Ag cur do thuairisce…

Colún plé agus eolais dár léitheoirí

Quotations

Duine ar mhór aige mianta léitheoirí ba ea an t-iriseoir Paul Drury. Faoi mar atá cloiste agat cheana gan aon agó, ba ar an Déardaoin a cuireadh Paul i gcré na cille.

Duine de na hiriseoirí ab fhearr aithne sa tír a bhí ann. Ba cholúnaí rialta de chuid Tuairisc.ie é ó seoladh í i mí Dheireadh Fómhair seo caite, go dtí gur buaileadh tinn é le gairid.

Bhí ionadaithe de chuid an Taoisigh agus an Uachtaráin ina measc sin a d’fhreastail ar a shochraid ar an Déardaoin, agus bhí bailiúchán ollmhór d’iriseoirí, d’eagarthóirí agus de chraoltóirí i láthair freisin.

Iriseoir cróga, misniúil ach a bhí dána ó am go chéile freisin, a dúirt cara amháin dó faoi. B’an-fhear comhluadair é agus ba Ghael go smior é.

Go ndéana Dia grásta ar a anam.

I mBéal an Phobail

N’fheadar cad a cheapfadh Paul den méid a tharla sa Dáil i rith na seachtaine, mar ar éirigh idir an Taoiseach, Enda Kenny, agus an Teacht Dála, Mick Wallace, de bharr cúrsaí teanga.

Dhiúltaigh an Taoiseach freagra a thabhairt ar an Teachta Wallace i mBéarla toisc gurbh é ‘Lá na Gaeilge’ é.

Idir an dá linn, in Iarthair na hÉireann, gearradh suas le 240 uair a’ chloig de sheirbhís pobail ar Gordon O’Rourke as na Creagáin i gCois Fharraige, Co. na Gaillimhe, toisc gur lig sé air féin gur fuadaíodh faoi bhéal gunna é mar chuid de phlean €45, 000 a ghoid ó Shiopa an Phobail in Indreabhán.

Cúpla míle siar an bóthar ón siopa céanna, thug fear óg a aghaidh ar Ros Muc d’fhonn ábhar oidí a chur faoi scrúdú.

Ba é an duine sin Pádraic Mac Piarais. Pádhraic eile, Pádhraic Ó Conghaile, ba chúis lena theacht anoir. A mhalairt de threo a thug an Conghaileach air féin roinnt blianta ina dhiaidh sin, nuair a shocraigh sé triall ar Bhaile Átha Cliath.

Is cosúil gur i Reilig Ghlas Naíon atá a bhean, Jane, curtha, ach nach bhfuil seisean curtha in éineacht léi.

B’aisteach le Seosamh Ó Cuaig an méid seo i rith na seachtaine agus d’fhiafraigh sé an mbeadh aon duine sásta an scéal a fhiosrú níos doimhne agus ‘an tóraíocht a chur céim eile’?

Tóraíocht, is dócha, ba chúis le bean óg as an mBrasaíl ligean amach uirthi féin teanga ár sinsear a fhoghlaim. Tóraíocht den saghas a bhí ar bun ag an bPiarsach, b’fhéidir.

Pé ar bith is cúis leis, sin é go díreach atá déanta ag Natália Danzmann. Anuas ar bheith ina Gaeilgeoir líofa, tá an sean-nós ag Natália, agus é sealbhaithe go beacht aici, shílfeá.

Amach ó na scéalta thuasluaite, ba í mír Natália an ceann is mó ar féachadh uirthi le fada ar Tuairisc.ie. Breis agus 5, 000 duine a tháinig chomh fada léi. Cá bhfios nach mbeadh sí ina hábhar spreagtha ag Mick Wallace?! Is iomaí cor sa saol tar éis na mbeart!!

Ná bíodh aon leisce oraibh teagmháil a dhéanamh linn faoi aon ghné d’obair Tuairisc.ie ag nuacht@tuairisc.ie nó ar Facebook nó Twitter.
Kevin Hickey
Thar ceann fhoireann Tuairisc.ie