar a thugtar air thart sa gceantar agus a bhean, Linda.  Tá tigh mhuintir Mhic Dhonnchadha in áit chrochta agus amharc agat i dtreo na spéire thiar; amach díreach ar d’aghaidh atá Oileán Mhic Dara.

Bhíodh Joe ann.  Ba ar an ard sin a rugadh agus a tógadh a athair, Maitias Joe Phaitsín.  Bhí an-luí ag Joe leis an áit.  Chaith sé píosaí móra ann ina bhuachaill óg.  Is ann a chuir sé barr slachta ar an nGaeilge cheolmhar a bhí aige.  Joe Mheáite Joe a thugadh cuid de na daoine thart in áit dhúchais a athar ar iarchaptaen na Gaillimhe agus iarUachtarán Chumann Lúthchleas Gael.  Ach bhí ainm eile baiste ag a chol ceathracha as Meiriceá ar Joe.  Bhídís sin ann freisin – le roinnt blianta agus iad spreagtha ag Joe le teacht anall.

‘GAA Joe’ a thugadh na Meiriceánaigh ar Joe McDonagh.  B’éigean idirdhealú a dhéanamh idir eisean agus an Joe eile – sin é an Coirnéal Joe McDonagh, atá in ardcheannas Arm na hÉireann.  Sin é Joe Phádraig Joe Phaitsín nuair atá sé sa mbaile ar an Aird Thiar ach thug na Meiriceánaigh teideal eile dó a thuig siad féin:  ‘G.I. Joe’.

Bhíodh ‘GAA Joe’ agus ‘G.I. Joe’ ann agus an tríú Joe McDonagh – sin é Joe as Meiriceá, nó Joe Josie Joe Phaitsín dá bhfanfadh a athair sa gceantar.  Ach an oiread le cuimse eile d’imigh Josie Joe Phaitsín go Meiriceá ina fhear óg.  Bhíodh beirt chlann mhac eile le Josie ann as Meiriceá chomh maith le Joe Mheiriceá) – Gerry McDonough, aturnae in oifig an Aturnae Stáit i Massachusetts agus an tOllamh le Sláinte Poiblí in Ollscoil Harvard, John E. McDonough.

Bhí muintir Mhic Dhonnchadha cumasach abhus agus thall; go deimhin is fear muinteartha eile leo é Denis McDonagh atá ina Cheann Foirne ag an Uachtarán Obama.   Cén bhrí nó  go dtarraingeodh siad chucu féin na huirlisí ceoil – Feidhlim, Mac Dara, Seán agus Pádraig as Áth Eascrach, clann mhac Johnny Joe Phaitsín, an fonnadóir clúiteach.  Chuirfidís ceol as an Aird siar go Sceirde.  Agus ansin ‘GAA Joe’.

‘Joe, you gotta sing that song from the hurling championship again,’ a deiridís i gcanúint Mheiriceánach agus ‘The West’s Awake’ á lorg acu.   Agus chasadh sé ‘An Sceilpín Droighneach’ agus Amhrán Mhaínse freisin.

Bhí sé chomh maith agus a bhí sé riamh Lá’l Mhic Dara seo caite.  Bhí a bhean Peige ansin agus Eoin agus clann Eoin.  Agus ní dheachaigh an mianach ceoil agus damhsa agus an teacht i láthair amú ar na daoine óga, bail ó Dhia orthu.

Bhíodh iarratas agam féin i gcónaí.  ‘Joe – an gcasfaidh tú The Lakes of the Ponchartrain?’  Bhíodh Joe faoi lán seoil anois.  ‘Ar ndóigh, tabharfaidh mé iarraidh faoi.’  Nuair a bhí an t-amhrán breá sin casta aige Lá’l Mhic Dara seo caite, thug sé amach i lár an urláir mé in éineacht leis agus rinne ‘óráid’.  Bhí Ionad Cuimhneacháin na n-Imirceach le forbairt i gCarna agus ná ligfeadh duine ar bith i ndearmad é sin; bhí an t-ómós sin ag dul don dream a d’imigh.  Bhí an scéal meabhraithe aige in athuair do na col ceathracha as Meiriceá – agus é meabhraithe dóibh go raibh tuilleadh scaipthe le déanamh ar an scéal! Ba ghnaíúil iad.

Bhíodar ar ais sa gCillín i Séipéal Bhearna tráthnóna inné:  Peige – bean Joe – go misniúil ag labhairt leis na sluaite a tháinig. Bhí a clann Eoin, Eilís agus Muireann agus deirfiúr Joe – Eilish – ann agus bhí clann Eoin ann, na daoine óga céanna a dhamhsaigh go paiteanta ar an Aird Thiar Lá Mhic Dara seo caite. Bhí comhluadar Átha Eascrach ann agus bhí Gerry agus Joe Mheiriceá tagtha trasna an Atlantaigh chuig an tsochraid.  Bhí Pádraig Phádraig Joe Phaitsín as an Aird Thiar ann, a dheirfiúr Monica agus bhí  ‘G.I. Joe’ ann.  Ach bhí glór amháin ar lár an iarraidh seo.

Ní bheidh Lá’l Mhic Dara chomh maith aríst go deo.

Fág freagra ar 'Ag fágáil slán le Joe McDonagh – ní bheidh Lá’l Mhic Dara chomh maith arís go deo'