Ag cur do thuairisce…

Colún plé agus eolais dár léitheoirí…

Quotations

Faoi mar a scríobh Bridget Bhreathnach an tseachtain seo, is deacair a chreidiúint go bhfuil sos an tsamhraidh buailte linn cheana.

D’ardódh an dea-aimsir do chroí agus ní fada ó chuid againn laethanta saoire, tráth nach mbeidh ‘caint ar obair bossanaí ná rud ar bith mar é’, mar a d’fhógair an t-amhránaí binn Caroline Ní Chonaire an tseachtain seo caite, nuair a tháinig sí féin agus scata fonnadóirí eile le chéile sa Chrane Bar i nGaillimh tar éis an chéad chomhdháil amhránaíochta ar an sean-nós. Ba é seo físeán na seachtaine againne.

Na Scéalta is mó a léadh ar Tuairisc.ie le seachtain anuas

Téarma Príosúin

téarma príosúin trí bliana gearrtha ar iarmhúinteoir as mí-úsáid a bhaint as triúr daltaí. Ciontaíodh an fear, Seosamh Ó Ceallaigh, as Conamara, cheana féin as ionsaithe gnéis a dhéanamh roimhe seo agus tá téarma deich mbliana á chur isteach aige as a n-ucht sin faoi láthair. Dá bhrí sin, is téarma breise atá sa téarma trí bliana seo.

Dúirt an Breitheamh Patrick McCartan gur tháinig Ó Ceallaigh i dtír ar dhaoine toisc go raibh muinín acu as agus toisc go mba dhuine é a raibh údarás aige. Dúirt sé gur léiríodh an méid sin sna ráitis “léanmhara” a rinne na híospartaigh agus go mba dheacair aon trócaire a dhéanamh ar Ó Ceallaigh de bharr go séanann sé an mhí-úsáid i gcónaí.

Ar mo Leabhar Breac

Tá sé fógartha ag na foilsitheoirí Leabhar Breac go bhfuil leagan Gaeilge le foilsiú acu den leabhar iomráiteach A Game of Thrones le George R. R. Martin. Fógraíodh ar chuntas Twitter na bhfoilsitheoirí @BreacEolas tráthnóna go mbeidh an chéad leabhar sa tsraith A Song of Ice and Fire ar fáil i nGaeilge i mí Mheán Fómhair.

Ceathrú ‘Ghaeltachta’ na hArdchathrach

Ceathrú ‘Ghaeltachta san Ardchathair ar cheann de na tosaíochtaí atá ag Ard-Mhéara nua Bhaile Átha Cliath, Críona Ní Dhálaigh, a dúirt sí le Tuairisc.ie an tseachtain seo. Timpeall Uimhir 6 Sráid Fhearchair – mar a bhfuil ceannáras an Chonradh na Gaeilge lonnaithe – ba mhaith léi an cheathrú Ghaeltachta a bhunú.

Gheall sí go mbeidh “níos mó Gaeilge á labhairt i Halla na Cathrach ná mar a labhraíodh riamh” le linn a téarma méarachta agus go bhfuil sé i gceist aici an teanga a normalú sa Chomhairle Cathrach agus sa chathair féin.

Sna míonna sular éirigh sé as a phost, thug an tIar-Choimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, rabhadh don Taoiseach go mbeadh polasaí nua an Stáit chun chur le líon na gcainteoirí Gaeilge sa Státseirbhís agus sa tseirbhís phoiblí ina theip shuntasach agus gur “Béarla éigeantach” sa státchóras a bheidh fágtha mar oidhreacht aige.

“De thoradh an leasuithe, beidh Béarla níos éigeantaí fós do shaoránaigh ar mhian leo an teanga náisiúnta a úsáid ina gcuid gnóthaí leis an Stát,” a dúirt Seán Ó Cuirreáin ina litir chuig Enda Kenny, a bhfuil cóip de faighte ag Tuairisc.ie faoin Acht Um Shaoráil Faisnéise.

Ba ar Chéadaoin na seachtaine seo a d’fhógair Seo Linn go bhfuil an €50,000 a theastaigh ó Seo Linn dá bhfeachtas Kickstarter faighte acu. Tá sé anois i gceist ag Seo Linn ceoltóirí gairmiúla lánaimseartha a dhéanamh díobh féin agus an t-airgead a bailíodh a úsáid le tús a chur lena ngairm.

Go n-éirí go geal leo!