‘Ag Damhsa sa Dorchadas’ – Gaeilge curtha ar shaothar an Boss do Thionscadal Springsteen

Beidh Tír Tairngire: The Bruce Springsteen Project á léiriú mar chuid d’fhéile IMRAM an mhí seo chugainn

‘Ag Damhsa sa Dorchadas’ – Gaeilge curtha ar shaothar an Boss do Thionscadal Springsteen

Beidh na Gaeil ‘Ag Damhsa sa Dorchadas’ an mhí seo chugainn nuair a chasfaidh Liam Ó Maonlaí agus ceoltóirí eile leaganacha Gaeilge d’amhráin an cheoltóra rac Bruce Springsteen ag féile IMRAM na bliana seo.

Tá cáil mhór idirnáisiúnta ar Bruce Springsteen, ó tháinig sé chun cinn sna 1970idí, as a chuid ceoil agus na taispeántais bhríomhara spleodracha a thugann sé uaidh ar an stáitse. Tá ‘The Boss’ fós ag casadh ceol beo ar fud an domhain, agus bhí sé i bPáirc an Chrócaigh an samhradh seo caite.

Beidh Tír Tairngire: The Bruce Springsteen Project á léiriú in amharclann an Pavillion i nDún Laoghaire ar an 11 Deireadh Fómhair mar chuid den fhéile ealaíon agus litríochta, IMRAM.

Is é Gabriel Rosenstock a chuir Gaeilge ar na hamhráin cháiliúla rac agus in éineacht le Liam Ó Maonlaí ar an stáitse beidh Steve Cooney, Nick Roth, Robbie Perry, agus Trevor Hutchinson.

Tá lucht IMRAM ag cur leaganacha Gaeilge d’amhráin mhóra Bhéarla le tamall de bhlianta anuas. Go dtí seo, aistríodh saothar le Leonard Cohen, Joni Mitchell, David Bowie agus Bob Dylan agus a leithéidí go Gaeilge.

Fág freagra ar '‘Ag Damhsa sa Dorchadas’ – Gaeilge curtha ar shaothar an Boss do Thionscadal Springsteen'

  • Micheal

    Bimis dairire faoi seo a chairde. Ceard is fiu na hamhrain sin a aistriu go Gaeilge? Is le ‘Dancing in the Dark’ i mBearla (an teanga inar cumadh e) a eisteoinn fein mar chead rogha i gconai. A fhearacht cheanna le Dylan etc. Ni eisteoinn le haistriuchan Bearla den ‘Bhonnan Bui’ ach oiread cuir i gcas mar ta Gaeilge agam. An saothar fonta fiuntach iad na haistriuchain seo? Ni cheapaim e.