Ag cur do thuairisce…

Colún plé agus eolais dár léitheoirí…

Quotations

Beidh ár gcolúnaithe ar an bpeann arís an deireadh seachtaine seo agus ailt againn ar imeachtaí réigiúnacha, náisiúnta agus idirnáisiúnta. Tabharfaidh Pádraic Ó Ciardha aghaidh ar na cluichí craoibhe peile, mar a mbeidh Baile Átha Cliath á fhéachaint le Cill Dara i gCúige Laighean agus Doire ag tabhairt a ndúshlán do Dhún na nGall i gCúige Uladh.

Ina dhiaidh sin díreoidh Pádraic ar scéal chraoladh TG4 de Wimbledon agus conas a fuair siad na cearta é a chraobhscaoileadh tacaid an ama seo deich mbliana ó shin. Labhróidh sé le hAoife Ní Thuairisg agus Brian Tyers faoin méid sin agus na dúshláin a mb’éigean dóibh a shárú ó thaobh téarmaíochta agus nathanna cainte de chun tráchtaireacht a dhéanamh ar na cluichí.

Bígí ag súil leis an méid sin agus a thuilleadh lena chois.

I mBéal an Phobail…

An tseachtain seo caite a d’fhill Sharon Ní Chonaire abhaile go Cois Fharraige as Ollscoil Telford i mBirmingham agus an dara háit bainte amach aici sna craobhacha domhanda tréantógála meáchan i mbliana. Ag tús na bliana 2014, chuir Sharon dúshlán roimpi meáchan a chailliúint agus éirí níos aclaí. Shocraigh sí cúnamh a fháil ó ‘Maximum Results’ chun í féin a spreagadh agus tús a chur lena cuid traenála. Níl áireamh ar an dul chun cinn atá déanta aici ó shin.

Ag caint di le Tuairisc.ie le gairid, dúirt sí go raibh “ríméad orm a theacht abhaile go hÉirinn le bonn airgid i mo chéad chraobh domhanda agus, gan aimhreas, is é an aidhm an chéad bhliain eile ná an chraobh a chrochadh liom”. Treise léi.

Ar an lá céanna a roinneadh dea-scéala Sharon lenár léitheoirí, rinneadh Oíche Shin Seáin a cheiliúradh ‘le fonn agus le fiantas’, faoi mar a dúirt Seán Mac an tSíthigh.

Bíonn a chúis féin ag gach duine chun é a cheiliúradh, a deir Seán linn; ina measc, creideamh láidir, macallaí na Páganachta a bheith ann; fiosracht agus ‘dílseacht don dtraidsiún’.

Ag leanúint traidisiún teaghlaigh atá Siobhán Seoighe, a ceapadh le déanaí ar bhord Údarás na Gaeltachta. Is as Gaeltacht Ráth Chairn i gContae na Mí do Shiobhán, ar iníon í do Chathal Seoighe, a thug blianta fada é féin ar mar chomhalta boird den Údarás. Tá sí ardcháilithe agus blianta fada caite aici in earnáil an oideachais agus an ghnó roimhe seo. Go maire sí a nuacht.

Siar ar bhóithrín na smaointe a thug Mártan Ó Ciardha sinn an tseachtain seo agus Italia 90 á thabhairt chun cuimhne aige. ‘Chomh tirim le púdar’ a bhí scornaigh Mhártain agus an ochtair óigfhear eile as an Spidéal a bhí ina theannta an chéad lá a leaindeáil siad thall. ‘Diabhal fliuchadh á mbéil’ a bhí fear an tí ósta sásta a thabhairt dóibh, áfach.

‘Dá mba ag Béarlóireacht a bhí muid, ní móide go bhfágfaí aon tart orainn ach is í teanga ár sinsear a lig síos muid – an tábhairneoir ag ceapadh go mba Ollannaigh a bhí ionainn agus oiread de dhroch-cháil ar lucht leanta sacair na tíre sin nach dtiocfadh sé sa seans agus fiú aon bhuidéilín suarach amháin a thabhairt dúinn’, a deir Mártan. Thug cuid dár léitheoirí suntas do shaibhreas teanga Mhártain sa cholún seo – tréith nach annamh a bheith á lua leis – agus a fheabhas a rinne sé cur síos ar eachtraí na bhfear thall.

Neosfaidh an aimsir an dtabharfaidh an chéad ghlúin eile na scileanna céanna teanga leo i réimse seo na hiriseoireachta. Bhí an méid sin sa treis, ní foláir, agus a bhfuil i ndán don chúrsa BA sa Chumarsáid in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge á phlé níos luaithe an tseachtain seo.

Faoi mar a thuairiscigh Maitiú Ó Coimín, níl aon chinneadh oifigiúil déanta go fóill faoin gcúrsa ach tuigtear do Tuairisc.ie go bhfuil sé i gceist go n-aistreofaí an cúrsa ó champas na Ceathrún Rua go príomhchampas Ollscoil na hÉireann, Gaillimh i gcathair na Gaillimhe amach anseo.

Más ea, ní baol don Acadamh féin agus dúirt Dónall Ó Braonáin, Príomhfheidhmeannach an Acadaimh, le Tuairisc.ie, nach mbeifí ag imeacht ón gCeathrú Rua agus go leanfaí leis na cúrsaí céime eile atá á dtairscint ar an gcampas Gaeltachta.

Pé áit ar domhan iad, ní rachaidh na mic léinn chéanna i bhfad amú ach corrnath a sciobadh ó na scríbhneoirí Gaeltachta is fearr atá ann, bíodh a n-ábhar ar líne nó i leabhair.