Ag cur do thuairisce…

Colún eolais agus plé dár léitheoirí...

Quotations

Comórtas! Cláraigí linn!

Tá leabhar nuafhoilsithe le buachtaint ag ár léitheoirí an tseachtain seo. Chun a bheith istigh ar an gcomórtas ní gá ach clárú dár nuachtlitir anseo.

Is é an leabhar é, Ceist Eile Agam Ort, le Fionnuala Cloke.

Leabhar Thráth na gCeist atá ann atá dírithe ar dhaoine óga idir dhá bhliain déag d’aois agus ceithre bliana déag d’aois – ach m’fhocal agam duit go dtabharfaidh cuid de na ceisteanna ann do dhúshlánsa, leis! Bhain foireann Tuairisc.ie an-taitneamh as agus sinn ag póirseáil tríd ag am lóin an lá eile!

Is í buaiteoir shíntiús Comhar ná Assumpta Ní Mhainnín, as na Monga i mBaile Mhic Andáin, Co. Chill Chainnigh. Comhghairdeachas leat, a Assumpta, agus go maire tú do nuacht!

I mBÉAL AN PHOBAIL 

De réir dhaonáireamh na bliana 1911, is cainteoir dúchais Gaeilge í Kathleen Hayes Rollins Snavely, an tÉireannach is sine ar domhan. Sa Gharrán, an Fhiacail, Contae an Chláir a rugadh Kathleen agus dála go leor eile a tháinig ar an saol sa cheantar sin ag an am, tógadh leis an dá theanga í.

Scríobh daltaí Scoil Náisiúnta na Fiacaile chuici anuraidh mar chuid de thogra litearthachta darbh ainm ‘Flat Stanley’, a chabhraíonn le páistí feabhas a chur ar a gcuid scileanna scríbhneoireachta agus léitheoireachta agus aithne a chur ar dhaoine eile lasmuigh dá scoileanna d’fhonn a n-aistear timpeall an domhain a leanúint agus a rianú.  Ba é an t-alt seo a bhí sa chéad áit ar liosta na míreanna againn.

D’fhéadfadh go bhfuil meirg ar Ghaeilge Kathleen ach má tá féin, seans gur túisce a chuirfeadh RÍS fáilte roimpi ná Joe McHugh, nach bhfuil a chuid Gaeilge sách maith (fós) le bheith sa bhanna sin! Ba é an t-agallamh seo a bhí sa dara háit ar na míreanna is mó ar breathnaíodh orthu le seachtain anuas.

Is gearr go bhfostóidh RÍS Antain Mac Lochlainn mar chomhairleoir teanga agus iad i mbun cumadóireachta. Ba é a alt ar na ‘Deich nAitheanta’ don scríbhneoir Gaeilge an tríú mír ar an liosta againn an tseachtain seo.

Níos luaithe an mhí seo, rinne Paudie McGahon agallamh le Spotlight agus ina dhiaidh sin le Prime Time. Tá na líomhaintí a rinne sé ag teacht sa mhullach ar chás Mairia Cahill.

Is minic scéalta tromchúiseacha den chineál seo le cloisteáil ar an nuacht, faraor, agus shocraigh Máire Ní Fhinneadha aghaidh a thabhairt ar an gceist le ceann de na hailt is láidre agus is cumhachtaí dár scríobhadh riamh ar Tuairisc.ie ó tháinig sí ar an bhfód.

Ní dhéanann Máire dhá leath dá tuairimí agus níor chuir sí aon fhiacail ann anseo ach oiread. Bunteachtaireacht an ailt: ‘Múinimis do chuile bhuachaillín óg nach arm é a bhod, múinimis do chuile chailín beag gur léi féin amháin a hintinn agus a colainn’.

Ar chúrsaí pleanála teanga a dhírigh sí a haird ina dhiaidh seo. Ciall eile ar fad a bhí ag glúin Mháire leis an bhfocal ‘plean’, mar atá, cleasaíocht, gleacaíocht, séitéireacht, scéiméireacht agus uisce faoi thalamh. Maidir leis na glúnta atá le teacht, is í comhairle Mháire breith orthu sin ‘sula loitfidh ár bhfimínteacht iad’, óir ‘is ar chur i gcéill a mhair tionscal na Gaeilge go dtí seo’, a deir sí.

Ba é an t-alt seo an cúigiú mír ar an liosta againn.

Kevin Hickey

Thar ceann fhoireann Tuairisc.ie

Má bhíonn aon cheist ar mhaith leat go bpléifí ar an gcolún seo í, déan teagmháil le Kevin Hickey ag kevinhickey@tuairisc.ie.

Fág freagra ar 'Ag cur do thuairisce…'